Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ḃfilippiánaċ 3:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 ċum go ḃfaiġead eolas air, agus ar ċuṁaċt a aiséiriġṫe, agus ar rannṗáirteaċt ’n‐ar ḟulaing sé, dom’ ċur i gcosaṁlaċt leis ’n‐a ḃás;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Ionnus go mbíaḋ aiṫne agum airsion, agus ar ċúṁaċd a eiséirġe, agus ar ċumann a ṗeannuiḋe, ar mbeiṫ ḋaṁ dom ċur a gcosaṁlaċd ċroṫa ré na ḃás;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ḃfilippiánaċ 3:10
34 Iomraidhean Croise  

Aduḃairt seisean leo, Ólfaiḋ siḃ go deiṁin an cupán ólfad‐sa: aċt suiḋe ar mo láiṁ ḋeis, agus ar mo láiṁ ċlé, ní liom‐sa a ṫaḃairt sin uaim, aċt atá sé i ndán dóiḃ‐sean d’á ḃfuil sé ceapṫa ag m’Aṫair.


Ní ḟuil aon duine g‐á ṫógáil uaim, aċt is uaim féin atáim g‐á ṫaḃairt uaim. Atá ar ċumas dom a ṫaḃairt uaim, agus atá ar ċumas dom a ġlacaḋ ċugam arís. Mar sin do ċuir m’Aṫair de ḋualgas orm.


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


is oiḋrí sinn, leis, agus is cóṁ‐oiḋrí le Críost sinn: má’s fíor go ḃfulaingmíd i n‐éinḟeaċt leis, ċum go mbéimís páirteaċ leis ’n‐a ġlóir.


Óir na daoine do réaṁ‐aiṫniġ sé, do réaṁ‐oirdniġ sé iad, ċum go mbéaḋ siad cosṁail le h‐íoṁáiġ a Ṁic, ċum go mbéaḋ seisean ’n‐a ċéid‐ġein i measc mórán bráiṫreaċ.


Mar tá scríoḃṫa, Ar do ṡon‐sa is eaḋ marḃṫar sinn ar feaḋ an lae, Meastar sinn mar ḃéaḋ caoiriġ fá ċóṁair an ḃróiṫiġe.


do ṡaor ó n‐a ċóṁmór sin de ḃás sinn, agus ṡaorfas; go ḃfuil ár muiniġin as go saorfaiḋ sé fós sinn;


Óir dá ṁéid iad pianta Ċríost ionnainn, is móide ár sólás tré Ċríost, leis.


Óir má’s fíor gur céasaḋ é tré laige, maireann sé beo tré ċuṁaċt Dé. Óir atáimíd féin lag i n‐éinḟeaċt leis, aċt mairfimíd beo i n‐éinḟeaċt leis de ḃárr cuṁaċta Dé ’n‐ḃur dtaoḃ.


Do céasaḋ mé mar aon le Críost; agus ní mise ṁaireas beo anois, aċt Críost atá beo ionnam: agus an saoġal ċaiṫim san gcorp, is tré ċreideaṁ ċaiṫim é, creideaṁ i Mac Dé, do ġráḋuiġ mé, agus ṫug é féin ar mo ṡon.


As so amaċ ná cuireaḋ aoinneaċ caṫú orm; óir beirim marcanna Íosa ar mo ċorp.


nó go dtagaimís uile ċum aondaċta an ċreidiṁ agus ċum lán‐eolais ar Ṁac Dé, ċum staide duine lán‐ḟásta,


Go fírinneaċ measaim gur cailleaṁain gaċ uile niḋ ar aon eolais ṡár‐luaċṁair Íosa Críost mo Ṫiġearna: gur ḟulaingeas díṫ gaċ uile niḋ ar a ṡon, agus ní ḟuil de ṁeas agam orṫa aċt mar ḃéaḋ agam ar aoileaċ, ċum go ngnóṫóċainn Críost,


Do‐ġním gáirdeaċas anois i lár mo ḃuaiḋearṫa ar ḃur son, agus líonaim suas im’ ḟeoil féin an méid de ṗiantaiḃ Ċríost atá i n‐easnaṁ ar son a ċuirp,


Agus siḃ‐se do ḃí marḃ de ḋeascaiḃ ḃur gcionnta agus tré neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ ḃur ḃfeola, d’aiṫḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt leisean siḃ, tar a éis dó ár gcionntaí uile do ṁaiṫeaṁ ḋúinn.


Uime sin, má tá siḃ aiséirġṫe i n‐éinḟeaċt le Críost, loirgiḋ na neiṫe atá ṫuas mar a ḃfuil Críost ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeaslaiṁ Dé.


Go mbeannuiġtear Dia, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, d’aiṫġein, do réir a ṁór‐ṫrócaire, sinn ċum beo‐ḋóċais tré aiséirġe Íosa Críost ó na marḃaiḃ,


Agus measaim gur ceart dom, a ḟad is táim san mboiṫ seo, ḃeiṫ ag aṫ‐ḃrostú ḃur gcuiṁne:


Agus is air so aiṫniġmíd go ḃfuil aiṫne againn air, má ċoiṁeádaimíd a aiṫeanta.


Aċt an té ċoiṁeádas a ḃriaṫar, is ann atá gráḋ Dé críoċnuiġṫe. Is air so aiṫniġmíd go ḃfuilmíd ann:


is mise an tosaċ agus an deireaḋ, agus an Té biṫ‐ḃeo; agus do ḃíos marḃ, agus féaċ, atáim beo go saoġal na saoġal, agus atá eoċraċa báis agus ifrinn agam.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan