Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Eoin 2:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 An té ġráḋuiġeas a ḃráṫair, cóṁnuiġeann sé san tsolas agus ní ḟuil aon aḋḃar tuisliḋ ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 An tí ġráḋuiġeas a ḋearḃráṫair atá sé na ċoṁnuiġe sa tsolas, agus ní ḃfuil oilḃéim ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Eoin 2:10
14 Iomraidhean Croise  

aċt ní ḟuil aon ḟréaṁ aige ann féin, aċt seasann sé ar feaḋ scaṫaiṁ; agus nuair éiriġeas trioblóid nó géirleanṁain, mar ġeall ar an mbriaṫar, glacann sé scannal ar an láṫair.


Is mairg do’n tsaoġal mar ġeall ar na scannalaiḃ! ní foláir do na scannalaiḃ teaċt; aċt ċeana is mairg do’n duine tré n‐a dtig an scannal!


D’ḟreagair Íosa, Naċ ḃfuil ḋá uair déag san lá? Má ṡiuḃlann duine san lá, ní baintear tuisleaḋ as, óir do‐ċí sé solas an tsaoġail seo.


Annsin aduḃairt Íosa leo, Tamall beag eile fós, béiḋ an solas ’n‐ḃúr measc. Siuḃlaiḋ an ḟaid atá an solas agaiḃ, i dtreo naċ mbéarfaḋ an dorċact oraiḃ: agus an té ṡiuḃlas sa dorċact, ní ḃíonn a ḟios aige cá mbíonn sé ag dul.


Agus aduḃairt Íosa leis na h‐Iúdaċaiḃ do ċreid ann, Má ċlaoiḋeann siḃ lem’ ḃriaṫraiḃ, go fírinneaċ is deisceabail agam siḃ;


Uime sin ná bímís ag breiṫ breiṫe ar a ċéile a ṫuilleaḋ; aċt ’n‐a ionad sin taḃraiḋ aire gan ceap tuisliḋ, ná aḋḃar tuitme do ċur i mbealaċ ḃur mbráṫar.


ċum go ndearḃuiġiḋ siḃ na neiṫe is fearr; ċum go raiḃ siḃ fíor‐ġlan, gan loċt ar biṫ i gcóṁair lae Ċríost;


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, déanaiḋ iarraċt san mbreis ar ḃur ngairm agus ar ḃur dtoġaḋ do ḋaingniú: óir ag cleaċtaḋ na neiṫe seo ḋaoiḃ, ní ṫuisleoċaiḋ siḃ ċoiḋċe:


Aċt an té do‐ḃeir fuaṫ d’á ḃráṫair, atá sé san dorċadas, agus atá sé ag siuḃal san dorċadas, gan a ḟios aige cá ḃfuil a ṫriall, toisc a ṡúile ḃeiṫ dallta ag an dorċadas.


Is eol dúinn go ḃfuilmíd aistriġṫe ó’n mbás go dtí an ḃeaṫa toisc gráḋ ḃeiṫ againn do na bráiṫriḃ. An té atá gan gráḋ fanann sé san mbás.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan