Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Eoin 4:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Is daoine de ċlainn Dé sinne: an té go ḃfuil aiṫne aige ar Ḋia éisteann sé linn; an té naċ ḃfuil ó Ḋia ní éisteann sé linn. Air so is eaḋ aiṫniġmíd spiorad na fírinne agus spiorad an tseaċráin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 As ó Ḋía atámuidne: an tí atá a neólas Dé éisdiġ sé rinn; an tí naċ ḃfuil ó Ḋía ní éisdeann sé rinn. Is as so aiṫniġemid sbiorad na fírinne, agus sbiorad an tseaċráin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Eoin 4:6
33 Iomraidhean Croise  

Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ag m’Aṫair daṁ‐sa; agus ní ḟuil a ḟios ag aoinneaċ, aċt ag an Aṫair aṁáin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Aṫair, aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a noċtaḋ ḋó.


Agus atá caoiriġ eile agam, naċ mbaineann leis an gcró so: ní mór dom iadsan ṫaḃairt, leis, agus éistfiḋ siad lem’ ġlór; agus béiḋ aon ċró agus aon aoḋaire aṁáin ann.


Éisteann mo ċaoiriġ‐se lem’ ġlóir, agus aiṫniġim‐se iad, agus leanann siad mé:


Is dó‐san ḟosclas an geatóir; agus airiġeann na caoiriġ a ġlór: agus glaoḋann sé as a n‐ainm ar a ċaoiriḃ féin, agus seolann sé amaċ iad.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, Cibé ġlacas an té ċuirim uaim, ġlacann sé mise; agus cibé ġlacas mise, glacann sé an té do ċuir uaiḋ me.


naċ ḃféadann an saoġal a ġlacaḋ; óir ní ḟeiceann ná ní aiṫniġeann sé é: aiṫniġeann siḃ‐se é; óir fanann sé agaiḃ, agus béiḋ se ionnaiḃ.


Aċt nuair ṫiocfas an Sólásaiḋe, an té ċuirfeas mé ċugaiḃ ó’n Aṫair, Spiorad na fírinne, ġluaiseas ó’n Aṫair, do‐ḃéarfaiḋ seisean fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa:


nuair ṫiocfas an Spiorad úd na fírinne, treoróċaiḋ sé ċum na fírinne uile siḃ: óir ní h‐uaiḋ féin laḃras sé; aċt laḃarfaiḋ sé gaċ a gcluineann sé: agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ na neiṫe atá le teaċt.


Annsin aduḃairt Píoláid leis, An rí ṫú mar sin? D’ḟreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Ċuige sin rugaḋ mé, agus ċuige sin ṫánag ar an saoġal, ċum go dtiuḃrainn fiaḋnaise do’n ḟírinne. Gaċ duine atá ar ṫaoḃ na fírinne, éisteann sé lem ġlór.


Annsin aduḃairt Íosa arís leo, Síoṫċáin daoiḃ: fá mar ċuir an t‐Aṫair uaiḋ mé, cuirim‐se siḃ‐se uaim mar an gcéadna.


Agus aduḃradar leis, Cá ḃfuil t’Aṫair? D’ḟreagair Íosa, Ní ḟuil aiṫne agaiḃ orm‐sa ná ar m’Aṫair: dá mbéaḋ aiṫne agaiḃ orm‐sa, do ḃéaḋ aiṫne agaiḃ ar m’Aṫair, ċóṁ maiṫ.


Agus aduḃairt sé leo, Ó’n áit ṫíos daoiḃ‐se, ó’n áit ṫuas daṁ‐sa: de’n tsaoġal so siḃ‐se, ní de’n tsaoġal so mise.


Pól seirḃíseaċ Íosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐a abstal, do cuireaḋ ar leiṫ le h‐aġaiḋ soiscéil Dé,


mar tá scríoḃṫa, Ṫug Dia spiorad trom‐ṡuain dóiḃ, súile gan raḋarc, agus cluasa gan éisteaċt, go dti an lá so.


Má ṁeasann aon duine gur fáiḋ nó duine spioradálta é, aḋṁuiġeaḋ sé, na neiṫe scríoḃaim ċugaiḃ, gur ab iad aiṫeanta an Tiġearna iad.


Ní ḟeiceann siḃ aċt a mbíonn róṁaiḃ. Má ċreideann aon duine ann féin gur le Críost é, deanaḋ sé aṫsmaoineaḋ leis féin, má’s duine le Críost é, gur ab aṁlaiḋ ḋúinne.


i lasraċaiḃ teineaḋ, ag agairt díoġaltais ar an dream nár ċuir eolas ar Ḋia, agus ar na daoiniḃ naċ n‐uṁluiġeann do ṡoiscéal ár dTiġearna Íosa:


Aċt adeir an Spiorad go soiléir go dtréigfiḋ cuid de na daoiniḃ an creideaṁ ins na h‐aimsearaiḃ deireannaċa, ag taḃairt aire do spioraidiḃ mealltaċa agus do ṫeagascaiḃ deaṁan,


ċum go gcuiṁneoċaiḋ siḃ ar na briaṫraiḃ do laḃair na naoṁ‐ḟáiḋe roiṁ ré, agus ar aiṫne an Tiġearna agus an tSlánuiġṫeora tré n‐ḃur n‐abstalaiḃ:


A ċáirde ionṁaine, ná creidiḋ gaċ aon spiorad, aċt déanaiḋ froṁaḋ ar na spioraidiḃ, d’ḟéaċain an ó Ḋia atáid: de ḃriġ go ḃfuil a lán fáiḋe bréige imṫiġṫe amaċ san tsaoġal.


Is ó Ḋia atá siḃ‐se, a ċlann ḃeag, agus atá buaiḋte agaiḃ orṫa‐san: óir is treise an té atá ionnaiḃ‐se ’ná an té atá san tsaoġal.


An té naċ ngráḋuiġeann, ní ḟuil aiṫne aige ar Ḋia; óir is gráḋ é Dia.


Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go ḃfuil an saoġal ar fad fá ċuṁaċt na h‐ainspioraide.


Aċt, a ċáirde ionṁaine, biḋiḋ‐se ag cuiṁneaṁ ar na briaṫraiḃ do laḃair abstail ár dTiġearna Íosa Críost roiṁe seo;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan