Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




2 Peadar 1:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Óir má ḃíonn na tréiṫe seo go líonṁar ionnaiḃ, ní leigfiḋ siad daoiḃ ḃeiṫ leisceaṁail, gan toraḋ, ċum eolas d’ḟáġáil ar ár dTiġearna Íosa Críost.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Oír ma ḃíonn na neiṫese eadruiḃ, agus iad ag líonaḋ, do ḃéuruid oruiḃ gan ḃeiṫ díoṁáoin na naṁṫórṫaċ a neólas ar Dtíġearna Iósa Críosd.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




2 Peadar 1:8
33 Iomraidhean Croise  

Agus ní foláir d’ár muinntir féin a ḟoġlaim cionnas deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ, ċum gaċ niḋ atá riaċtanaċ do ṡoláṫar, ċum naċ mbéiḋ siad gan toraḋ.


Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ.


Aon ċraoḃ díom naċ dtugann toraḋ, scoiṫeann sé í: agus aon ċraoḃ do‐ḃeir toraḋ, glanann sé í ċum go dtiuḃraḋ sí tuilleaḋ torṫa.


ċum naċ n‐éireoċaḋ siḃ leisceaṁail, aċt go ndéanfaḋ siḃ aiṫris ar na daoiniḃ fuair na geallaṁnaċa mar oiḋreaċt de ḃárr creidiṁ agus foiḋne.


Agus is é mo ġuiḋe go méadóċar ḃur ngráḋ go mór i n‐eolas agus i ngaċ saġas tuigseana;


I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, atáimíd g‐á ċur d’impiḋe agus d’aṫċuinġe oraiḃ san Tiġearna Íosa, fá mar d’ḟoġlaim siḃ uainne cionnas ba ċeart daoiḃ siuḃal ċum taiṫneaṁ do ṫaḃairt do Ḋia, fá mar tá siḃ do ḋéanaṁ, dul i ḃfeaḃas níos fearr ’ná ariaṁ.


Uime sin, a ḃráiṫre ionṁaine, biḋiḋ diongḃálta, do‐ċorruiġṫe, lán‐díċeallaċ i gcóṁnaiḋe i ngnó an Tiġearna, agus a ḟios agaiḃ naċ ḃfuil ḃur saoṫar san Tiġearna gan toraḋ.


Go méaduiġtear grása agus sioṫċáin daoiḃ tré eolas Dé agus Íosa ár dTiġearna:


ag guiḋe go mbéaḋ an creideaṁ ’n‐a ḃfuil tú i gcóṁar leo éifeaċtaċ ar son Ċríost ċum a ḃfuil de ṁaiṫeas ionnainn do ċur i n‐uṁail go h‐iomlán.


Is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt go síor, do Ḋia ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre, mar is cuiḃe, de ḃriġ go ḃfuil ḃur gcreideaṁ ag dul i neart, agus gráḋ gaċ duine agaiḃ d’á ċéile ag méadú go mór;


Bíoḋ an dearcaḋ agaiḃ do ḃí ag Íosa Críost:


Scrúduiġiḋ siḃ féin, d’ḟéaċain an ḃfuil siḃ san gcreideaṁ; déanaiḋ froṁaḋ oraiḃ féin. Nó naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ féin go ḃfuil Íosa Críost ionnaiḃ? munab aṁlaiḋ gur daoine iondamanta siḃ.


siuḃlaiḋ ann d’á réir, siḃ fréaṁuiġṫe agus daingniġṫe ann, fá mar tugaḋ teagasc daoiḃ, ag dul i méid ann le lán‐ḃuiḋeaċas.


agus san urnaiġe ḋóiḃ ar ḃur son, leis, bíonn gráḋ aca ḋaoiḃ as uċt mór‐ġrása Dé atá ionnaiḃ.


cionnas mar ṁéaduiġ fairsinge a ḃféile de ḃárr líonṁaireaċta a n‐áṫais agus a mboċtaine móire, agus iad fá ḃuaiḋreaṁ an‐ṁór.


Ṫairis sin, ag éirġe díoṁaoin dóiḃ, bíonn siad ag dul ó ṫiġ go tiġ; agus ní h‐é díoṁaoin aṁáin, aċt bíonn siad cainnteaċ, fíosruiġṫeaċ, ag cur síos ar neiṫiḃ naċ ceart dóiḃ laḃairt ’n‐a dtaoḃ.


agus go méaduiġiḋ an Tiġearna an gráḋ ionnaiḃ go líonṁar d’á ċéile, agus do ċáċ, mar atá againn féin daoiḃ‐se;


Aċt ó tá siḃ iomlán san uile niḋ, i gcreideaṁ, i n‐urlaḃra, agus i n‐eolas, agus san uile ḋúṫraċt, agus ’n‐ḃur ngráḋ ḋúinne, bíoḋ an grása so go h‐iomlán, leis.


gan ḃeiṫ fallsa i ndúṫraċt; ḃeiṫ díoġraiseaċ i spiorad; ag déanaṁ seirḃíse do’n Tiġearna;


Aċt d’ḟreagair a ṫiġearna agus aduḃairt sé leis, A ḋroċ‐ṡearḃónta ḋíoṁaoin, do ḃí a ḟios agat go mbainim i n‐áit nár ċuireas síol, agus go gcnuasaim i n‐áit nár ċáiṫeas;


Agus do ċuaiḋ sé amaċ ar an aonṁaḋ h‐uair ḋéag, agus fuair sé tuilleaḋ ’n‐a seasaṁ; agus aduḃairt sé leo, Cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ i n‐ḃúr seasaṁ díoṁaoin annso ar feaḋ an lae?


Agus do ċuaiḋ sé amaċ ar an tríoṁaḋ h‐uair, agus do ċonnaic sé dream eile ’n‐a seasaṁ díoṁaoin ar áit an ṁargaiḋ;


Agus an duine ’n‐ar cuireaḋ an síol sa drisleaċ, is é sin an té do‐ċluin an briaṫar; agus taċtann cúram an tsaoġail, agus meallaḋ an tsaiḋḃris an briaṫar, agus bíonn sé gan toraḋ.


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


Go fírinneaċ measaim gur cailleaṁain gaċ uile niḋ ar aon eolais ṡár‐luaċṁair Íosa Críost mo Ṫiġearna: gur ḟulaingeas díṫ gaċ uile niḋ ar a ṡon, agus ní ḟuil de ṁeas agam orṫa aċt mar ḃéaḋ agam ar aoileaċ, ċum go ngnóṫóċainn Críost,


ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;


ó tárla gur ḃronn a ċuṁaċt diaḋa gaċ éinniḋ atá riaċtanaċ do’n ḃeaṫaiḋ agus do’n diaḋaċt orainn, tré eolas an té do ġlaoḋ tré n‐a ġlóir agus tré n‐a ṡuḃáilce féin sinn;


Óir, tar a éis dóiḃ teaċt saor ó ṫruailliú an tsaoġail tré eolas an Tiġearna, agus an tSlánuiġṫeora Íosa Críost, má greamuiġtear iad ann arís agus má buaiḋtear orṫa, is measa a staid deiriḋ ’ná a gcéad staid.


Aċt biḋiḋ ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ġlóir anois agus go síorraiḋe. Amén.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan