Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ḃfilippiánaċ 2:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Ar an aḋḃar sin d’árduiġ Dia go mór é, agus ṫug sé ḋó an t‐ainm atá os cionn gaċ ainme eile;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Ar a naḋḃarsin do árduiġ Día é go ro árd mar an gcéudna, agus tug sé ainm ḋó ó cionn gaċ uile anma:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ḃfilippiánaċ 2:9
46 Iomraidhean Croise  

Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ḋaṁ‐sa ag m’Aṫair: agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Mac, aċt ag an Aṫair; agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Aṫair aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a ḟoillsiú ḋó.


Agus ṫáinig Íosa ċuca agus do laḃair sé leo, g‐á ráḋ, Tugaḋ ḋaṁ‐sa gaċ cuṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.


Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ag m’Aṫair daṁ‐sa; agus ní ḟuil a ḟios ag aoinneaċ, aċt ag an Aṫair aṁáin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Aṫair, aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a noċtaḋ ḋó.


ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ niḋ taḃarṫa ’n‐a láiṁ ḋó ag an Aṫair, agus go dtáinig sé ó Ḋia,


Agus ní ḟuilim‐se feasta ar an saoġal, agus atáid‐sean, ar an saoġal, agus atáim ag teaċt ċugat‐sa. A Aṫair Naoṁṫa, congḃuiġ it’ ainm iad‐san ṫugais dom, ċum go mba aon iad, aṁail sinne.


An ḟaid do ḃíos‐sa ’n‐a ḃfoċair, do ċongḃuiġeas it’ ainm‐se iad‐san ṫugais dom, agus do ċosnas iad, agus ní ḋeaċaiḋ aoinneaċ aca amuġa, aċt mac an ṁillte, ċum go gcoiṁlíonfaiḋe an Scrioptúir.


Agus anois, a Aṫair, taḃair‐se glóir ḋaṁ‐sa, i n‐éinḟeaċt leat féin, leis an nglóir do ḃí agam id’ ḟoċair sara raiḃ an doṁan ar bun.


D’árduiġ Dia le n‐a láiṁ ḋeis é ċum ḃeiṫ ’n‐a Ṗrionnsa agus ’n‐a Ṡlánuiġṫeoir, ċum aiṫriġe agus maiṫeaṁnas na bpeacaḋdo ṫaḃairt d’Israel.


ċum an uile niḋ do ċóṁċruinniú i gCríost, nuair ṫiocfaḋ na h‐aimseara ċum críċe, idir a ḃfuil ar neaṁ, agus a ḃfuil ar talaṁ.


Agus is é ceann an ċuirp é, is é sin ceann na h‐eaglaise: is é an príoṁ‐ṫús é, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ; ċum go mbéaḋ an t‐árd‐ġradam aige san uile niḋ.


ċum go nglóiriġtear ainm an Tiġearna Íosa ionnaiḃ, agus go nglóiriġtear siḃ‐se ann, do réir grása ár nDé agus ár dṪiġearna Íosa Críost.


agus d’á ḃriġ sin is mó a ġradam‐san ’ná gradam na n‐aingeal, óir fuair sé ainm mar oiḋreaċt is mó ’ná a n‐ainm‐sean.


Do ġráḋuiġis an ḟíréantaċt, agus d’ḟuaṫuiġis an aindliġe; Uime sin d’ung Dia, do Ḋia‐sa, ṫú Le h‐ola an ġáirdeaċais os cionn do ċompánaċ.


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


Aċt ċímíd Íosa, do rinneaḋ níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feaḋ tamaill ḃig, ċímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’ḟulang, ċum, tré ġrása Dé, go mblaisfeaḋ sé bás ar son gaċ uile ḋuine.


atá ar ḋeasláiṁ Dé, tar a éis dó dul isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ; na h‐aingle, agus na h‐uġdaráis, agus na cuṁaċta ḃeiṫ curṫa fá n‐a ċeannas.


Óir fuair sé onóir agus glóir ó Ḋia an tAṫair, go dtáinig an guṫ ċuige as lár na glóire mór‐ṫaiḋḃsiġe, Is é seo mo Ṁac ionṁain ’n‐a ḃfuil mo ṁór‐aoiḃneas:


óir is ar son an Ainme d’imṫiġeadar gan éinniḋ do ġlacaḋ ó na Cineaḋaċaiḃ.


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Agus do ṡéid an seaċtṁaḋ h‐aingeal; agus do ḃí glórṫa móra ar neaṁ, aduḃairt, Is le n‐ár dTiġearna, agus le n‐a Ċríost ríoġaċt an doṁain: agus riaġlóċaiḋ sé go saoġal na saoġal.


Agus atá ainm scríoḃṫa ar a éadaċ agus ar a ċeaṫraṁain, Rí na Riġṫe, agus Tiġearna na dTiġearna.


An té ḃeireas buaiḋ, do‐ḃéarfad de ċead dó suiḋe síos i n‐éinḟeaċt liom im’ riġ‐ċaṫaoir, fá mar rugas féin buaiḋ, agus do ṡuiḋeas síos i n‐éinḟeaċt lem’ Aṫair ’n‐a riġ‐ċaṫaoir‐sean.


g‐á ráḋ de ġuṫ árd, Is fiú an tUan atá íoḋbarṫa an ċuṁaċt, agus an saiḋḃreas, agus an eagnaiḋeaċt, agus an neart, agus an onóir, agus an ġlóir, agus an molaḋ d’ḟáġáil.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan