Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ccolossianaċ 4:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Tiċicus, bráṫair ionṁain, agus ministir dílis, agus cóiṁṡeirḃíseaċ san Tiġearna, ḃéarfaiḋ seisean scéala ḋaoiḃ fám’ ġnóṫaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Foillséoċuiḋ Tiċicus, dearḃráṫair gráḋaċ agus minisdir díleas, agus cóṁṡearḃḟoġantúiḋe sa Dtíġearna, mo ċórsa uile ḋíḃ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ccolossianaċ 4:7
9 Iomraidhean Croise  

Agus do ċuaiḋ ’n‐a ċuideaċtain ċóṁ fada leis an Áise Sópater Ṗirris ó Ḃeréa; agus Aristárċus agus Secundus, Tessalónaiġ; agus Gáius ó Ḋerbé, agus Timóteus; agus Tuċicus agus Trofimus na h‐Áise.


Aċt do ċeapas gur riaċtanaċ Epafróditus, bráṫair, agus ċóṁ‐oibriḋe, agus cóṁṡaiġdiúir liom, agus ḃur dteaċtaire‐se, agus an fear d’ḟóir orm i n‐am mo ġátair, do ċur ċugaiḃ:


mar d’ḟoġlaim siḃ ó Epafras, ár gcóiṁ‐ṡeirḃíseaċ ionṁain, atá ’n‐a ṁinistir dílis do Ċríost ar ár son,


Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé.


mar aon le hOnésimus, bráṫair dílis, ionṁain, duine ḋíḃ féin. Ḃéarfaiḋ siad‐san fios scéil daoiḃ i dtaoḃ gaċ a ḃfuil d’á ḋéanaṁ agam.


Aċt atá Tiċicus curṫa go hEiféis agam.


Nuair ċuirfead Artemas ċugat, nó Tiċicus, déan do ḋíċeall ċum teaċt ċugam go Nicopolis; óir is ann atá ceapṫa agam an geiṁreaḋ do ċur ṫarm.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan