Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ḃfilippiánaċ 3:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 gur ab é a ndamnú a ndeireaḋ, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐aḋḃar maoiḋṁeaċais a náire, dream ċuireas a ndúil i neiṫiḃ saoġalta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agár ab damnuġaḋ a gcríoċ ḋeiġeanaċ, agus agar ab é a Ndía a mbolg, agus agá dtéid an ġlóir a náire ḋóiḃ, noċ smuáineas ar neiṫiḃ talṁuiḋe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ḃfilippiánaċ 3:19
52 Iomraidhean Croise  

Aċt d’iompuiġ seisean, agus aduḃairt sé le Peadar, Druid siar uaim, a Ṡátain: atáir‐se id’ ċeap tuisle ḋom: óir ní ḟuil do ḋearcaḋ ar a mbaineann le Dia, aċt ar a mbaineann le daoiniḃ.


Annsin adéarfaiḋ sé leo‐san ḃéas ar a láiṁ ċlé, Imṫiġiḋ uaim, a ḋaoine malluiġṫe, isteaċ sa teiniḋ ṡíorraiḋe do h‐ullṁuiġeaḋ do’n diaḃal agus d’á aingliḃ:


Agus adéarfad lem’ anam, A anam, atá dóṫain ṁór maoine curṫa i dtaisce agat i gcóṁair mórán bliaḋan le teaċt; ceap do ṡuaiṁneas, bí ag iṫe, agus bí ag ól, agus bí súgaċ.


Agus do ḃí fear saiḋḃir ann, ar a mbíoḋ éadaċ corcra agus línéadaċ mín, agus é ag déanaṁ fleiḋe le sáiṁe gaċ lá:


Agus ní ḋéanfaḋ seisean é ar feaḋ tamaill: aċt ’n‐a ḋiaiḋ sin aduḃairt sé leis féin, Giḋ naċ ḃfuil eagla Dé orm, ná beann ar ḋaoiniḃ agam;


Óir ní do’n Tiġearna Críost atá a leiṫéidí ag déanaṁ seirḃíse, aċt d’á mbolg féin; agus tá siad ag meallaḋ croiḋeaċa na ndaoine simpliḋe le blastaċt cainnte agus le bladaireaċt.


Cia an tairḃe, d’á ḃriġ sin, do ḃí agaiḃ de ḃarr na neiṫe úd ċuireas náire oraiḃ anois? óir is é rud ṫagas as na neiṫiḃ úd, an bás.


óir cóṁḟad agus ḃíos formad agus imreasán ’n‐ḃur measc, naċ ḃfuil siḃ colnaiḋe, ag siuḃal ar nós daoine?


Agus atá siḃ uaiḃreaċ, i n‐ionad ḃeiṫ ag déanaṁ bróin, ċum go dtógfaiḋe as ḃur measc an té do ċleaċt an ċuirpṫeaċt so.


Ní maiṫ é ḃur maoiḋṁeaċas. Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ go dtruailliġeann beagán laiḃín an cnap uile?


Aċt an méid do‐ġním, leanfad de, ċum naċ dtugad faill do’n dream gur mian leo faill d’ḟáġáil; ċum go ḃfaiġfiḋe iad ḃeiṫ ċóṁċosṁail linne i dtaoḃ an niḋ atá mar aḋḃar maoiḋṁeaċais aca.


D’á ḃriġ sin, ní h‐aon rud mór a ṡeirḃísiġ ḃeiṫ g‐á n‐aistriú féin i gcló seirḃíseaċ fíréantaċta mar an gcéadna; dream gur do réir a ngníoṁarṫa ḃéas a gcríoċ ḋéiḋeannaċ.


Óir an dream sin féin atá timċeall‐ġearrṫa, ní ċoiṁeádann siad an dliġe; aċt do b’áil leo siḃ‐se ḃeiṫ timċeall‐ġearrṫa, ċum go mbéaḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais aca as ḃur ḃfeoil.


Óir ní h‐iad gnóṫaí Íosa Críost, aċt a ngnóṫaí féin, is cúram leo uile.


Cuiriḋ ḃur ndúil ins na neiṫiḃ atá ṫuas, ní ins na neiṫiḃ atá ar talaṁ.


dream ġeoḃas mar ṗionós léirscrios síorraiḋe ó ġnúis an Tiġearna, agus ó ġlóir a ċuṁaċta,


ċum gaċ dream nár ċreid an ḟírinne aċt do ċuir dúil san éagcóir, do ṫaḃairt fá ḃreiṫeaṁnas.


Annsin is eaḋ foillseoċar an duine míriaġalta go marḃóċaiḋ an Tiġearna Íosa le h‐anáil a ḃéil é, agus go scriosfaiḋ sé le n‐a ṫeaċt agus le n‐a ṫaiḋḃsiú é.


conspóidí daoine droċ‐aigeantaċ atá dall ar an ḃfírinne, ṁeasas gur aḋḃar tairḃe an cráḃaḋ.


béiḋ siad ’n‐a ḃfealltóiriḃ, béiḋ siad ceanndána, lán d’uaḃar, gur mó a ndúil i bpléisiúr ’ná i nDia;


Aċt anois do‐ġní siḃ mórḋáil ’n‐ḃur smaointiḃ uaiḃreaċa: droċ‐niḋ is eaḋ maoiḋṁeaċas d’á leiṫéid sin.


Aċt d’éiriġ fáiḋe bréige i measc an ṗobail, agus béiḋ luċt teagaisc ḃréige ’n‐ḃur measc‐na, leis, daoine ḃéarfas isteaċ siosmaí millteaċa, ag séanaḋ an Ṁáiġistir féin do ċeannuiġ iad, ag tarraing scriosta obainn orṫa féin.


agus do‐ġeoḃaiḋ siad tuarastal a gcuirpṫeaċta. Is geal leo mar ṗléisiúr ḃeiṫ ag dreaḃlas i lár an lae; dream salaċ, máċaileaċ, iad go scléipeaċ ’n‐a ḃféastaiḃ gráḋa, ag caiṫeaṁ fléiḋe ḋóiḃ ’n‐ḃur gcuideaċtain.


Agus le sainnt déanfaiḋ siad aḋḃar ceannaiḋeaċta ḋíḃ le briaṫraiḃ mealltaċa: dream go ḃfuil a mbreiṫeaṁnas le tamall fada anois ag teannaḋ leo, agus naċ ḃfuil a scrios ag fanaṁain fá ṡuan.


Aċt laḃrann an dream so go masluiġṫeaċ i dtaoḃ neiṫe naċ ḃfuil aon eolas aca orṫa: agus na neiṫe go ḃfuil eolas ó ḋúṫċas aca orṫa, truailliġeann siad féin ionnta ar nós ainṁiḋṫe gan réasún.


Luċt claṁsáin, luċt cannráin is eaḋ a leiṫéidí, ag siuḃal do réir a n‐ainṁianta féin (agus focail ṁóra, maoiḋteaċa ’n‐a mbéal aca), ag taḃairt ómóis do ḋaoiniḃ le súil go ḃfaiġiḋ siad brabaċ dóiḃ féin.


Óir atá daoine áiriṫe do ṡleaṁnuiġ isteaċ ós íseal, daoine do réaṁ‐órduiġeaḋ fad ó ċum na daoir‐ḃreiṫe seo, daoine neiṁ‐ḋiaḋa atá ag tionntoḋ grása ár nDé go colnaiḋeaċt, agus atá ag séanaḋ Íosa Críost, ár n‐aon Ṁáiġistir agus ár n‐aon Tiġearna aṁáin.


Dá ṁéid dár éiriġ sí mórtasaċ, sáiṫeaċ i saḋaile, taḃraiḋ‐se ḋi an oiread céadna de ċiapaḋ agus de ḋoilġeas: óir adeir sí ’n‐a croiḋe, Atáim im’ ṡuiḋe im’ ḃainrioġain, ní baintreaḃaċ mé, agus ní ḟeicfead lá bróin.


Agus do gaḃaḋ an t‐ainṁiḋe, agus i n‐éinḟeaċt leis, an fáiḋ bréige do rinne na míorḃailtí ’n‐a ḟiaḋnaise, le n‐ár ṁeall sé an dream do ġlac marc an ainṁiḋe ċuca, agus an dream ṫug aḋraḋ d’á íoṁáiġ. Do teilgeaḋ iad araon beo amaċ i loċ teineaḋ atá ar dearg‐lasaḋ le ruiḃ.


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan