agus gur ṫuirling an Spiorad Naoṁ i rioċt corporḋa, i gcruṫ cuilm air, agus ṫáinig an guṫ as na flaiṫeasaiḃ, Is tusa mo Ṁac ionṁain; is ionnat‐sa atá mo ṁór‐aoiḃneas.
Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.
Aċt má ġním iad, muna gcreideann siḃ mise, creidiḋ na h‐oibreaċa: ionnas go mbéiḋ a ḟios agaiḃ agus go dtuigfiḋ siḃ go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa, agus go ḃfuilim‐se san Aṫair.
D’á ḃriġ sin, ó’s de ṡlioċt Dé sinn, ní cóir ḋúinn a ṁeas gur cosṁail Dia le h‐ór, ná le h‐airgead, ná le cloiċ, do greanaḋ le h‐ealaḋain nó le h‐inntleaċt daonna.
Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.
Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.