Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ḃfilippiánaċ 2:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre ionṁaine, mar ḃí siḃ uṁal i gcóṁnaiḋe, ní h‐é aṁáin im’ láṫair‐se, aċt go mórṁór ar mbeiṫ as láṫair dom, saoṫruiġiḋ amaċ ḃur slánuġaḋ féin le h‐eagla agus le crioṫnú;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Uime sin, a ċaired, aṁuil tug siḃ úṁlaċd uáiḃ a goiṁnuiḋe, ní hé aṁáin dom láṫairse, aċd a nois go mórṁór ar mbeiṫ ḋaṁ ḃur ḃféugṁuis, sáoṫruiġe ḃur slánuġaḋ féin maille ré faitċéas agus ré crioṫnuġaḋ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ḃfilippiánaċ 2:12
41 Iomraidhean Croise  

Agus ó laeṫiḃ Eoin Ḃaiste go dtí anois atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas d’á h‐éigniú, agus is iad luċt foiréiġin ḃíos g‐á fuadaċ.


Tógaiḋ mo ċuing‐se oraiḃ, agus foġlaimiḋ uaim, óir atáim ceannsa agus uṁal im’ ċroiḋe: agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ faoiseaṁ d’ḃúr n‐anmannaiḃ.


Agus do ġlaoḋ sé ar ṡoillsiḃ, agus do léim sé isteaċ, agus do ṫuit sé síos i ḃfiaḋnaise Ṗóil agus Ṡílais,


aċt éiriġ, agus téiġ isteaċ san gcaṫair, agus innseoċar duit créad atá le déanaṁ agat.


an ḃeaṫa ṡíorraiḋe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐ṁarḃṫaċt, ag leanṁaint go foiġdeaċ do ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ:


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.


Agus do ḃíos i n‐éinḟeaċt liḃ i laige, agus i n‐eagla, agus i gcrioṫnú mór.


Ní ċum náire do ċur oraiḃ scríoḃaim na neiṫe seo, aċt ċum teagasc do ṫaḃairt daoiḃ, mar ċlann ionṁain liom.


Agus is mó ’ná sin toil a ċroiḋe‐sean daoiḃ‐se, ag cuiṁneaṁ ḋó ar uṁlaiḋeaċt gaċ duine agaiḃ, mar d’ḟáiltiġ siḃ roiṁe le h‐eagla agus le crioṫnú.


A ṡeirḃíseaċa, biḋiḋ uṁal d’ḃur máiġistriḃ do réir na feola, le h‐eagla agus le crioṫnú, i simpliḋeaċt ḃur gcroiḋe, mar ḋeanfaḋ siḃ do Ċríost é;


Aċt aṁáin caiṫiḋ ḃur saoġal mar d’oirfeaḋ do ṡoiscéal Ċríost; ar ċuma, cia aca ṫigim agus ċím siḃ, nó ḃím as láṫair, go mbéiḋ a ḟios agam ’n‐ḃur dtaoḃ go ḃfuil siḃ ag seasaṁ i n‐aon spiorad aṁáin, siḃ ar aon‐intinn aṁáin ag déanaṁ lán ḃur ndíċill ar son creidiṁ an tsoiscéil;


toisc go ḃfuil bronnta oraiḃ‐se, ar son Ċríost, ni h‐é aṁáin creideaṁain ann, aċt fulang ar a ṡon, leis:


as uċt ḃur gcóṁċáirdeasa i ngnó an tsoiscéil ó’n gcéad lá go dtí anois;


agus atáim cinnte de’n méid seo, an té do ṫosnuiġ ar obair ṁaiṫ ionnaiḃ, go gcóiṁlíonfaiḋ sé go ló Íosa Críost é;


Aċt atá súil agam san Tiġearna Íosa go gcuirfead Timóteus ċugaiḃ gan ṁoill, ċum go mbéiḋ sólás croiḋe agam féin nuair ḃéas a ḟios agam cionnas mar tá an saoġal agaiḃ.


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine ’n‐a ḃfuil dúil mo ċroiḋe, agus atá mar ḃród agus mar ċoróin agam, seasaiḋ go daingean san Tiġearna, a ċáirde dílse.


Agus atá a ḟios agaiḃ féin, a Ḟilipíneaċa, nuair d’imṫiġeas ó’n Maiceadóin, agus an soiscéal ’n‐a ṫús, naċ ndeaċaiḋ eaglais ar biṫ i bpáirt liom fá ḃronnaḋ agus fá ġlacaḋ,


ag síor‐ċuiṁneaṁ ar ḃur ngníoṁarṫaiḃ creidiṁ, agus ar ḃur saoṫar carṫannaċta, agus ar ḃur ndóċas foiḋneaċ as ár dTiġearna Íosa Críost, i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar.


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang an uile niḋ ar son na ndaoine atá toġṫa, ċum go ḃfaiġiḋ siad‐san, leis, an slánuġaḋ atá i nÍosa Críost le glóir ṡíorraiḋe.


D’á ḃriġ sin, ó ṫárla néall ċóṁ mór sin d’ḟiaḋnaiḋṫiḃ ḃeiṫ ’n‐ár dtimċeall, cuirimís dínn gaċ ualaċ, agus an peacaḋ ġreamuiġeas ċóṁ dlúṫ sin dínn, agus riṫimís go foiġdeaċ an cúrsa atá curṫa róṁainn,


Bíoḋ eagla orainn, d’á ḃriġ sin, ċóṁ fada agus fágṫar an ġeallaṁain ċum dul isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, a ṁeas gur ṫeip ar aon duine agaiḃ breiṫ uirṫi.


Uime sin déanaimís díċeall ċum dul isteaċ san tsuaiṁneas sin, ar eagla go dtuitfeaḋ aon duine ’n‐a leiṫéid sin d’easuṁlaċt.


agus tar éis dó teaċt i ḃfoirḃṫeaċt, do ḃí sé mar uġdar slánuiġṫe ṡíorraiḋe do na daoiniḃ go léir uṁluiġeas dó;


A ċáirde ionṁaine, impiḋim oraiḃ, mar ḋeoraiḋṫe agus mar oiliṫriġ, staonaḋ ó na h‐ainṁiantaiḃ colnaiḋe do‐ġní troid i n‐aġaiḋ an anma.


Aċt biḋiḋ ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ġlóir anois agus go síorraiḋe. Amén.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan