Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ccolossianaċ 4:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Siuḃlaiḋ go stuamḋa i dtaoḃ na ndaoine atá lasmuiġ, ag baint tairḃe as an uain.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Siúḃluiḋ go héagnuiḋe a dtáoḃ na druinge atá a muíṫ, ar mbeiṫ ḋíḃ ag fúasglaḋ na haimsire.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ccolossianaċ 4:5
15 Iomraidhean Croise  

Féaċaiḋ, cuirim uaim amaċ siḃ ar nós caoraċ i measc madaḋ allta: biḋiḋ, d’á ḃriġ sin, ċóṁ glic leis na naṫraċaiḃ niṁe, agus ċóṁ símpliḋe leis na colmaiḃ.


Agus aduḃairt sé leo, Tugaḋ eolas daoiḃ‐se ar rúin‐diaṁraiḃ ríoġaċta Dé: aċt dóiḃ‐sean atá amuiġ, déantar gaċ niḋ i saṁlaoidiḃ:


Óir atá tuairisc ḃur n‐uṁlaċta i mbéal an uile ḋuine. Atá bród orm ’n‐ḃur dtaoḃ, d’á ḃriġ sin: aċt is mian liom siḃ ḃeiṫ glic i dtaoḃ maiṫeasa, agus ḃeiṫ neaṁ‐urċóideaċ i dtaoḃ an uilc.


Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ.


ċum go mba cneasta ḃur n‐iomċar i súiliḃ na ndaoine atá lasmuiġ, gan ganntanas ar biṫ ḃeiṫ oraiḃ.


Ṫairis sin, ní folair deaġ‐ṫeist ḃeiṫ ag na daoiniḃ atá amuiġ air; ar eagla go dtuitfeaḋ sé i scannal agus i ndol an diaḃail.


Má ḃíonn aon duine agaiḃ i n‐uireasbaiḋ eagna, iarraḋ sé ar Ḋia í; is é do‐ḃeir go fial do ċáċ, gan aiṫḃear; agus do‐ḃéarfar dó í.


Cia h‐é an duine agaiḃ atá eagnaiḋe, tuigseanaċ? Taisbeánaḋ sé a ġníoṁarṫa le n‐a ḋeaġ‐iomċar saoġalta, le caoin‐spiorad na h‐eagna.


Aċt an eagnaiḋeaċt atá ó neaṁ anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síoṫċánta, leis sin, ceannsa, so‐ċóṁairleaċ, gan cealg, gan fimíneaċt.


A ṁná, biḋiḋ‐se uṁal, mar an gcéadna, d’ḃur ḃfearaiḃ féin; ionnas, má tá aon ċuid aca naċ n‐uṁluiġeann do’n ḃriaṫar, go mbuaiḋfear orṫa, i n‐éagmais an ḃriaṫair, le deaġ‐iomċar a mbainċéile;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan