Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ḃfilippiánaċ 2:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 agus i rioċt duine ḋó, d’uirísliġ sé é féin, agus do ḃí sé uṁal go dtí an bás, go bás na croise féin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus ar na ḟaġáil a ḃfioġair mar ḋuine, do ísliġ sé é féin, ar mbeiṫ ḋó ar ná ḋéunaṁ úṁal gus an mbás eáḋon bás na croiċe.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ḃfilippiánaċ 2:8
26 Iomraidhean Croise  

agus do ṡoillsiġ a ġnúis ar nós na gréine, agus d’éiriġ a éadaiġe ċóṁ geal leis an solas.


Agus d’imṫiġ sé uaṫa aċar beag, agus do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, má’s féidir é, gaḃaḋ an cupán so uaim: ná déantar, áṁ, mar is toil liom‐sa, aċt mar is toil leat‐sa.


D’imṫiġ sé arís an dara h‐uair, agus do ġuiḋ sé, g‐á ráḋ, A Aṫair, muna féidir go ngaḃfaḋ an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do ṫoil‐se.


Agus le linn guiḋe ḋó, ṫáinig aṫrú gné air, agus d’éiriġ a éadaiġe geal, lonnraċ.


Ní ḟuil aon duine g‐á ṫógáil uaim, aċt is uaim féin atáim g‐á ṫaḃairt uaim. Atá ar ċumas dom a ṫaḃairt uaim, agus atá ar ċumas dom a ġlacaḋ ċugam arís. Mar sin do ċuir m’Aṫair de ḋualgas orm.


aċt ċum go n‐aiṫneoċaḋ an saoġal go ḃfuil gráḋ agam do’n Aṫair, agus gur de réir mar d’órduiġ an t‐Aṫair ḋom do‐ġním. Éiriġiḋ, imṫiġmís as so.


Má ċoiṁéadann siḃ m’aiṫeanta, fanfaiḋ siḃ im’ ġráḋ; fá mar ċoiṁéadas‐sa aiṫeanta m’Aṫar, agus go ḃfanaim ’n‐a ġráḋ.


Aduḃairt Íosa leo, Is é mo ḃiaḋ‐sa toil an té do ċuir uaiḋ mé do ḋéanaṁ, agus a ġnó do ċóiṁlíonaḋ.


I n‐uṁlaċt do séanaḋ a ḃreiṫeaṁnas air: Cia ḟoillseoċas a ġeinealaċ? Óir scriostar a ṡaoġal de’n talaṁ.


Óir fá mar rinneaḋ peacaiġ d’á lán daoine tré easuṁlaċt duine aṁáin,


Óir is eol daoiḃ grása ár dTiġearna Íosa Críost, giḋ go raiḃ sé saiḋḃir, gur éiriġ sé boċt ar ḃur son‐sa, ċum go n‐éireoċaḋ siḃ saiḋḃir de ḃarr a ḃoċtaine‐sean.


D’ḟuascail Críost ó ṁallaċt an dliġe sinn, ag déanaṁ mallaċta ḋe féin ar ár son: óir atá scríoḃṫa, Is malluiġṫe gaċ duine croċtar ar ċrann:


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


Níor ṡeasuiġ siḃ fós go doirteaḋ fola, ag cur i n‐aġaiḋ an ṗeacaiḋ:


an té d’iomċair ár bpeacaiḋe ’n‐a ċorp féin ar an gcrann, ċum, ar mbeiṫ ḋúinn marḃ do’n ṗeacaḋ, go mairfimís do’n ḟíréantaċt; agus do leiġeasaḋ siḃ le n‐a ċneaḋaiḃ.


Óir d’ḟulaing Críost féin, aon uair aṁáin, ar son na bpeacaiḋe, an fíréan i n‐éiric na neiṁḟíréan, ċum sinn do ṫaḃairt ċum Dé; d’á ċur ċum báis san ḃfeoil, aċt d’á ḃeoḋaḋ san spiorad;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan