Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Eoin 2:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

29 Má’s eol díḃ é ḃeiṫ fíréanta, is eol daoiḃ gaċ aoinneaċ ċleaċtas fíréantaċt, gur uaiḋ‐sean do geineaḋ é.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Más feasaċ siḃ eision do ḃeiṫ fíréunta, bíoḋ fios aguiḃ gur úaḋasan ġeintear gaċ áon leanas don ḟiréuntaċd.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Eoin 2:29
28 Iomraidhean Croise  

A ċlann ḃeag, ná meallaḋ aoinneaċ siḃ: an té ċleaċtas fíréantaċt atá sé fíréanta, fá mar tá séisean fíréanta:


Cibé duine ċreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus cibé duine ġráḋuiġeas an té do ġein é, gráḋuiġeann sé an Mac do geineaḋ uaiḋ.


naċ ó’n ḃfuil, ná ó ṫoil na colna, ná ó ṫoil duine do geineaḋ iad, aċt ó Ḋia.


A ċáirde ionṁaine, bíoḋ gráḋ againn d’á ċéile: óir is ó Ḋia ṫig an gráḋ; agus gaċ duine ġráḋuiġeas, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus aiṫniġeann sé Dia.


Óir d’ḟulaing Críost féin, aon uair aṁáin, ar son na bpeacaiḋe, an fíréan i n‐éiric na neiṁḟíréan, ċum sinn do ṫaḃairt ċum Dé; d’á ċur ċum báis san ḃfeoil, aċt d’á ḃeoḋaḋ san spiorad;


Is d’á ṫoil féin do ġein sé le briaṫar na fírinne sinn, ċum go mbéimís mar ċéad‐ṫorṫa a ḃfuil cruṫuiġṫe aige.


Óir buaḋann ar geineaḋ ó Ḋia ar an saoġal, agus is é do ḃuaiḋ ar an saoġal, ná ár gcreideaṁ‐na.


aċt go mbíonn glacaḋ aige le gaċ cineaḋ go mbíonn a eagla air, agus ċleaċtuiġeas an ceart.


tré n‐ar ḃronn sé orainn geallaṁnaċa an‐ṁóra, sár‐luaċṁara; ċum go mbéaḋ siḃ rannṗáirteaċ san nádúir ḋiaḋa d’á mbárr, tar a éis daoiḃ teaċt saor ó’n truailliú atá san tsaoġal tré ainṁiantaiḃ.


Go mbeannuiġtear Dia, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, d’aiṫġein, do réir a ṁór‐ṫrócaire, sinn ċum beo‐ḋóċais tré aiséirġe Íosa Críost ó na marḃaiḃ,


Óir is é a ṫeastuiġ uainn a leiṫéid d’árd‐ṡagart atá naoṁṫa, gan cionnta, gan smál, d’á ḋealú ó ṗeacaċaiḃ,


Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.


Agus aduḃairt sé, Do ċeap Dia ár sinnsear ṫú ċum a ṫoile do ṫuigsin, agus ċum an Aoin Ionnraic d’ḟeicsin, agus ċum glóir a ḃéil do ċlos.


A ċara ionṁain, ná déan aiṫris ar an olc, aċt ar an ṁaiṫ. An té ċleaċtas an ṁaiṫ, is ó Ḋia atá sé: an té ċleaċtas an t‐olc, ní ḟaca sé Dia.


Is eol dúinn, aoinneaċ do geineaḋ ó Ḋia naċ ndéanann sé peacaḋ; aċt an té do geineaḋ ó Ḋia, coiṁeádann sé féin é, agus ní ḃfaġann an ainspioraid greim air.


Agus is eol daoiḃ gur foillsiġeaḋ é ċum peacaḋ do ċur ar ceal; agus ní ḟuil peacaḋ ar biṫ ann féin.


A ċlann ḃeag, atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo ċugaiḃ ċum naċ ndéanfaiḋ siḃ peacaḋ. Agus má ġníonn aoinneaċ peacaḋ, atá aḃcóide againn i ḃfoċair an Aṫar, Íosa Críost fíréan:


óir do h‐aiṫ‐ġeineaḋ siḃ, ní ó ṡíol so‐ṫruailliġṫe, aċt ó ṡíol neaṁṫruailliġṫe, le briaṫar biṫ‐ḃeo, buan Dé.


agus ṫug beannaċt dó, d’á dtug Abraċam an deaċṁaḋ cuid de’n uile niḋ (ar mbeiṫ ḋó, ar n‐a ṁíniú, Rí na fíréantaċta, agus Rí Ṡálem,


Do ṡéanaḃar an t‐Aon Naoṁṫa Fíréanta, agus d’iarraḃar dúnṁarḃṫóir do ṫaḃairt daoiḃ,


An té laḃras uaiḋ féin, is í a ġlóir féin loirgeas sé; aċt an té loirgeas glóir an té do ċuir uaiḋ é, ata seisean fírinneaċ, agus ní ḟuil mí‐ċneastaċt ann.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan