Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ḃfilippiánaċ 2:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Aċt atá súil agam san Tiġearna Íosa go gcuirfead Timóteus ċugaiḃ gan ṁoill, ċum go mbéiḋ sólás croiḋe agam féin nuair ḃéas a ḟios agam cionnas mar tá an saoġal agaiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Agus atá muiniġin agum sa Dtíġearna Iósa ré Timoteus do ċur ċuguiḃ go haiṫġearr, ionnus go mbéinn deiġṁeisniġ, ar ḃfaġáil ḟeasa créud as cor ḋíḃse.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ḃfilippiánaċ 2:19
22 Iomraidhean Croise  

Agus is as a ainm‐sean ḃéas muiniġín ag na Geintiḃ.


Agus ṫáinig sé go Derbé agus go Listra, leis: agus féaċ, do ḃí deisceabal annsin, darḃ ainm Timóteus, mac mná Iúdaiġe go raiḃ an creideaṁ aici; aċt ba Ġréagaċ a aṫair.


Agus arís, adeir Ésáias, Béiḋ fréaṁ Iesse ann, Agus an té éireoċas ċum na Cineaḋaiġ do riaġlú, Is as ċuirfeas na Cineaḋaiġ a ndóċas.


Beannuiġeann Timóteus, cóṁ‐ṡaoṫraiḋe liom, agus Lúcias, agus Iásón, agus Sosípatros, mo ḋaoine muinntearḋa, ḋaoiḃ.


Ċuige sin is eaḋ do ċuireas Timótéus ċugaiḃ, mo ṁac ionṁain féin atá díleas san Tiġearna; cuirfiḋ seisean i gcuiṁin daoiḃ mo ṡliġṫe atá i gCríost, mar ṁúinim‐se ins gaċ áit, ins gaċ eaglais iad.


’n‐ar ċuir siḃse, leis, tar a éis daoiḃ briaṫar na fírinne do ċlos, soiscéal ár slánuiġṫe — an té ’n‐ar ċreideaḃar, agus gur cuireaḋ séala Spioraid Naoiṁ na geallaṁna oraiḃ,


Pól agus Timóteus, seirḃísiġ Íosa Críost, ċum na naoṁ uile i nÍosa Críost atá i ḃFilipí, maille leis na h‐easbogaiḃ agus leis na deoċanaiḃ:


agus ar an gcuma ċéadna, déanaiḋ‐se gáirdeaċas agus bród i n‐éinḟeaċt liom.


Uime sin ba ṁóide mo ḋúṫraċt a ċur ċugaiḃ go mbéiḋ luṫġáir oraiḃ nuair ċífeas siḃ arís é, agus go mba luġade mo ḋoilġeas é.


agus do ċuireamar Timóteus, ar mbráṫair agus ministir Dé i soiscéal Ċríost, ċugaiḃ ċum siḃ do ḋaingniú, agus ċum sólás i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ do ṫaḃairt daoiḃ;


D’á ḃriġ sin, nuair nárḃ ḟéidir liom foiḋneaṁ níb’ ḟaide, d’iarras faisnéis d’ḟáġáil i dtaoḃ ḃur gcreidiṁ, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéaḋ caṫú curṫa ag an gcaṫuiġṫeoir oraiḃ, agus go mbéaḋ ár saoṫar i n‐aisce.


Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang na neiṫe seo: aċt ní ḟuil aon náire orm; óir atá a ḟios agam cia ann ar ċreideas, agus atáim cinnte ḋe go ḃfuil ar ċumas dó a ḃfuil curṫa fá n‐a ċúram agam do ċoiṁeád fá ċóṁair an lae úd.


Is é rud ba ċeart daoiḃ a ráḋ ’n‐a ionad sin, Le toil Dé, agus sinn beo, déanfaimíd so nó súd.


ċreideas tríd‐sean i nDia, do ṫóg ó na marḃaiḃ é, agus ṫug glóir dó; ċum go mbéaḋ ḃur muiniġin agus ḃur ndóċas as Dia.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan