Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




2 Chum Timóteuis 4:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 agus tionn‐tóċaiḋ siad a gcluasa ó’n gcreideaṁ, agus casfaiḋ siad ċum faḃal.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Agus fillfid síad a gclúasa ón ḃfírinne, agus geillfid do sgéultuiḃ fáḃuill.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




2 Chum Timóteuis 4:4
13 Iomraidhean Croise  

Óir atá croiḋe an ṗobail seo dúr, Agus cluineann siad agus boḋaire ’n‐a gcluasaiḃ, Agus atá a súile dúnta aca; Ar eagla go ḃfeicfidís le n‐a súiliḃ, Agus go gcluinfidís le n‐a gcluasaiḃ, Agus go dtuigfidís le n‐a gcroiḋe Agus go n‐iompóċaidís, Agus go leiġeasfainn iad.


Aċt do ġáireadar‐san amaċ i n‐árd a ngoṫa, agus do ḋúnadar a gcluasa agus ṫugadar ruaṫar faoi i n‐éinḟeaċt le ċéile,


Agus ar an aḋḃar sin cuireann Dia fá ċuṁaċt mearḃaill iad, ċum bréag do ċreideaṁain:


agus gan aire do ṫaḃairt d’ḟaḃlaiḃ, ná do ġeinealaċaiḃ gan ċríoċ, ó n‐a ḃfásann ceisteanna níos mó ’ná riaraḋ gnó Dé san gcreideaṁ.


Aċt seaċain baoiṫ‐scéalta saoġalta agus faḃla sean‐ḃan.


A Ṫimóteuis, coiṁeád a ḃfuil curṫa mar ċúram ort, ag seaċaint baoṫ‐ċainnte neaṁ‐ḋiaḋa, agus contrárḋaċta an niḋ go dtugtar eolas go bréagaċ air:


Is eol duit gur ṫréig a raiḃ san Áise mé; daoine ḋíoḃ‐san is eaḋ Figelus agus Hermogenés.


gan ḃeiṫ ag taḃairt aire d’ḟaḃlaiḃ Iúdaċa agus d’aiṫeantaiḃ daoine ḃeireas a gcúl leis an ḃfírinne.


Grása go raiḃ liḃ go léir. Amen.


Óir ní finn‐scéalta fiġte go cliste do leanamar nuair ċuireamar i ḃfios daoiḃ cuṁaċt agus teaċt ár dTiġearna Íosa Críost, aċt is aṁlaiḋ ċonnacamar a ṁórḋaċt le n‐ár súiliḃ féin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan