Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ḃfilippiánaċ 4:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Atá gaċ niḋ go h‐iomadaṁail agam: atá mo lán‐dóṫain agam, óir na neiṫe ṫáinig uaiḃ‐se, atá mar ḃolaḋ deaġ‐ċuṁra, íoḋbairt ionġlacṫa, taiṫneaṁaċ ag Dia, fuaras ó Epafróditus iad.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Fuáir mé a nois na huile neiṫe, agus atá mo ṫeannṡáiṫ agum: do líonaḋ mé, ar nglacaḋ ḋaṁ ó Epaṗrodítus na neiṫe ṫáinic uáiḃse, an balaḋ ḋeaġḃaluiḋ, an níoḋbairt ṫaitneaṁaċ, ar a ḃfuil gean ag Día.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ḃfilippiánaċ 4:18
15 Iomraidhean Croise  

Agus aduḃairt seisean, ag féaċaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Ṫiġearna? Agus aduḃairt sé leis, Atá t’urnaiġṫe agus do ċuid déirce imṫiġṫe suas mar ċuiṁneaċán i láṫair Dé.


Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, d’á ḃriġ sin, as uċt trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫairgsin mar ḃeoíoḋbairt naoṁṫa ṫaiṫneaṁaċ do Ḋia, mar is gníoṁ aḋarṫa réasúnta agaiḃ é.


Do ċreaċas eaglaisí eile, ag glacaḋ tuarastail uaṫa ċum seirḃís do ḋéanaṁ ḋaoiḃ‐se;


Óir ní h‐é aṁáin go ḃfóireann miniostrálaċt an ċonganta so ar riaċtainisiḃ na naoṁ, aċt leanann mórán buiḋeaċais do Ḋia d’á ḃárr;


agus siuḃlaiḋ i ngráḋ, fá mar ġráḋuiġ Críost siḃ‐se, agus ṫug é féin ar ár son, ’n‐a ṫoirbirt agus ’n‐a íoḋbairt ḋeaġ‐ċuṁra do Ḋia.


Is eol dom cionnas ḃeiṫ úiríseal, agus ḃeiṫ ar mo lánṁian: ar gaċ sliġe agus san uile niḋ d’ḟoġlaimeas cionnas ḃeiṫ sáiṫeaċ, agus cionnas ḃeiṫ ocraċ, cionnas ḃeiṫ i ḃflúirse, agus cionnas ḃeiṫ i ngátar.


Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;


Aċt ná déanaiḋ dearmad ar ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ agus ar ḟéile do ċleaċtaḋ: óir taiṫneann íoḋbarṫa d’á leiṫéidiḃ sin le Dia.


Biḋiḋ‐se, mar an gcéadna, mar ċloċa beo d’á gcur le ċéile ċum teaċ spioradálta do ṫógáil, ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur sagartaċt naoṁṫa, ċum íoḋbarṫa spioradálta ṫaiṫneas le Dia tré Íosa Críost, d’ofráil.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan