I ndeireaḋ scéil, a ḃráiṫre, slán agaiḃ. Biḋiḋ foirḃṫe, bíoḋ meisneaċ agaiḃ; biḋiḋ ar aon intinn le ċéile; cóṁnuiġiḋ i síoṫċáin: agus fanfaḋ Dia an ġráḋa agus na síoṫċána agaiḃ.
Air seo is eaḋ aiṫniġtear clann Dé agus clann an diaḃail: an té naċ gcleaċtann fíréantaċt, ní duine le Dia eisean ná an té naċ dtugann gráḋ d’á ḃráṫair.
Agus d’aiṫniġeamar an gráḋ atá ag Dia ḋúinn, agus do ċreideamar ann. Is gráḋ é Dia; agus an té ċóṁnuiġeas san ngráḋ, cóṁnuiġeann sé i nDia, agus cóṁnuiġeann Dia ann.