Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ccolossianaċ 2:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Adeirim an méid seo ar eagla go meallfaḋ aoinneaċ le clisteaċt cainnte siḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Aċd a deirim so, deagla go meallfaḋ éunduine siḃ ré hóraḋ bríaṫar:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ccolossianaċ 2:4
28 Iomraidhean Croise  

Óir éireoċaiḋ Críostanna bréige, agus fáiḋe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantaisí móra, d’ḟonn na fíréin toġṫa féin do ṁeallaḋ, má’s féidir é.


Agus d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Taḃraiḋ aire ar eagla go meallfaiḋ aoinneaċ siḃ.


óir éireoċaiḋ Críostanna bréige agus fáiḋe bréige, agus taisbéanfaid‐sean cóṁarṫaí agus iongantais, d’ḟonn na fíréin féin do ṁeallaḋ, dá mb’ ḟéidir é.


agus éireoċaiḋ daoine ḋíḃ féin, laḃarfas as saoḃċainnt, d’ḟonn na deisceabail do ṫarraing ’n‐a ndiaiḋ.


Agus ní briaṫra blasta gliocais do ḃí im’ ċainnt agus im’ ṡeanmóireaċt, aċt lán‐dearḃú an Spioraid agus cuṁaċt:


Aċt is eagal liom, fá mar ṁeall an naṫair Éaḃa le n‐a ġliocas, go dtruailleoċaiḋe ḃur smaointe ar aon ċor ó’n tsimpliḋeaċt agus ó’n ngeanmnaiḋeaċt i dtaoḃ Ċríost.


agus sin mar ġeall ar na bráiṫriḃ bréige tugaḋ isteaċ os íseal, agus d’éaluiġ isteaċ os íseal ċum spiaḋ‐aireaċt do ḋéanaṁ ar ár saoirse atá againn i nÍosa Críost, ag súil le n‐ár dtaḃairt fá ḋaoirse:


ċum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas naċ mbéidmíd feasta ’n‐ár leanḃaiḃ, d’ár luascaḋ siar, aniar, d’ár scuabaḋ ċum siuḃail ag gaċ gaoiṫ teagaisc, ag cleasaiḋeaċt luċt ceilge, ag a gclisteaċt ċum mealltóireaċta:


Is é adeirim d’á ḃriġ sin, agus ḟógraim daoiḃ san Tiġearna, gan siuḃal feasta ar nós na gCineaḋaċ,


Ná meallaḋ aoinneaċ le baoṫ‐ċainnt siḃ: óir is de ḋeascaiḃ neiṫe d’á leiṫéidiḃ sin atá díḃeirg Dé ag teaċt ar ċlainn na h‐easuṁlaċta.


Ná leigiḋ d’aon duine ḃur luaiġeaċt do ṁeallaḋ uaiḃ, g‐á ṡásaṁ féin fá scáṫ uṁlaċta ḋá deoin féin agus le h‐aḋraḋ do ṫaḃairt d’aingliḃ, ag seasaṁ ar a ḃfaca se, agus é d’á ṫeannaḋ le h‐uaḃar ag a céadfaiḋiḃ colnaiḋe féin,


Seaċnaiḋ an meallfaḋ aoinneaċ le n‐a ḟeallsaṁnaċt agus le n‐a ḃaoṫ‐ṫeagasc siḃ, do réir béaloidis daoine, do réir dúla an doṁain, agus ní do réir Ċríost:


Aċt seaċain baoṫġlór neaṁ‐ḋiaḋa; óir raċaiḋ siad níos faide ar aġaiḋ i neaṁ‐ḋiaḋaċt;


Aċt éireoċaiḋ droċ‐ḋaoine agus mealltóirí níos measa agus níos measa, ag meallaḋ agus d’á meallaḋ féin.


A ċlann ḃeag, atá an uair ḋeiriḋ ann: agus mar ċualaḃar go ḃfuil ainċríost le teaċt, atá á lán ainċríost ann ċeana féin; air so aiṫniġmíḋ go ḃfuil an uair ḋeiriḋ ann.


Do scríoḃas an méid seo ċugaiḃ i dtaoḃ na ndaoine do ṡeolfaḋ amuḋa siḃ.


A ċáirde ionṁaine, ná creidiḋ gaċ aon spiorad, aċt déanaiḋ froṁaḋ ar na spioraidiḃ, d’ḟéaċain an ó Ḋia atáid: de ḃriġ go ḃfuil a lán fáiḋe bréige imṫiġṫe amaċ san tsaoġal.


Óir atá a lán mealltóir imṫiġṫe amaċ san tsaoġal, naċ n‐adṁuiġeann Íosa Críost ṫáinig san gcolainn. Atá a leiṫéid seo ’n‐a ṁealltóir agus ’n‐a ainċríost.


Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.


Agus ḃéarfaiḋ luċt áitreaḃa na talṁan aḋraḋ ḋó, gaċ duine naċ ḃfuil a ainṁ scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain do h‐íoḋbaraḋ ó ḃunaḋ an doṁain.


agus do ṫeilg sé isteaċ san duiḃeagán é, agus do ḋún sé é, agus ċuir sé seala air ionnas naċ meallfaḋ sé na ciniḋeaċa a ṫuilleaḋ, nó go raiḃ deireaḋ leis an míle bliaḋain. ’N‐a ḋiaiḋ sin ní foláir a scaoileaḋ ar feaḋ tamaill ḃig.


agus tiocfaiḋ sé amaċ ċum na gciniḋeaċ atá i gceiṫre h‐áirdiḃ an doṁain, Góg agus Magóg, do ṁeallaḋ agus do ċruinniú le ċéile ċum cogaiḋ. Ní lia gaineaṁ na fairrge ’ná iad,


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan