Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Eoin 2:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus is air so aiṫniġmíd go ḃfuil aiṫne againn air, má ċoiṁeádaimíd a aiṫeanta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus is as so is deiṁin linn aiṫne do ḃeiṫ aguinn air, dá gcoiṁéudam a aiṫeanta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Eoin 2:3
26 Iomraidhean Croise  

Agus cad ċuige a nglaoḋann siḃ orm, A Ṫiġearna, a Ṫiġearna, agus naċ ndéanann siḃ a n‐abraim liḃ?


Má tá gráḋ agaiḃ dom, coiṁéadfaiḋ siḃ m’aiṫeanta.


Má ċoiṁéadann siḃ m’aiṫeanta, fanfaiḋ siḃ im’ ġráḋ; fá mar ċoiṁéadas‐sa aiṫeanta m’Aṫar, agus go ḃfanaim ’n‐a ġráḋ.


Is siḃ‐se mo ċáirde má ġníonn siḃ a n‐órduiġim daoiḃ.


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


agus tar éis dó teaċt i ḃfoirḃṫeaċt, do ḃí sé mar uġdar slánuiġṫe ṡíorraiḋe do na daoiniḃ go léir uṁluiġeas dó;


Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a aiṫreaċa, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an té atá ann ó ṫús. Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ḟeara óga, de ḃriġ go ḃfuil buaiḋte agaiḃ ar an ainspioraid. Do scríoḃas ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil aiṫne agaiḃ ar an Aṫair.


Is eol dúinn go ḃfuilmíd aistriġṫe ó’n mbás go dtí an ḃeaṫa toisc gráḋ ḃeiṫ againn do na bráiṫriḃ. An té atá gan gráḋ fanann sé san mbás.


Air so aiṫniġtear gur daoine de’n ḟírinne sinn, agus béiḋ sásaṁ croiḋe againn ’n‐a ḟiaḋnaise;


Cibé duine ċóṁnuiġeas ann, ní ḋéanann sé peacaḋ: cibé duine do‐ġní peacaḋ, ní ḟaca sé, ná níor aiṫniġ sé é.


Is air so aiṫniġmíd go gcóṁnuiġmíd ann, agus go gcóṁnuiġeann seisean ionnainn, de ḃriġ gur roinn sé a spiorad linn.


A ċáirde ionṁaine, bíoḋ gráḋ againn d’á ċéile: óir is ó Ḋia ṫig an gráḋ; agus gaċ duine ġráḋuiġeas, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus aiṫniġeann sé Dia.


Is eol dúinn, leis, gur daoine le Dia sinn, agus go ḃfuil an saoġal ar fad fá ċuṁaċt na h‐ainspioraide.


Air so aiṫniġmíd go ḃfuil gráḋ againn do ċlainn Dé, nuair ḃíos gráḋ againn do Ḋia, agus nuair ċoiṁeádaimíd a aiṫeanta.


Óir is é seo gráḋ Dé, sinne do ċoiṁeád a aiṫeanta: agus ní ḟuil a aiṫeanta trom.


Agus d’éiriġ an dragún feargaċ leis an mnaoi, agus d’imṫiġ sé ċum cogaḋ do ċur ar an gcuid eile d’á slioċt, ar luċt coiṁeádta aiṫeanta Dé, go ḃfuil fiaḋnaise Íosa aca.


Annso is eaḋ atá foiġid na naoṁ, luċt ċoiṁeádta aiṫeanta Dé agus creidiṁ Íosa.


Is beannuiġṫe na daoine niġeas a róbaí, ċum go mbéiḋ cead ċum crainn na beaṫaḋ aca, agus go raċaiḋ siad ṫar na geataiḃ isteaċ san gcaṫair.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan