Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ccolossianaċ 3:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Ní ḟuil Gréagaċ ná Iúdaċ ann, ní ḟuil timċeall‐ġearraḋ ná neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, barbaraċ, Scitiḋeaċ, daor ná saor ann, aċt is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Mar naċ ḃfuil Gréugaċ agus Iúduiġe, timċillġearraḋ agus neaṁṫimċillġearraḋ, duine barbarṫa, agus Scitían, dáor agus sáor: aċd Críosd na uile agus ann sna huiliḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ccolossianaċ 3:11
54 Iomraidhean Croise  

D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Má tá gráḋ ag duine ḋom, ċoiṁéadfaiḋ sé mo ḃriaṫar: agus béiḋ gráḋ ag an Aṫair ḋó, agus tiocfaimíd ċuige, agus déanfaimíd cóṁnaiḋe ’n‐a ḟoċair.


Is mise an ḟíneaṁain, is siḃ‐se na craoḃaċa: An té ḟanas ionnam‐sa, agus go ḃfanaim‐se ann, do‐ḃeir seisean mórán torṫa: óir im’ éagmais‐se ní ḟéadann siḃ éinniḋ do ḋéanaṁ.


mise ionnta‐san, agus tusa ionnam‐sa; ċum go mbéidís ’n‐a n‐aon go h‐iomlán; go mbéaḋ a ḟios ag an saoġal gur ċuiris uait mé, agus go dtugais gráḋ ḋóiḃ‐sean, fá mar ṫugais gráḋ ḋaṁ‐sa.


Ċum go loirgfiḋ an ċuid eile de na daoiniḃ an Tiġearna, Agus na Cineaḋaċa, ar a nglaoḋtar m’ainm,


Agus do ḃí an luċt áitreaḃṫa an‐ċineálta linn: óir d’ḟaduiġeadar teine, agus do ġlacadar ċuca sinn uile, mar ġeall ar an mbáistiġ do ḃí ann, agus mar ġeall ar an ḃfuaċt.


Agus nuair ċonnaic an luċt áitreaḃṫa an ṗiast ar liobarnaiġ ar a láiṁ, aduḃradar le ċéile, Gan aṁras, is dúnṁarḃṫóir an duine seo, agus, bíoḋ go dtáinig sé slán ó’n ḃfairrge, ní leigeann díoġaltas Dé ḋó ḃeiṫ beo.


Táim fá ċomaoin ag Gréagaċaiḃ agus ag Barbaraċaiḃ, ag luċt céille agus ag luċt diṫ‐céille.


Óir ní ḟuil deifir ar biṫ idir an Iúdaċ agus an Gréagaċ: mar is ionann Tiġearna do’n uile ḋuine, agus atá saiḋḃreas aige do gaċ duine ġlaoḋas air:


is í sin fíréantaċt Dé tré ċreideaṁ i nÍosa Críost do na daoiniḃ ċreideas; óir níl aon idirḋealḃaḋ ann;


An é Dia Dia na n‐Iúdaċ aṁáin?


Óir i n‐aon Spiorad aṁáin is eaḋ do baisteaḋ sinn ċum aon ċorp aṁáin do ḋéanaṁ, is cuma cia aca lúdaiġ nó Gréagaiġ sinn, nó cia aca daor nó saor dúinn; agus gur ólamar uile de’n aon Spiorad aṁáin.


Mar sin de, muna dtuigim‐se briġ an ġoṫa, béiḋead im’ ċoigríoċaċ ag an té laḃras, agus béiḋ an té laḃras ’n‐a ċoigríoċaċ agam‐sa.


Ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, agus ní h‐éinniḋ an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt is é an t‐iomlán uṁlú d’aiṫeanta Dé.


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


gur ab í a ċorp í, iomláine an te líonas an t‐iomlán ar fad.


Óir is eisean ár síoṫċáin, an té do rinne aon duine aṁáin de’n dís, agus do leag balla láir na teorann,


tar a éis dó an náiṁdeaċas do ċur ar ceal tré n‐a ḟeoil, is é sin dliġe na h‐aiṫeanta i reaċtaiḃ; ċum aon duine nua aṁáin do ḋéanaṁ de’n dís,


ċum go ndéanaiḋ Críost cóṁnaiḋe ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ tré ċreideaṁ: ar ṁoḋ, ar mbeiṫ ḋaoiḃ fréaṁuiġṫe agus bunuiġṫe i ngráḋ,


is é sin go ḃfuil na Cineaḋaċa ’n‐a gcóṁ‐oiḋriḃ, agus ’n‐a gcóṁṗáirtiḋṫiḃ san ngeallaṁain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnaḋ seirḃíseaċ díom‐sa ḋe,


agus a ḟios agaiḃ, cibé niḋ fóġanta do‐ġní gaċ aoinneaċ, go ḃfaiġiḋ sé cúiteaṁ arís ó’n Tiġearna, má’s daor nó saor é.


agus is ann atá gaċ niḋ go h‐iomlán agaiḃ‐se, san té is árd‐ċeann ar gaċ flaiṫeas agus ar gaċ cuṁaċt,


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


Cibé duine ṫéiġeas ceann ar aġaiḋ agus naċ gcóṁnuiġeann i dteagasc Ċríost, ní ḟuil Dia aige: cibé duine ċóṁnuiġeas san teagasc sin atá an tAṫair agus an Mac aige.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan