Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ccolossianaċ 2:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Ná leigiḋ d’aon duine ḃeiṫ ’n‐a ḃreiṫeaṁ oraiḃ fá ḃiaḋ, nó fá ḋiġ, nó fá lá féile, nó fá ġealaiġ úir,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Uime sin ná daṁnuiġeaḋ éínneaċ siḃ ar son ḃíḋ, ná ḋíġe, ná a dtáoḃ láe saóire, ná fan ré nuáiḋ, ná a dtáoḃ na sabbóideaḋ:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ccolossianaċ 2:16
42 Iomraidhean Croise  

An rud ṫéiġeas isteaċ sa mbéal, ní h‐é sin ṡaluiġeas an duine; aċt an rud ṫéiġeas amaċ as an mbéal, is é sin ṡaluiġeas an duine.


mar naċ dtéid sé isteaċ ’n‐a ċroiḋe, aċt ’n‐a ḃolg, agus téid sé amaċ sa gcamra? ’g‐a ċur i gcéill gur glan an uile ṡórt biḋ.


aċt scríoḃaḋ ċuca iad féin do ṡeaċaint ar ṫruailleaḋ na n‐íoḋal, agus ar striapaċas, agus ar ḟeoil do taċtaḋ, agus ar ḟuil.


Aċt cad ċuige ḋuit‐se loċt d’ḟáġáil ar do ḃráṫair? nó cad ċuige ḋuit dí‐ṁeas do ċur ar do ḃráṫair? mar seasfaimíd uile os coṁair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Dé.


Coiṁeádann siḃ laeṫe, agus míosa, agus féilte, agus bliaḋanta.


Má’s fíor go ḃfuil siḃ básuiġṫe i n‐éinḟeaċt le Críost ó ḋúlaiḃ an doṁain, cad ċuige ḋaoiḃ géilleaḋ do reaċtaiḃ mar ḋéanfaḋ daoine ṁaireas san tsaoġal so.


Ná biḋiḋ d’ḃur ḃfuadaċ ag teagascaiḃ éagsaṁla, aisteaċa; óir is maiṫ go gcoṫóċaiḋe an croiḋe le grása, ní le biaḋaiḃ do ḃí gan tairḃe ariaṁ do na daoiniḃ do ġnáṫuiġ iad.


naċ ḃfuil ionnta (idir biaḋa, agus deoċa, agus ionnlaiḋṫe éagsaṁla) aċt gnáṫ‐nósanna saoġalta, do cuireaḋ ar bun go dtí aimsir an ċeartuiġṫe.


Ná cáiniḋ a ċéile, a ḃráiṫre. An té ċáineas a ḃráṫair, nó do‐ḃeir breiṫ ar a ḃráṫair, cáineann sé an dliġe agus do‐ḃeir sé breiṫ ar an dliġe: aċt má ḃeireann tú breiṫ ar an dliġe, ní duine uṁluiġeas do’n dliġe ṫú, aċt is breiṫeaṁ ṫú.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan