Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Eoin 3:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus is eol daoiḃ gur foillsiġeaḋ é ċum peacaḋ do ċur ar ceal; agus ní ḟuil peacaḋ ar biṫ ann féin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus atá a ḟios aguiḃ gur ab uime do foillsiġeaḋ eision ċum ar bpeacuiġne do ċur ar gcúl; agus ní ḃfuil peacaḋ ar biṫ annsan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Eoin 3:5
33 Iomraidhean Croise  

Béarfaiḋ sí mac, agus do‐ḃéarfaiḋ tú ÍOSA mar ainm air, óir slánóċaiḋ sé a ṗobal ó n‐a bpeacaiḋiḃ.


Sinne, go deiṁin, san gceart; óir is ag díol as a ḃfuil déanta againn atáimíd: aċt ní ḋearna an fear so mí‐ġníoṁ ar biṫ.


Agus nuair do ċonnaic an ceanntúir créad ṫarla, ṫug sé glóir do Ḋia, g‐á ráḋ, Go deiṁin ba fíréan an fear so.


An lá ’n‐a ḋiaiḋ sin do ċonnaic sé Íosa ag teaċt ċuige, agus aduḃairt sé, Féaċ Uan Dé ṫógas peacaḋ an doṁain!


Agus níor aiṫniġeas‐sa é; aċt is ċuige seo ṫáinig‐mé ag baisteaḋ i n‐uisce ċum go ḃfoillseoċaiḋe d’Israel é.


Ní laḃarfad mórán eile liḃ, óir atá prionnsa an tsaoġail seo ag teaċt: agus ní ḟuil baint ar biṫ aige liom‐sa;


Cia aca ḋíḃ‐se ċuireas peacaḋ im’ leiṫ? Má laḃraim an ḟírinne, cad ċuige naċ gcreideann siḃ mé?


Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.


Is inċreidṫe an focal é, agus is fiú glacaḋ ar fad leis, go dtáinig Íosa Críost isteaċ san tsaoġal ċum peacaiġ do ṡlánú; agus is mise an té is measa ḋíoḃ.


Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


Is é lonnraḋ a ġlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congḃuiġeas gaċ uile niḋ le ċéile le briaṫar a ċuṁaċta; nuair do ḃí na peacaiḋe glanta aige, do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta i n‐áirde;


Óir ní ḟuil árd‐ṡagart againne naċ ḃféadann cóṁḟulang le n‐ár laige; aċt is aṁlaiḋ do cuireaḋ airsean ar cuireaḋ de ċaṫuiġṫiḃ ariaṁ orainne, aċt aṁáin gan peacaḋ do ḋéanaṁ.


Óir is é a ṫeastuiġ uainn a leiṫéid d’árd‐ṡagart atá naoṁṫa, gan cionnta, gan smál, d’á ḋealú ó ṗeacaċaiḃ,


san gcás sin dob’ éigean dó fulang go minic ó cuireaḋ an doṁan ar suiḋeaċan: aċt anois, an t‐aon uair aṁáin, i ndeireaḋ na n‐aois do foillsiġeaḋ é ċum deireaḋ do ċur leis an bpeacaḋ, g‐á íoḋbairt féin.


ar an gcuma ċéadna, foillseoċar Críost gan peacaḋ, an dara h‐uair, do na daoiniḃ atá ag fanaṁain leis, ċum a slánuiġṫe, tar a éis dó a íoḋbairt féin an t‐aon uair aṁáin ċum peacaiḋe móráin d’iomċar.


agus a ḟios agaiḃ naċ le neiṫiḃ so‐ṫruailliġṫe, le h‐airgead nó le h‐ór, do fuasclaḋ siḃ ó na baoiṫ‐ċleaċtaiḃ saoġalta ṫáinig i n‐oiḋreaċt ó n’ ḃur sinnsearaiḃ ċugaiḃ;


do réaṁórduiġeaḋ roiṁ ḃunaḋ an doṁain, aċt do foillsiġeaḋ i ndeireaḋ na n‐aoiseann ar ḃur son‐sa;


Ní ḋearna sé peacaḋ ariaṁ, agus ní fríṫ cealg ’n‐a ḃéal.


an té d’iomċair ár bpeacaiḋe ’n‐a ċorp féin ar an gcrann, ċum, ar mbeiṫ ḋúinn marḃ do’n ṗeacaḋ, go mairfimís do’n ḟíréantaċt; agus do leiġeasaḋ siḃ le n‐a ċneaḋaiḃ.


Óir d’ḟulaing Críost féin, aon uair aṁáin, ar son na bpeacaiḋe, an fíréan i n‐éiric na neiṁḟíréan, ċum sinn do ṫaḃairt ċum Dé; d’á ċur ċum báis san ḃfeoil, aċt d’á ḃeoḋaḋ san spiorad;


i dtaoḃ Briaṫair na beaṫaḋ (is eaḋ, do foillsiġeaḋ an ḃeaṫa, agus do ċonnacamar í, agus atáimíd ag taḃairt fiaḋnaise, agus atáimíd ag fógairt na beaṫaḋ ḋaoiḃ, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ do ḃí leis an Aṫair, agus do foillsiġeaḋ ḋúinne);


aċt má ṡiuḃlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le ċéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Ṁac ó gaċ peacaḋ sinn.


A ċlann ḃeag, atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo ċugaiḃ ċum naċ ndéanfaiḋ siḃ peacaḋ. Agus má ġníonn aoinneaċ peacaḋ, atá aḃcóide againn i ḃfoċair an Aṫar, Íosa Críost fíréan:


agus is eisean an t‐íoḋbarṫaċ, ní h‐aṁáin ar son ár bpeacaiḋe‐ne, aċt ar son peacaiḋe an doṁain ar fad.


Má’s eol díḃ é ḃeiṫ fíréanta, is eol daoiḃ gaċ aoinneaċ ċleaċtas fíréantaċt, gur uaiḋ‐sean do geineaḋ é.


an té do‐ġní peacaḋ, is duine de ċlainn an diaḃail é; óir atá an diaḃal ag déanaṁ peacaiḋ ó ṫús. Ċuige seo is eaḋ do foillsiġeaḋ Mac Dé, ċum go gcuirfeaḋ sé deireaḋ le h‐oibreaċaiḃ an diaḃail.


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan