Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ḃfilippiánaċ 3:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 A ḃráiṫre, déanaiḋ‐se aiṫris orm‐sa i n‐éinḟeaċt le ċéile, agus coiṁeádaiḋ súil orṫa‐san leanas do réir an tsompla do‐ḃeirimíd daoiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 A ḋearḃráiṫre, bíġiḋ ré ċéile ḃur luċd leanṁana agumsa, agus taḃruiḋ aire don druing ṡiúḃlas do réir na heasumplára do ḃeirmídne ḋíḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ḃfilippiánaċ 3:17
15 Iomraidhean Croise  

Anois, a ḃráiṫre, impiḋim oraiḃ ḃeiṫ ar ḃur gcosaint ar an dream do‐ġní siosmaí agus scannail i n‐aġaiḋ an teagaisc atá foġlamṫa agaiḃ; agus druidiḋ uaṫa.


Ná taḃraiḋ aḋḃar scannail do lúdaċaiḃ ná do Ġréagaċaiḃ, ná d’eaglais Dé


Déanaiḋ aiṫris orm‐sa, mar ḋéanaim féin aiṫris ar Ċríost.


Aṫċuinġim oraiḃ, d’á ḃriġ sin, mo lorg‐sa do leanaṁain.


Na neiṫe d’ḟoġlaim siḃ, agus do ċuala siḃ, agus do ċonnaic siḃ ḃeiṫ ionnam‐sa, cleaċtuiġiḋ‐se na neiṫe sin: agus béiḋ Dia na síoṫċána liḃ.


Agus do rinneaḃar aiṫris orainne agus ar an Tiġearna, ó ġlacaḃar an briaṫar i ndóġrainn ṁóir, le h‐áṫas an Spioraid Naoiṁ;


Agus má tá aon duine naċ n‐uṁluiġeann d’ár ḃfocal san eipistil seo, taḃraiḋ aire do’n duine sin, gan dul ’n‐a ċuideaċtain, ċum go gcuirfiḋe náire air.


Óir is eol daoiḃ féin cionnas ba ċeart daoiḃ aiṫris do ḋéanaṁ orainne: óir níor iomċaramar sinn féin go fallsa ’n‐ḃur measc;


Ní h‐é nárḃ é ár gceart é, aċt ċum sompla do ṫaḃairt daoiḃ, ċum go ndéanfaḋ siḃ aiṫris orainn.


Ná leig d’aon duine beag‐is‐fiú do ḋéanaṁ det’ óige; aċt bí id’ eisiompláir do luċt an ċreidiṁ, i mbriaṫraiḃ béil, i mbéasaiḃ, i ngráḋ, i gcreideaṁ, i ḃfíor‐ġlaine.


Cuiṁniġiḋ ar ḃur dtreoraiḋṫiḃ, do laḃair briaṫar Dé liḃ; breaṫnuiġiḋ deireaḋ a saoġal ar talaṁ, agus déanaiḋ aiṫris ar a gcreideaṁ.


gan ḃeiṫ ag déanaṁ máiġistreaċta ar a ḃfuil fá ḃur gcúram, aċt ḃeiṫ ag taḃairt eisiompláire do’n tréad.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan