Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ccolossianaċ 3:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Nuair foillseoċar Críost, ár mbeaṫa‐na, foillseoċar siḃ‐se, ċóṁ maiṫ, mar aon leis i nglóir an t‐am sin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 An tan ḟóillséoċṫar Críosd, ar mbéaṫainne, foillséoċṫar siḃse fós an tan sin a nglór má ráon ris.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ccolossianaċ 3:4
36 Iomraidhean Croise  

Annsin béiḋ na fíréin ag soillsiú ar nós na gréine i ríoġaċt a nAṫar. An té ag a ḃfuil cluasa ċum éisteaċta, éisteaḋ sé.


Mar sin is eaḋ ḃéas, an lá ’n‐a ḃfoillseoċar Mac an Duine.


Aduḃairt Íosa léi, Is mise an aiséirġe agus an ḃeaṫa: cibé ċreideas ionnam‐sa, má ġeiḃ sé bás féin, mairfiḋ sé:


Agus má imṫiġim le áit do ċur i n‐áiriṫe ḋaoiḃ, fillfead agus glacfad ċugam féin siḃ; ċum go mbéiḋ siḃ‐se mar a mbéiḋead‐sa, leis.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


A Aṫair, is é is mian liom na daoine ṫugais dom do ḃeiṫ mar a ḃfuilim; go ḃfeicfiḋ siad mo ġlóir, a ṫugais‐se ḋom: óis ṫugais gráḋ ḋom roiṁ ċruṫú an doṁain.


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


agus do ṁarḃaḃar Uġdar na beaṫaḋ; do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ; go ḃfuilmíd ’n‐ár ḃfiaḋnaiṫiḃ air.


Óir measaim‐se naċ fiú an méid ḟulaingmíd fá láṫair do ċur i gcóiṁeas leis an nglóir foillseoċar ionnainn.


Mar tá ar cruṫuiġeaḋ ag fuireaċ go fonnṁar ar ṫaiḋḃsiú maicne Dé.


ar ṁoḋ naċ ḃfuil bronntanas ar biṫ i n‐easnaṁ oraiḃ; ag fanaṁain daoiḃ go ḃfoillsiġṫear ár dTiġearna Íosa Críost;


curtar é i n‐easonóir; éiriġeann sé i nglóir: curtar é i laige; éiriġeann sé i neart: curtar é mar ċorp nádúrṫa;


Óir, ár gcráḋ beag éadtrom, naċ maireann aċt tamall gearr, soláṫruiġeann sé ḋúinn carn glóire síorraiḋe atá gan ċuimse;


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


an té ċuirfeas malairt croṫa ar ċorp so ár h‐uṁlaiḋeaċta, ċum go ndéanfar cosṁail é le n‐a ċorp glórṁar féin, do réir an ċumais atá aige ċum gaċ uile niḋ do ṫaḃairt fá n‐a ċeannas féin.


’n‐a ḋiaiḋ sin tógfar sinne atá fágṫa beo i n‐éinḟeaċt leo ins na néalltaiḃ ċum dul i ndáil an Tiġearna san spéir: agus béiḋmíd mar sin go síorraiḋe i ḃfoċair an Tiġearna.


an aiṫne seo do ċoiṁeád gan smál, gan loċt go teaċt ár dTiġearna Íosa Críost:


Pól, abstal Íosa Críost, tré ṫoil Dé, do réir geallaṁna na beaṫaḋ atá i nÍosa Críost,


ó’n am so amaċ is í coróin na fíréantaċta atá i ndán dom, coróin ḃéarfas an Tiġearna, breiṫeaṁ fíréan, dom san ló úd, agus ní daṁ‐sa aṁáin, aċt do na daoiniḃ go léir gur geal leo a ṫeaċt.


ag fanaṁain le dóċas beannuiġṫe agus le taisbeánaḋ glóire an Dé ṁóir agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost;


ar an gcuma ċéadna, foillseoċar Críost gan peacaḋ, an dara h‐uair, do na daoiniḃ atá ag fanaṁain leis, ċum a slánuiġṫe, tar a éis dó a íoḋbairt féin an t‐aon uair aṁáin ċum peacaiḋe móráin d’iomċar.


D’á ḃriġ sin, ag teannaḋ ḃur n‐intinne, biḋiḋ stuama, agus bíoḋ ḃur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiuḃarfar daoiḃ le foillsiú Íosa Críost;


Agus nuair foillseoċar an tÁrd‐Aoḋaire, ġeoḃaiḋ siḃ coróin na glóire naċ dtéiġeann i n‐éag.


Anois, a ċlann ḃeag, cóṁnuiġiḋ ann, ionnas, má foillsiġtear é, go mbéiḋ uċtaċ againn, gan náire ḃeiṫ orainn nuair ṫiocfas sé.


A ċáirde ionṁaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsiġeaḋ fós créad atá i ndán dúinn. Atá a ḟios againn, nuair foillseoċar é, go mbéiḋmíd cosṁail leis; óir ċífimíd é do réir mar tá sé.


An té go ḃfuil an Mac aige, atá an ḃeaṫa aige; an té naċ ḃfuil Mac Dé aige, ní ḟuil an ḃeaṫa aige.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó ḃur gcongḃáil slán ó ṫuisleaḋ, agus ḃur gcur i láṫair a ġlóire gan smál,


An té go ḃfuil cluas aige, éisteaḋ sé le n‐a ḃfuil ag an Spiorad d’á ráḋ leis na h‐eaglaisiḃ. An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad dó‐san toraḋ le n’iṫe de ċrann na beaṫaḋ atá i bpárrṫas Dé.


Agus do ṫaisbeáin sé ḋom aḃa uisce na beaṫaḋ, ċóṁ deallraṁaċ le criostal, ag teaċt amaċ ó riġ‐ċaṫaoir Dé agus an Uain.


Is beannuiġṫe na daoine niġeas a róbaí, ċum go mbéiḋ cead ċum crainn na beaṫaḋ aca, agus go raċaiḋ siad ṫar na geataiḃ isteaċ san gcaṫair.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan