Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ḃfilippiánaċ 1:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 as uċt ḃur gcóṁċáirdeasa i ngnó an tsoiscéil ó’n gcéad lá go dtí anois;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Do ḃríġ ḃur gcumuinn ris a tsoisgéul ón gcéud lá gus a nois;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ḃfilippiánaċ 1:5
23 Iomraidhean Croise  

Agus do leanadar go seasaṁaċ de ṫeagasc na n‐abstal, agus de’n ċaradas bráṫarḋa, de ḃriseaḋ an aráin, agus de na h‐urnaiġṫiḃ.


Aċt má tá cuid de na géagaiḃ briste, agus gur nóduiġeaḋ ṫusa ’n‐a measc, ar mbeiṫ ḋuit id’ ola‐ċrann fiaḋain, rann‐ṗáirteaċ leo i ḃfréiṁ agus i suġ an ola‐ċrainn:


go seasṁaċ san urnaiġe; ag caḃrú leis na naoṁaiḃ ’n‐a riaċtainisiḃ; ag cleaċtaḋ na féile.


Óir ba toil le muinntir na Maiceadóine agus na Gréige cóṁ‐roinn do ḋéanaṁ leis na boċtaiḃ atá i measc na naoṁ i nIarúsalem.


Atá Dia fírinneaċ, tré n‐ar glaoḋaḋ siḃ isteaċ i gcóṁċumann a Ṁic Íosa Críost ár dTiġearna.


Anois, a ḃráiṫre, ba ṁaiṫ liom grása Dé tugaḋ i n‐eaglaisiḃ na Maiceadóine do ċur i n‐iúl daoiḃ:


is é sin go ḃfuil na Cineaḋaċa ’n‐a gcóṁ‐oiḋriḃ, agus ’n‐a gcóṁṗáirtiḋṫiḃ san ngeallaṁain atá i nÍosa Críost tríd an soiscéal, go ndearnaḋ seirḃíseaċ díom‐sa ḋe,


Ba ṁaiṫ liom a ċur i ḃfios daoiḃ, a ḃráiṫre, na neiṫe ṫárla ḋom, gurḃ ḟearr do ċuaiḋ an soiscéal ar aġaiḋ d’á mbárr;


do‐ġní dream tré ġráḋ é, agus a ḟios aca gur cuireaḋ mé ċum cúis an tsoiscéil do ṗléiḋe:


Aċt aṁáin caiṫiḋ ḃur saoġal mar d’oirfeaḋ do ṡoiscéal Ċríost; ar ċuma, cia aca ṫigim agus ċím siḃ, nó ḃím as láṫair, go mbéiḋ a ḟios agam ’n‐ḃur dtaoḃ go ḃfuil siḃ ag seasaṁ i n‐aon spiorad aṁáin, siḃ ar aon‐intinn aṁáin ag déanaṁ lán ḃur ndíċill ar son creidiṁ an tsoiscéil;


óir is ceart dom ḃeiṫ ar an intinn sin ’n‐ḃur dtaoḃ uile, de ḃriġ go ḃfuil siḃ im’ ċroiḋe agam, óir im’ ċuiḃreaċaiḃ, agus ag pléiḋe cúise an tsoiscéil dom agus g‐á ḋaingniú, atá siḃ uile rannṗáirteaċ i ngrása liom.


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre ionṁaine, mar ḃí siḃ uṁal i gcóṁnaiḋe, ní h‐é aṁáin im’ láṫair‐se, aċt go mórṁór ar mbeiṫ as láṫair dom, saoṫruiġiḋ amaċ ḃur slánuġaḋ féin le h‐eagla agus le crioṫnú;


Aċt atá a ḟios agaiḃ cionnas ċruṫuiġ sé, gur ṡaoṫruiġ sé mar aon liom‐sa i ngnó an tsoiscéil, mar ḋéanfaḋ mac i n‐éinḟeaċt le n‐a aṫair.


Agus impiḋim ort‐sa, a ċomrádaiḋe ḋil, congnaṁ do ṫaḃairt do na mnáiḃ úd, óir do ṡaoṫruiġeadar san tsoiscéal i n‐éinḟeaċt liom‐sa, i n‐éinḟeaċt le Clément, leis, agus leis an gcuid eile dem’ ċóṁ‐oibriġṫeoiriḃ, go ḃfuil a n‐ainmneaċa ṫíos i leaḃar na beaṫaḋ.


Mar sin de, már áirṁeann tú mise mar ċomrádaiḋe, glac ċugat é mar ġlacfá mé féin.


agaiḃ le meaḃlaireaċt an ṗeacaiḋ óir do rinneaḋ sinn rannṗáirteaċ le Críost, aċt go gcongḃuiġmíd ár gcéad ṁuiniġin go deireaḋ;


Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:


an méid do ċonnacamar agus do ċualamar, is é atá againn d’á ḟógairt daoiḃ‐se, leis, ċum go mbéiḋ cumann agaiḃ‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Aṫair atá ár gcumann, agus le n‐a Ṁac Íosa Críost:


aċt má ṡiuḃlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le ċéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Ṁac ó gaċ peacaḋ sinn.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan