Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Eoin 3:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Air seo is eaḋ aiṫniġtear clann Dé agus clann an diaḃail: an té naċ gcleaċtann fíréantaċt, ní duine le Dia eisean ná an té naċ dtugann gráḋ d’á ḃráṫair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Is as so aiṫeantar clann Dé, agus clann an díaḃail: giḋ bé naċ leanann do nfíréuntaċd ní ó Ḋía atá sé, ná an tí naċ dtaḃair gráḋ ḋá ḋearḃraṫair.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Eoin 3:10
26 Iomraidhean Croise  

agus is é an doṁan an gort; agus is iad clann na ríoġaċta an síol maiṫ; agus is iad clann an droiċ‐spioraid an cogal;


Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.


Aċt an méid do ġlac leis, ṫug sé mar ċeart dóiḃ ḃeiṫ ’n‐a gclainn do Ḋia, dóiḃ‐sean ċreideas ’n‐a ainm:


Agus ní h‐aṁáin ar son an ċiniḋ, aċt go gcruinneoċaḋ sé i n‐aon ċineaḋ aṁáin clann Dé atá scaipṫe.


Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


An té is ó Ḋia éisteann sé le briaṫraiḃ Dé: is uime sin naċ n‐éisteann siḃ, óir ní ó Ḋia sí.


aduḃairt sé, A ḋuine atá lan de gaċ ceilg agus de gaċ feall, a ṁic an diaḃail, a náṁaid gaċ cirt, naċ staonfaiḋ tú ó ṡliġṫiḃ díreaċa an Tiġearna do ċur bun os cionn?


Ná bíoḋ fiaċa ag aon duine oraiḃ, aċt aṁáin an gráḋ is ceart ḃeiṫ agaiḃ d’á ċéile: óir an té go ḃfuil gráḋ d’á ċóṁarsain aige, tá an dliġe cóiṁlíonta aige.


D’á ḃriġ sin déanaiḋ‐se aiṫris ar Ḋia, mar ḋéanfaḋ a ċlann ionṁain féin;


déanaiḋ‐se mar an gcéadna: agus ṫar gaċ niḋ eile, cuiriḋ umaiḃ an gráḋ, óir is é snaiḋm na ndeaġ‐ṡuḃáilce é.


Aċt is é cuspóir an teagaisc an gráḋ as croiḋe úr‐ġlan, agus as coinsias maiṫ, agus as creideaṁ neaṁ‐ċealgaċ.


Má’s eol díḃ é ḃeiṫ fíréanta, is eol daoiḃ gaċ aoinneaċ ċleaċtas fíréantaċt, gur uaiḋ‐sean do geineaḋ é.


Féaċaiḋ méid an ġráḋa ṫug an tAṫair dúinn, go nglaoḋfaiḋe clann Dé orainn: agus atá an scéal aṁlaiḋ ’n‐ár dtaoḃ. Ar an aḋḃar sin ní aiṫniġeann an saoġal sinn, toisc nár aiṫniġ sé eisean.


A ċáirde ionṁaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsiġeaḋ fós créad atá i ndán dúinn. Atá a ḟios againn, nuair foillseoċar é, go mbéiḋmíd cosṁail leis; óir ċífimíd é do réir mar tá sé.


Agus atá an aiṫne againn uaiḋ, An té ġráḋuiġeas Dia, taḃraḋ sé gráḋ d’á ḃráṫair mar an gcéadna.


Is daoine de ċlainn Dé sinne: an té go ḃfuil aiṫne aige ar Ḋia éisteann sé linn; an té naċ ḃfuil ó Ḋia ní éisteann sé linn. Air so is eaḋ aiṫniġmíd spiorad na fírinne agus spiorad an tseaċráin.


An té naċ ngráḋuiġeann, ní ḟuil aiṫne aige ar Ḋia; óir is gráḋ é Dia.


Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go ḃfuil an saoġal ar fad fá ċuṁaċt na h‐ainspioraide.


Air so aiṫniġmíd go ḃfuil gráḋ againn do ċlainn Dé, nuair ḃíos gráḋ againn do Ḋia, agus nuair ċoiṁeádaimíd a aiṫeanta.


A ċara ionṁain, ná déan aiṫris ar an olc, aċt ar an ṁaiṫ. An té ċleaċtas an ṁaiṫ, is ó Ḋia atá sé: an té ċleaċtas an t‐olc, ní ḟaca sé Dia.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan