Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ḃfilippiánaċ 1:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 ar ċuma gur léir do luċt an ṗraetórium, agus do gaċ aoinneaċ eile, gur ar son Ċríost atá na cuiḃreaċa orm;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Ionnus go ḃfuilid mo ċuiḃriġṫese ar son Ċríosd óirḋeirc ar feaḋ an Ṗálais uile, agus sna huile áitiḃ eile;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ḃfilippiánaċ 1:13
17 Iomraidhean Croise  

Agus aduḃairt Pól, Ba ṁian liom, dá mba é toil Dé é, is cuma cia aca a ḃeag nó a ṁór, ní h‐é tusa aṁáin, aċt gaċ a ḃfuil ag éisteaċt liom indiu, ḃeiṫ ar aon dul liom féin, taoḃ amuiġ de na slaḃraiḃ seo.


agus nuair ḃí siad i leaṫtaoiḃ, do laḃradar le ċéile, g‐á ráḋ, Ní ḟuil an fear so ag déanaṁ dadaiṁ ṫuilleas bás ná cuiḃreaċa.


Agus ṫárla, i gcionn trí lá ’n‐a ḋiaiḋ sin, gur ġlaoḋ sé ċuige daoine móra na nIúdaċ: agus nuair do ḃí siad cruinn le ċéile, aduḃairt sé leo, Im’ ṫaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, giḋ naċ ndearnas rud ar biṫ i gcoinniḃ na ndaoine ná i gcoinniḃ nós ár sinnsear, tugaḋ mé mar ḃraiġdeán ó Iarúsalem i láṁaiḃ na Róṁánaċ,


Ar an aḋḃar sin ṫugas cuireaḋ ḋaoiḃ go ḃfeicfeaḋ siḃ mé agus go laḃarfainn‐se liḃ: óir is ar son dóċais Israel atáim ceangailte leis an slaḃraḋ so.


Agus ar feaḋ ḋá ḃliaḋan iomlán d’ḟan sé ’n‐a ċóṁnaiḋe ’n‐a ṫiġ féin. Agus do ġlac sé ċuige gaċ duine do ṫagaḋ isteaċ ċuige,


Ar an aḋḃar sin, mise Pól, príosúnaċ Íosa Críost ar ḃur son‐sa,


Uime sin, impiḋim‐se, príosúnaċ ar son an Tiġearna, impiḋim oraiḃ ḃur saoġal do riaraḋ mar ba ċóir do ḋaoiniḃ fuair an ġairm fuaraḃair‐se, le gaċ uṁlaċt agus ceannsaċt,


go ḃfuilim im’ ṫaiḋleoir fá ċuiḃreaċaiḃ ar a ṡon: ċum go laḃarfad ’n‐a ṫaoḃ gan scáṫ, mar ba ċeart dom laḃairt.


ag troid an ċóṁraic ċéadna ḋaoiḃ do ċonnaic siḃ agus ċluineas siḃ ḃeiṫ ionnam‐sa anois.


óir is ceart dom ḃeiṫ ar an intinn sin ’n‐ḃur dtaoḃ uile, de ḃriġ go ḃfuil siḃ im’ ċroiḋe agam, óir im’ ċuiḃreaċaiḃ, agus ag pléiḋe cúise an tsoiscéil dom agus g‐á ḋaingniú, atá siḃ uile rannṗáirteaċ i ngrása liom.


Beannuiġeann na naoiṁ go léir daoiḃ, iad‐san go mórṁór ḃaineas le luċt tiġe Ċéasair.


go ḃfuilim ag fulang ar a ṡon i gcuiḃreaċaiḃ aṁail cuirpṫeoir, aċt ní ḟuil briaṫar Dé fá ċuiḃreaċaiḃ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan