Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ fá rud ar biṫ: aċt san uile niḋ cuiriḋ ḃur n‐iarrataisí i n‐uṁail do Ḋia le h‐urnaiġe, agus le h‐aṫċuinġe, agus le breiṫ buiḋeaċais.
Ar an aḋḃar sin, ó’n lá n‐a gcualamar scéala ’n‐a ṫaoḃ, ní scuraimíd de ḃeiṫ ag déanaṁ urnaiġṫe ar ḃur son, agus g‐á iarraiḋ go líonfar siḃ d’eolas a ṫola san uile eagnaiḋeaċt agus tuigsin spioradálta,
Epafras, duine ḋíḃ féin, seirḃíseaċ Íosa Críost, beannuiġeann seisean daoiḃ, agus é ag spairn gan stad ’n‐a urnaiġṫiḃ ar ḃur son, g‐á ġuiḋe go seasfaiḋ siḃ go diongḃálta, lán‐dearḃṫa de ṫoil Dé.