Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ccolossianaċ 4:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 má ṫagann sé ċugaiḃ, glacaiḋ leis), agus Iésus, go dtugtar Iustus mar ainm air; beirt de luċt an timċeall‐ġearrṫa iad‐san: is iad‐san aṁáin do ḃí ’n‐a gcóṁ‐oibriḋṫiḃ i n‐éinḟeaċt liom ar son ríoġaċta Dé, fir do ḃí mar ṡólás croiḋe ḋom.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus Iósa, da ngoirṫear Iustus, noċ as don timċillġearraḋ, A síad aṁáin mo luċd cúngantasa do ċum ríoġaċda Dé, agus a síad bá ḟurtaċd daṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ccolossianaċ 4:11
16 Iomraidhean Croise  

Agus luċt an timċeall‐ġearrṫa do ċreid, an méid díoḃ ṫáinig i n‐éinḟeaċt le Peadar, do ḃí iongnaḋ mór orṫa de ḃriġ gur doirteaḋ tíoḋlacaḋ an Spioraid Naoṁ ar an Cineaḋaċaiḃ féin.


Agus nuair ċuaiḋ Peadar suas go h‐Iarúsalem, do‐rinne luċt an timċeall‐ġearrṫa gearán leis, g‐á ráḋ,


Beannuiġiḋ do Ṗrisca agus d’Acuila, cóṁ‐ṡaoṫraiḋṫe liom i nÍosa Críost,


agus ’n‐a aṫair do luċt an timċeall‐ġearrṫa, toisc naċ é aṁáin gur timċeall‐ġearraḋ iad, aċt go leanann siad lorg an ċreidiṁ do ḃi ag ár n‐aṫair Abraċam an tráṫ ’n‐a raiḃ sé gan timċeall‐ġearraḋ.


Agus ag obair i n‐éinḟeaċt leis dúinne, impiġmíd oraiḃ gan grása Dé do ġlacaḋ go díoṁaoin.


Cuiṁniġiḋ’ d’á ḃriġ sin, siḃ‐se Cineaḋaċa do réir na feola, ar a ḃfuil Neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ tugṫa mar ainm aca‐san ar a dtugtar Timċeall‐ġearraḋ mar ainm, san ḃfeoil, do rinneaḋ le láṁaiḃ,


Agus impiḋim ort‐sa, a ċomrádaiḋe ḋil, congnaṁ do ṫaḃairt do na mnáiḃ úd, óir do ṡaoṫruiġeadar san tsoiscéal i n‐éinḟeaċt liom‐sa, i n‐éinḟeaċt le Clément, leis, agus leis an gcuid eile dem’ ċóṁ‐oibriġṫeoiriḃ, go ḃfuil a n‐ainmneaċa ṫíos i leaḃar na beaṫaḋ.


Tiċicus, bráṫair ionṁain, agus ministir dílis, agus cóiṁṡeirḃíseaċ san Tiġearna, ḃéarfaiḋ seisean scéala ḋaoiḃ fám’ ġnóṫaiḃ.


agus do ċuireamar Timóteus, ar mbráṫair agus ministir Dé i soiscéal Ċríost, ċugaiḃ ċum siḃ do ḋaingniú, agus ċum sólás i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ do ṫaḃairt daoiḃ;


d’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, fuaramar sólás ’n‐ḃur dtaoḃ i lár ár n‐aṁgair agus ár mbuaiḋearṫa uile:


Óir is iomḋa duine míriaġalta atá ann, luċt baoṫ‐ġlóir agus mealltóirí, daoine d’aicme an timċeall‐ġearrṫa go h‐áiriṫe,


Pól, príosúnaċ ar son Íosa Críost, agus Timóteus ár mbráṫair, ċum Filéamóin, cara ionṁain agus cóṁ‐oibriḋe linn,


Marcus, Aristarċus, Démas agus Lúcás, cóṁ‐oibriḋṫe liom.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan