Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Eoin 2:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 A ċlann ḃeag, atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo ċugaiḃ ċum naċ ndéanfaiḋ siḃ peacaḋ. Agus má ġníonn aoinneaċ peacaḋ, atá aḃcóide againn i ḃfoċair an Aṫar, Íosa Críost fíréan:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 A ċlann ḃeag, sgríoḃuim na neiṫese ċuguiḃ, ionnus naċ déunaḋ siḃ peacaḋ. Agus má rinne éinneaċ peacaḋ, atá aḃcóidiġ aguinn a ḃfoċair a Naṫar, Iósa Críosd an firéún.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Eoin 2:1
47 Iomraidhean Croise  

Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ag m’Aṫair daṁ‐sa; agus ní ḟuil a ḟios ag aoinneaċ, aċt ag an Aṫair aṁáin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Aṫair, aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a noċtaḋ ḋó.


fá mar aiṫniġeann an t‐Aṫair mé, agus aiṫniġim‐se an t‐Aṫair; agus do‐ḃeirim m’anam ar son na gcaoraċ.


A ċlann dílis, atáim ’n‐ḃúr ḃfoċair tamall beag go fóill. Béiḋ siḃ ’gam’ lorg, aċt, mar aduḃairt mé leis na h‐Iúdaċaiḃ, An áit ’n‐a ḃfuilim ag dul, ní ḟéadann siḃ‐sé teaċt ann; deirim liḃ‐se anois é.


Agus cuirfead‐sa aṫċuinġe ar an Aṫair, agus do‐ḃéarfaiḋ sé Sólásaiḋe eile ḋaoiḃ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃúr ḃfoċair go deoiḋ, Spiorad na fírinne:


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


Agus aduḃairt Íosa leo, A ċlann, an ḃfuil aon rud le n’iṫe agaiḃ? D’ḟreagradar ḋó, Ní ḟuil.


I n‐a ḋiaiḋ sin fuair Íosa sa teampall é, agus aduḃairt sé leis, Féaċ, atáir slán anois: ná déan peacaḋ feasta, ar eagla go dtuitfiḋ niḋ ba ṁeasa ort.


Aċt atá fiaḋnaise agam‐sa is mó ’ná fiaḋnaise Eoin: óir na gnóṫa ṫug m’Aṫair ḋom le cur ċum ċríċe, na gnóṫa féin do‐ġníṁ, do‐ḃeir siad ḟiaḋnaise im’ ṫaoḃ, gur ab é an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé.


Ná saoṫruiġiḋ an biaḋ ṫéiġeas amuġa, aċt saoṫruiġiḋ an biaḋ ṁaireas go dtí an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, an biaḋ ḃéarfas Mac an Duine ḋaoiḃ: óir is airsean do ċuir an t‐Aṫair, Dia, a ṡéala.


Aduḃairt sise, Níor ḋaor, a Ṫiġearna. Agus aduḃairt Íosa, Ní mó ḋaoraim‐se ṫú: imṫiġ, agus ná déan aon ṗeacaḋ arís.]


Cia aca de na fáiḋiḃ naċ ndearna ḃúr sinnsir géir‐leanaṁain air? agus do ṁarḃadar iad‐san d’ḟógair roiṁ ré teaċt an Ḟíréin úd; go ḃfuil siḃ‐se ’n‐ḃúr mbraṫadóiriḃ agus ’n‐ḃúr ndúnṁarḃṫóiriḃ aige;


Óir, má rinneaḋ réiḋteaċ idir sinn agus Dia tré ḃás a Ṁic, an tráṫ ’n‐a raḃamar ’n‐ár náiṁdiḃ, is móide an fáṫ, ar mbeiṫ do’n réiḋteaċ sin déanta, go slánóċar sinn tré n‐a ḃeaṫaiḋ.


Créad uime sin? an ndéanfaimíd peacaḋ de ḃriġ naċ fá ḋliġe atáimíd, aċt fá ġrása? Nár leigiḋ Dia é.


Fuair Críost bás, nó, dob ḟearr a ráḋ, d’aiséiriġ sé, agus atá sé ar ḋeasláiṁ Dé, agus do‐ġní sé eadarġuiḋe ar ár son.


Dúisiġiḋ ċum fíréantaċta, agus ná déanaiḋ peacaḋ: óir atá cuid agaiḃ atá gan eolas ar Ḋia: deirim an méid seo ċum náire do ċur oraiḃ.


Óir ṫug sé airsean, do ḃí gan eolas ar an bpeacaḋ, ṫug sé air ḃeiṫ ’n‐a ṗeacaḋ ar ár son, ċum go ndéanfaiḋe fíréantaċt Dé ḋínne ann.


A ċlann ḃeag, go ḃfuilim i dtinneas clainne arís ’n‐ḃur dtaoḃ nó go ngeintear Críost ionnaiḃ,


óir atá ár sliġe ċum an Aṫar againn araon, i n‐aon Spiorad aṁáin, tríd‐sean.


Má ḃíonn fearg oraiḃ, ná déanaiḋ peacaḋ; ná maireaḋ ḃur ḃfearg go luiġe gréine;


Óir ní ḟuil ann aċt an t‐aon Dia aṁáin, agus an t‐aon idir‐ṁeaḋóntóir aṁáin idir Dia agus daoine, mar atá an duine Íosa Críost,


Atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo ċugat, agus mé ag súil le teaċt ċugat go luaṫ;


Óir ní isteaċ i n‐áit naoṁṫa do rinneaḋ le láṁaiḃ do ċuaiḋ Críost, áit naċ ḃfuil aċt ’n‐a ṡompla de’n naoṁ‐áit ḟírinniġ; aċt isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ féin, ċum go ḃfaiġfiḋe é anois i láṫair Dé ar ár son‐sa:


Is í is fíor‐ċráiḃṫeaċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, cuairt do ṫaḃairt ar na dílleaċtaiḃ agus ar na baintreaḃaċaiḃ i n‐am a n‐anró, agus gan leigint do’n tsaoġal a ṫruailliú féin.


lán de niṁ ṁarḃṫaiġ. Is léi‐se ḃeannuiġmíd an Tiġearna, ár nAṫair: agus is léi ṁalluiġmíd daoine atá déanta i gcosaṁlaċt Dé:


Ní ḋearna sé peacaḋ ariaṁ, agus ní fríṫ cealg ’n‐a ḃéal.


Óir d’ḟulaing Críost féin, aon uair aṁáin, ar son na bpeacaiḋe, an fíréan i n‐éiric na neiṁḟíréan, ċum sinn do ṫaḃairt ċum Dé; d’á ċur ċum báis san ḃfeoil, aċt d’á ḃeoḋaḋ san spiorad;


A ċlann ḃeag, ná taḃraimís gráḋ i mbriaṫraiḃ béil, ná leis an teangain: aċt i ngníoṁarṫaiḃ agus i ḃfírinne.


Agus is eol daoiḃ gur foillsiġeaḋ é ċum peacaḋ do ċur ar ceal; agus ní ḟuil peacaḋ ar biṫ ann féin.


A ċlann ḃeag, ná meallaḋ aoinneaċ siḃ: an té ċleaċtas fíréantaċt atá sé fíréanta, fá mar tá séisean fíréanta:


Is ó Ḋia atá siḃ‐se, a ċlann ḃeag, agus atá buaiḋte agaiḃ orṫa‐san: óir is treise an té atá ionnaiḃ‐se ’ná an té atá san tsaoġal.


Is peacaḋ gaċ éagcóir: agus tá peacaḋ ann naċ ḃfuil ċum báis.


Is é an fír‐Ḋia, agus an ḃeaṫa ṁarṫannaċ é seo. A ċlann ḃeag, coiṁeádaiḋ siḃ féin ar íoḋalaiḃ.


Ní mó an gáirdeaċas ḃíos orm ’ná a ċlos go ḃfuil mo ċlánn ag siuḃal san ḃfírinne.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan