Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ḃfilippiánaċ 1:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 óir is ceart dom ḃeiṫ ar an intinn sin ’n‐ḃur dtaoḃ uile, de ḃriġ go ḃfuil siḃ im’ ċroiḋe agam, óir im’ ċuiḃreaċaiḃ, agus ag pléiḋe cúise an tsoiscéil dom agus g‐á ḋaingniú, atá siḃ uile rannṗáirteaċ i ngrása liom.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Már as cóir ḋaṁ an breaṫnuġaḋsa do ḃeiṫ agum oruiḃ uile, do ḃríġ go ḃfuil siḃ agam um ċróiḋe; go raḃaḃair uile páirteaċ ré mo ġrása, ré linn mo ġéiḃeann, agus mo ċosanta agus mo ḋaingniġṫe ar a tsoisgéul.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ḃfilippiánaċ 1:7
34 Iomraidhean Croise  

aċt aṁáin go ḃfuil an Spiorad g‐á ḋearḃú ḋom ins gaċ caṫair gur géiḃeann agus géirleanṁain atá fá mo ċóṁair.


Annsin do ḋruid an t‐árdċaiptín i n‐aice leis, agus rug sé air, agus d’órduiġ sé a ċeangail le ḋá ṡlaḃraḋ; agus d’ḟiafruiġ sé cia arḃ é, agus créad do ḃí déanta aige.


foiḋniġeann sé le gaċ niḋ, creideann sé an uile niḋ, cuireann sé muiniġin as gaċ uile niḋ, fulaingeann sé an uile niḋ.


Agus is ar son an tsoiscéil do‐ġním gaċ niḋ, ċum go mbéinn rannṗáirteaċ ann.


Is siḃ‐se ár litir, atá scríoḃṫa ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, atá d’á ṫuigsin agus d’á léiġeaṁ ag an uile ḋuine;


Ní ċum loċt do ċur ’n‐ḃur leiṫ adeirim é seo, óir aduḃras ċeana go ḃfuil siḃ ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ ċum bás agus beaṫa d’ḟáġáil i n‐éinḟeaċt liḃ.


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa,


Uime sin, impiḋim‐se, príosúnaċ ar son an Tiġearna, impiḋim oraiḃ ḃur saoġal do riaraḋ mar ba ċóir do ḋaoiniḃ fuair an ġairm fuaraḃair‐se, le gaċ uṁlaċt agus ceannsaċt,


go ḃfuilim im’ ṫaiḋleoir fá ċuiḃreaċaiḃ ar a ṡon: ċum go laḃarfad ’n‐a ṫaoḃ gan scáṫ, mar ba ċeart dom laḃairt.


Ba ṁaiṫ liom a ċur i ḃfios daoiḃ, a ḃráiṫre, na neiṫe ṫárla ḋom, gurḃ ḟearr do ċuaiḋ an soiscéal ar aġaiḋ d’á mbárr;


ar ċuma gur léir do luċt an ṗraetórium, agus do gaċ aoinneaċ eile, gur ar son Ċríost atá na cuiḃreaċa orm;


agus go ḃfuil furṁór na mbráṫar san Tiġearna níos daingne go mór ag laḃairt briaṫair Dé gan eagla, agus breis meisniġ ag teaċt orṫa de ḃárr mo ċuiḃreaċ.


as uċt ḃur gcóṁċáirdeasa i ngnó an tsoiscéil ó’n gcéad lá go dtí anois;


Aċt atá a ḟios agaiḃ cionnas ċruṫuiġ sé, gur ṡaoṫruiġ sé mar aon liom‐sa i ngnó an tsoiscéil, mar ḋéanfaḋ mac i n‐éinḟeaċt le n‐a aṫair.


Cia ar biṫ e, is maiṫ do rinne siḃ é, go raiḃ siḃ páirteaċ liom im’ anró.


Agus atá a ḟios agaiḃ féin, a Ḟilipíneaċa, nuair d’imṫiġeas ó’n Maiceadóin, agus an soiscéal ’n‐a ṫús, naċ ndeaċaiḋ eaglais ar biṫ i bpáirt liom fá ḃronnaḋ agus fá ġlacaḋ,


Agus impiḋim ort‐sa, a ċomrádaiḋe ḋil, congnaṁ do ṫaḃairt do na mnáiḃ úd, óir do ṡaoṫruiġeadar san tsoiscéal i n‐éinḟeaċt liom‐sa, i n‐éinḟeaċt le Clément, leis, agus leis an gcuid eile dem’ ċóṁ‐oibriġṫeoiriḃ, go ḃfuil a n‐ainmneaċa ṫíos i leaḃar na beaṫaḋ.


Mo ḃeannaċt uaim‐se Pól, lem’ láiṁ féin. Cuiṁniġiḋ ar mo ċuiḃreaċaiḃ. Grása go raiḃ liḃ.


le breiṫ buiḋeaċais; ag guiḋe orainne ar an am céadna, go ḃfosclóċaiḋ Dia doras do’n ḃriaṫar dúinn, ċum rúindiaṁair Ċríost, go ḃfuilim‐se i gcuiḃreaċaiḃ ar a son, d’innsin;


Clann an tsolais agus clann an lae is eaḋ siḃ go léir; ní daoine de ċlainn na h‐oiḋċe, ná de ċlainn na dorċaċta sinn.


D’á ḃriġ sin ná bíoḋ aon náire ort fá ḟiaḋnaise do ṫaḃairt ar son an Tiġearna, ná fúm‐sa, príosúnaċ ar a ṡon: aċt fulaing cruaḋtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cuṁaċta Dé;


go ḃfuilim ag fulang ar a ṡon i gcuiḃreaċaiḃ aṁail cuirpṫeoir, aċt ní ḟuil briaṫar Dé fá ċuiḃreaċaiḃ.


Ba ṁian liom a ċongḃáil agam féin ċum go ndéanfaḋ sé seirḃís dom it’ ionad‐sa i gcuiḃreaċaiḃ an tsoiscéil:


Uime sin, a ḃráiṫre naoṁṫa, a rannṗáirtiḋṫe san ngairm neaṁḋa, breaṫnuiġiḋ Abstal agus Árd‐Ṡagart an ċreidiṁ adṁuiġmíd, Íosa Críost;


aċt ó tá siḃ rannṗáirteaċ ’n‐ar ḟulaing Críost, déanaiḋ gáirdeaċas; ċum go mbéiḋ áṫas agus árd‐ṁeanma oraiḃ, ċóṁ maiṫ, nuair foillseoċar a ġlóir.


Iarraim d’aṫċuinġe ar na seanóiriḃ ’n‐ḃur measc, mise atá im’ ṡeanóir, ċóṁ maiṫ, agus im’ ḟiaḋnaiḋe ar ar ḟulaing Críost, agus im’ rannṗáirtiḋe, leis, de’n ġlóir foillseoċar:


Agus measaim gur ceart dom, a ḟad is táim san mboiṫ seo, ḃeiṫ ag aṫ‐ḃrostú ḃur gcuiṁne:


Is eol dúinn go ḃfuilmíd aistriġṫe ó’n mbás go dtí an ḃeaṫa toisc gráḋ ḃeiṫ againn do na bráiṫriḃ. An té atá gan gráḋ fanann sé san mbás.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan