Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Eoin 3:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus gaċ aoinneaċ go ḃfuil an dóċas so ann glanann sé é féin, fá mar tá seisean glan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus gaċ neaċ agá ḃfuil an ṁuniġinse aige annsan, glanuiḋ sé é féin, do réir mar atá seisíon glan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Eoin 3:3
21 Iomraidhean Croise  

Caiṫfiḋ siḃ, d’á ḃriġ sin, ḃeiṫ gan loċt, fá mar atá ḃúr nAṫair neaṁḋa gan loċt.


Biḋiḋ trócaireaċ, d’á ḃriġ sin, fá mar atá ḃúr nAṫair trócaireaċ.


Agus is ar a son‐san ċoisreacaim mé féin, ċum go mbéidís féin coisreacṫa san ḃfírinne.


agus ní ḋearna sé deifriḋeaċt ar biṫ idir sinne agus iad‐san ag glanaḋ a gcroiḋe le creideaṁ.


Agus arís, adeir Ésáias, Béiḋ fréaṁ Iesse ann, Agus an té éireoċas ċum na Cineaḋaiġ do riaġlú, Is as ċuirfeas na Cineaḋaiġ a ndóċas.


Ó ṫárla na geallaṁnaċa sin ḃeiṫ againn, a ċáirde ionṁaine, glanaimís dínn féin gaċ smál colna agus spioraid, ag cur naoṁaċta i gcríċ i n‐eagla Dé.


as uċt an dóċais atá i dtaisce ’n‐ḃur gcóṁair ins na flaiṫeasaiḃ, go gcualaḃar tuairisc ’n‐a ṫaoḃ roiṁe seo i mbriaṫar fírinne an tsoiscéil,


Anois go dtugaiḋ ár dTiġearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAṫair, do ġráḋuiġ sinn, agus ṫug sólás síorraiḋe agus deaġ‐ḋóċas dúinn tré ġrása, go dtugaiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ,


ionnas, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ġrása, go ndéanfaiḋe oiḋrí ḋínn do réir dóċais na beaṫaḋ síorraiḋe.


Loirgiḋ síoṫċáin leis an uile ḋuine, mar aon leis an naoṁṫaċt naċ ḃfeicfiḋ aoinneaċ an Tiġearna ’n‐a h‐uireasḃaiḋ:


ionnas tré ḋá niḋ ḃuain‐tseas‐ṁaċa, naċ féidir go ndéanfaḋ Dia bréag ionnta, go mbéaḋ árd‐ṁeisneaċ againne do ṫeiċ ar scáṫ dídeana ċum breiṫe ar an dóċas atá curṫa róṁainn;


Óir is é a ṫeastuiġ uainn a leiṫéid d’árd‐ṡagart atá naoṁṫa, gan cionnta, gan smál, d’á ḋealú ó ṗeacaċaiḃ,


Druidiḋ le Dia, agus druidfiḋ seisean liḃ. Niġiḋ ḃur láṁa, a ṗeacaċa, agus glanaiḋ ḃur gcroiḋeaċa go h‐iomlán, a luċt an dá ċóṁairle.


aċt ar ṡompla an té naoṁṫa do ġlaoḋ siḃ, biḋiḋ‐se naoṁṫa mar an gcéadna ’n‐ḃur n‐iomċar uile;


Go mbeannuiġtear Dia, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, d’aiṫġein, do réir a ṁór‐ṫrócaire, sinn ċum beo‐ḋóċais tré aiséirġe Íosa Críost ó na marḃaiḃ,


tré n‐ar ḃronn sé orainn geallaṁnaċa an‐ṁóra, sár‐luaċṁara; ċum go mbéaḋ siḃ rannṗáirteaċ san nádúir ḋiaḋa d’á mbárr, tar a éis daoiḃ teaċt saor ó’n truailliú atá san tsaoġal tré ainṁiantaiḃ.


D’á ḃriġ sin, a ċáirde, ó tá súil leis na neiṫiḃ seo agaiḃ, déanaiḋ gaċ iarraċt ċum go ḃfaiġfiḋe siḃ i síoṫċáin, gan smál, gan loċt ’n‐a ḟiaḋnaise.


an té adeir go gcóṁnuiġeann sé ann, atá sé de ḋualgas air siuḃal do réir mar ṡiuḃail seisean.


Is mar sin curtar a ġráḋ i gcriċ ionnainn, ċum go mbéiḋ uċtaċ againn i lá an ḃreiṫeaṁnais; de ḃriġ go mbímíd san tsaoġal mar ḃíonn seisean.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan