8 agus do ċuir ḃur ngráḋ san Spiorad i dtuigsin dúinn.
8 Noċ fós do ḟoillsiġ ḋúinne ḃur ngráḋsa trés an Sbioruid.
Óir ní curtar aon niḋ i ḃfolaċ, aċt ċum go noċtfar é; ná ní dearnaḋ aon niḋ fá rún, aċt ċum go dtiocfaiḋ sé ċum solais.
Anois, a ḃráiṫre, impiḋim oraiḃ, i n‐ainm ár dTiġearna Íosa Críost, agus as uċt gráḋa an Spioraid, cuidiú liom‐sa ag guiḋe ċum Dé ar mo ṡon;
agus ní náiriġeann an dóċas, de ḃriġ go ḃfuil gráḋ Dé doirtiġṫe ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ tríd an Spiorad Naoṁ tugaḋ ḋúinn.
Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,
ó ċualamar tráċt ar ḃur gcreideaṁ i nÍosa Críost, agus ar an ngráḋ atá agaiḃ do na naoṁaiḃ go léir,
Óir ní spiorad eagla ṫug Dia ḋúinn, aċt spiorad cuṁaċta, agus gráḋa, agus ciallḋaċta.
Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile: