Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ḃfilippiánaċ 4:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Bíoḋ ḃur gcaoiṁe soiléir do’n uile ḋuine. Atá an Tiġearna i gcóṁgar.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Bíoḋ suáiṁneas ḃur ninntinne follas do na huile ḋaóiniḃ. Atá an Tíġearna láiṁ riḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ḃfilippiánaċ 4:5
25 Iomraidhean Croise  

D’á ḃriġ sin adeirim liḃ, Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ i dtaoḃ ḃúr mbeaṫaḋ, mar ġeall ar a n‐íosaiḋ siḃ, nó mar ġeall ar a n‐ólfaiḋ siḃ; ná i dtaoḃ ḃúr gcuirp, mar ġeall ar an gclúdaċ ḃéas oraiḃ. Naċ mó an t‐anam ’ná an biaḋ, agus an corp ’ná an t‐éadaċ?


D’á ḃriġ sin, ná bíoḋ imniḋe oraiḃ i dtaoḃ an lae amáraċ: óir béiḋ a ċúram féin ar an lá amáraċ. Ní beag do’n lá a ċion féin de’n olc.


Aċt taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, ar eagla go mbéiḋ dúire croiḋe oraiḃ le craos, agus le meisce, agus le cúramaiḃ an tsaoġail seo, agus go otiocfaiḋ an lá sin go h‐obann oraiḃ ar nós gaiste:


Cibé duine naċ ngráḋuiġeann an Tiġearna, bíoḋ sé anátema.


Ċeana féin is mór an loċt oraiḃ ḃeiṫ ag dul ċum dliġe le n‐a ċéile. Cad ċuige ḋaoiḃ gan fulang leis an éagcóir? Cad ċuige ḋaoiḃ gan fulang leis an ḃfeall?


D’á ḃriġ sin, má ḃeir biaḋ aḋḃar scannail dom’ ḃráṫair, ní íosad feoil go deo, ar eagla go gcuirfinn ceap tuisliḋ roiṁ mo ḃráṫair.


Agus gaċ duine ṫéiġeas san iomaiḋeaċt cleaċtann sé smaċt do ċoiṁeád air féin ar gaċ sliġe. Agus do‐ġní siad‐san sin ċum coróin truailliġṫe do ḃuaḋaċtain; aċt doġnímíd‐ne é ċum coróin neaṁ‐ṫruailliġṫe do ḃuaḋaċtain.


Anois, aṫċuinġim‐se, Pól, ḃíos úiríseal ’n‐ḃur measc, agus mé ’n‐ḃur láṫair, aċt ḃíos an‐dána ’n‐ḃur dtaoḃ agus mé as láṫair, as uċt caoiṁe agus mánlaċta Ċríost, impiḋim oraiḃ,


impiḋmíd oraiḃ, a ḃráiṫre, gan leigean d’ḃur n‐aigne ḃeiṫ corruiġṫe go luaṫ, ná ḃeiṫ buaiḋearṫa ag spiorad, nó ag focal, nó ag eipistil, mar ḃeaḋ uainne, g‐á ráḋ go ḃfuil lá an Tiġearna ann de láṫair.


gan olc do laḃairt i dtaoḃ aon duine, gan ḃeiṫ bruiġeanaċ, ḃeiṫ ceannsa, ag taisbeáint gaċ macántaċta do gaċ uile ḋuine.


gan cóṁċruinniú: gceann a ċéile do ṫréigean, ar nós daoine áiriṫe, aċt ḃeiṫ ag gríosaḋ a ċéile; go mórṁór de ḃriġ go ḃfeiceann siḃ an lá ag druidim linn.


Óir tar éis tamaill ḃig, Tiocfaiḋ an té atá le teaċt, agus ní ḋéanfaiḋ sé moill.


ar lorg na h‐aimsire, nó cóṁarṫa na h‐aimsire d’ḟoillsiġ Spiorad Ċríost do ḃí ionnta, nuair ṫug sé fios roiṁ ré i dtaoḃ a raiḃ le fulang ag Críost, agus i dtaoḃ na glóire do ḃí le leanaṁain ’n‐a ḋiaiḋ.


Aċt atá deireaḋ gaċ éinniḋ i gcóṁgar: biḋiḋ céilliḋe d’á ḃriġ sin, go h‐aireaċ ’n‐ḃur n‐urnaiġṫiḃ.


An té atá ’n‐a ḟiaḋnaiḋe ar na neiṫiḃ seo, adeir sé, Is aṁlaiḋ atá: atáim ag teaċt go luaṫ. Amen: tar, a Ṫiġearna Íosa.


Agus féaċ, atáim ag teaċt go luaṫ. Is aoiḃinn do’n té ċoiṁeádas briaṫra tarngaireaċta an leaḃair seo.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan