Óir cia aca is mó, an té atá ’n‐a ṡuiḋe ċum biḋ, nó an té do‐ġní frioṫáileaṁ? Naċ é an té atá ’n‐a ṡuiḋe? aċt atáim‐se i n‐ḃúr measc mar ḋuine do‐ġní frioṫáileaṁ.
cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.
Do ḃíos im’ eisiompláir ḋaoiḃ ins gaċ éinniḋ, g‐á ṫaisbeáint daoiḃ gur ag obair ar an gcuma sin ba ḋual daoiḃ cuidiú leis na daoiniḃ laga, agus cuiṁniú ar ḃriaṫraiḃ an Tiġearna Íosa, mar aduḃairt sé, Is mó is beannuiġṫe bronnaḋ ’ná glacaḋ.
Aċt má ḃíonn doilġeas ar do ḃráṫair mar ġeall ar an mbiaḋ iṫeas tú, ní de réir gráḋa atáir‐se ag siuḃal. Ná cuir i mbealaċ a ḃascṫa led’ ḃiaḋ an duine go ḃfuair Críost bás ar a ṡon.
fá mar iarraim‐se sásaṁ do ṫaḃairt do gaċ duine ins an uile niḋ, gan cuiṁneaṁ ar mo ṫairḃe féin, aċt ar ṫairḃe farasbáirr na ndaoine, ċum go slánóċar iad.