Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Eoin 3:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 ní ar nós Ċáin é, duine de ċlainn na h‐ainspioraide do ṁarḃ a ḋearḃráṫair. Agus cad ċuige ar ṁarḃ sé é? Toisc a oibreaċa féin ḃeiṫ go h‐olc, agus oibreaċa a ḋearḃráṫar ḃeiṫ fíréanta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Ní do nós Ċáin, noċ do ḃí ón droċ spioruid, agus do ṁarḃ a ḋearḃráṫair. Agus créd é an taḋḃar fár ṁarḃ sé é? Do ḃríġ go raḃadar a oibreaċa féin go holc, agus oíbreaċa a ḋearḃráṫar fíreunta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Eoin 3:12
31 Iomraidhean Croise  

Nuair do‐ċluin aoinneaċ briaṫar na ríoġaċta, agus naċ dtuigeann sé é, tig an ainspioraid, agus sciobann sí léi an niḋ do cuireaḋ ’n‐a ċroiḋe. Is é sin an té ’n‐ar cuireaḋ an síol le h‐ais an ḃealaiġ ṁóir.


agus is é an doṁan an gort; agus is iad clann na ríoġaċta an síol maiṫ; agus is iad clann an droiċ‐spioraid an cogal;


go dtiocfaiḋ oraiḃ gaċ ar doirteaḋ d’ḟuil na ḃfíréan ar talaṁ, ó ḟuil Aibéil ḟíréanta go fuil Ṡaċariais ṁic Ḃaraċiais, do ṁarḃaḃar idir an sanctóir agus an altóir.


Aduḃairt seisean, Aċt cad é an t‐olc atá déanta aige? Aċt do liúġadar go h‐árd‐ġlóraċ, g‐á ráḋ, Céastar é.


Aċt bíoḋ mar ċainnt agaiḃ, Is eaḋ, is eaḋ; Ní h‐eaḋ, ní h‐eaḋ: agus cibé niḋ ṫéiġeas ṫairis sin, is ó’n olc é.


ó ḟuil Aibéil go fuil Ṡaċariais do marḃaḋ idir an altóir agus an sanctóir: go fírinneaċ adeirim liḃ, éileoċar é ar an gcineaḋ so.


D’ḟreagair Íosa ḋóiḃ, Is iomḋa deaġ‐obair ó’n Aṫair do ṫaisbeánas daoiḃ; cia aca obair ḋíoḃ go ḃfuil siḃ ag gaḃáil de ċloċaiḃ orm mar ġeall air?


Aċt atá siḃ anois ag iarraiḋ mise do ṁarḃaḋ, duine d’innis daoiḃ an ḟírinne do‐ċuala mé ó Ḋia: ní ḋearna Abraċam sin.


Do‐ġní siḃ oibreaċa ḃúr n‐aṫar. Aduḃradar‐san leis, Ní clann bastairt sinne, atá aon aṫair aṁáin againn, Dia.


Cia aca de na fáiḋiḃ naċ ndearna ḃúr sinnsir géir‐leanaṁain air? agus do ṁarḃadar iad‐san d’ḟógair roiṁ ré teaċt an Ḟíréin úd; go ḃfuil siḃ‐se ’n‐ḃúr mbraṫadóiriḃ agus ’n‐ḃúr ndúnṁarḃṫóiriḃ aige;


Óir do rinne siḃ‐se, a ḃráiṫre, aiṫris ar eaglaisiḃ Dé i nÍosa Críost atá i nIúdaea: ó ṫárla gur ḟulaing siḃ na neiṫe céadna ó ṁuinntir ḃur dtíre féin d’ḟulaing siad‐san ó na h‐Iúdaċaiḃ:


Is tré ċreideaṁ d’ofráil Aibial do Ḋia íoḋbairt dob’ ḟearr ’ná íoḋbairt Ċáin; agus d’á ḃárr sin fuair sé an teist gurḃ ḟíréan é, Dia ag glacaḋ le n‐a ṫíoḋlaicṫiḃ: agus d’á ḃárr sin laḃrann sé fós, agus é marḃ.


agus ċum Íosa, idir‐ṁeaḋóntóir connarṫa úr‐nua, agus ċum na fola do croṫaḋ, gur fearr a teaċtaireaċt ’ná fuil Aibéil.


Agus is niḋ é ċuireas iongnaḋ orṫa‐san, a ṁeas naċ riṫeann siḃ i n‐éinḟeaċt leo isteaċ i raḃarta ainṁeasarḋaċta, ag laḃairt go masluiġṫeaċ ’n‐ḃur dtaoḃ.


an té do‐ġní peacaḋ, is duine de ċlainn an diaḃail é; óir atá an diaḃal ag déanaṁ peacaiḋ ó ṫús. Ċuige seo is eaḋ do foillsiġeaḋ Mac Dé, ċum go gcuirfeaḋ sé deireaḋ le h‐oibreaċaiḃ an diaḃail.


Mairg dóiḃ! óir do leanadar lorg Ċáin, agus do ċuadar ar mearḃall ar nós Ḃaláaim ar son tuarastail, agus do cailleaḋ iad i méirleaċas Ċóré.


Agus do ċonnacas an ḃean ar meisce le fuil na naoṁ, agus le fuil mairtíreaċ Íosa. Agus ag aṁarc dom uirṫi, ṫáinig árd‐iongnaḋ orm.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan