Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ḃfilippiánaċ 2:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 óir ba ṁian leis go mór siḃ‐se go léir d’ḟeicsin, agus do ḃí sé an‐ḃuaiḋearṫa toisc go gcuala siḃ go raiḃ sé tinn:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Oír do ḃí fonn a ċróiḋe ionnuiḃse uile, agus do líonaḋ é do ṫuirse, tré na ċlos dáoiḃse go raiḃ sé lag.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ḃfilippiánaċ 2:26
23 Iomraidhean Croise  

Tigiḋ ċugam‐sa, siḃ uile ar a ḃfuil duaḋ agus trom‐ualaċ, agus do‐ḃéarfad fionnḟuaraḋ ḋaoiḃ.


Agus rug sé leis Peadar agus beirt ṁac Ṡebedé, agus do ṫosnuiġ sé ar ḃeiṫ an‐ḃrónaċ, an‐ḃuaiḋearṫa.


Annsin d’ḟreagair Pól, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag gol agus ag briseaḋ mo ċroiḋe? óir atáim‐se ullaṁ, ní h‐é aṁáin ċum ḃeiṫ ceangailte, aċt fós ċum báis d’fulang i nIarúsalem ar son ainme an Tiġearna Íosa.


Óir is mian liom go mór siḃ d’ḟeicsin, ionnas go roinnfinn tíoḋlacaḋ spioradálta éigin liḃ, ċum go neartóċar siḃ;


Déanaiḋ gáirdeaċas leis na daoiniḃ do‐ġní gáirdeaċas; déanaiḋ gol leis na daoiniḃ do‐ġní gol.


go ḃfuil doilġeas mór agus cráḋ croiḋe gan faoiseaṁ orm.


Agus má ḟulaingeann ball ar biṫ, fulaingeann gaċ aon ḃall eile i n‐éinḟeaċt leis; nó má tugtar onóir do ḃall ar biṫ, bíonn bród ar gaċ ball eile i n‐éinḟeaċt leis.


agus san urnaiġe ḋóiḃ ar ḃur son, leis, bíonn gráḋ aca ḋaoiḃ as uċt mór‐ġrása Dé atá ionnaiḃ.


Tógaiḋ trom‐ualaiġe a ċéile, ag cóiṁlíonaḋ dliġe Ċríost mar sin.


D’á ḃriġ sin iarraim oraiḃ gan dul i laige mar ġeall ar mo ṗiantaiḃ ar ḃur son: is iad ḃur nglóir iad.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas lem’ Ḋia gaċ uair ċuiṁniġim oraiḃ,


Óir is é Dia m’ḟiaḋnaiḋe ar an dúil ṁóir ċuirim ionnaiḃ go léir le caoṁ‐ġráḋ Íosa Críost.


Aċt do ċeapas gur riaċtanaċ Epafróditus, bráṫair, agus ċóṁ‐oibriḋe, agus cóṁṡaiġdiúir liom, agus ḃur dteaċtaire‐se, agus an fear d’ḟóir orm i n‐am mo ġátair, do ċur ċugaiḃ:


agus go deiṁin ḃí sé tinn i rioċt báis; aċt do rinne Dia trócaire air, agus ní h‐airsean aṁáin, aċt orm‐sa, leis, ċum naċ mbéaḋ doilġeas os cionn doilġeasa orm.


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine ’n‐a ḃfuil dúil mo ċroiḋe, agus atá mar ḃród agus mar ċoróin agam, seasaiḋ go daingean san Tiġearna, a ċáirde dílse.


Niḋ is eaḋ é do‐ḃeir aḋḃar gáirdeaċais daoiḃ, bíoḋ, má’s gáḃaḋ é, go ḃfuil atuirse ar feaḋ tamaill oraiḃ mar ġeall ar ċaṫuiġṫiḃ éagsaṁla;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan