Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;
Do‐ḃeirim buiḋeaċas le Dia, d’á ndéanaim seirḃís le coinsias glan, fá mar rinne mo ṡinnsir, go mbím ag síor‐ċuiṁneaṁ ort im’ urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló,