Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Eoin 1:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Má deirimíd naċ ḃfuil aon ṗeacaḋ déanta againn, atáimíd d’ár meallaḋ féin, agus ní ḟuil an ḟírinne ionnainn.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Dá nabram naċ ḃfuil peacaḋ oruinn, atámuid dár meallaḋ féin, agus ní ḃfuil an ḟirinne aguinn.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Eoin 1:8
33 Iomraidhean Croise  

Is ó ḃúr n‐Aṫair, an diaḃal, siḃ‐se, agus is é mian ḃúr n‐aṫar is toil liḃ do ḋéanaṁ. Dúnṁarḃṫóir ab eaḋ eisean ó ṫosaċ, agus níor ṡeas sé sa ḃfírinne, óir ní ḟuil fírinne ann. Nuair do‐ḃeir sé an t‐éiṫeaċ, is uaiḋ féin laḃras sé: óir is bréagaire é, is é aṫair an éiṫiġ é.


mar tá scríoḃṫa, Ní ḟuil aon duine fíréanta ann, ní ḟuil duine aṁáin;


óir do rinne an uile ḋuine peacaḋ, agus atáid i n‐easbaiḋ glóire Dé;


Ná meallaḋ aon duine é féin. Má ṁeasann aon duine ḋíḃ ḃeiṫ glic san tsaoġal so, bíoḋ sé ’n‐a amadán, ċum go n‐éireoċaḋ sé glic.


Óir má ṁeasann aon duine gur niḋ éigin é féin, agus gur neaṁ‐niḋ é, meallann sé é féin.


conspóidí daoine droċ‐aigeantaċ atá dall ar an ḃfírinne, ṁeasas gur aḋḃar tairḃe an cráḃaḋ.


Aċt éireoċaiḋ droċ‐ḋaoine agus mealltóirí níos measa agus níos measa, ag meallaḋ agus d’á meallaḋ féin.


Aċt cuiriḋ an briaṫar i ngníoṁ, gan ḃeiṫ ’n‐ḃur luċt éisteaċta aṁáin, ġ’‐ḃur meallaḋ féin.


Má ṁeasann aoinneaċ naċ gcuireann srian le n‐a ṫeangain, gur duine cráiḃṫeaċ é, aċt ḃíos ag meallaḋ a ċroiḋe féin, is cráiḃṫeaċt gan briġ atá ag an duine sin.


Óir is iomḋa tuisleaḋ do‐ġeiḃ gaċ duine againn. Má tá aoinneaċ naċ dtuisliġeann i mbriaṫraiḃ béil, duine lán‐ḟoirḃṫe is eaḋ é, duine go ḃfuil ar ċumas dó srian do ċur le n‐a ċolainn ar fad.


agus do‐ġeoḃaiḋ siad tuarastal a gcuirpṫeaċta. Is geal leo mar ṗléisiúr ḃeiṫ ag dreaḃlas i lár an lae; dream salaċ, máċaileaċ, iad go scléipeaċ ’n‐a ḃféastaiḃ gráḋa, ag caiṫeaṁ fléiḋe ḋóiḃ ’n‐ḃur gcuideaċtain.


Má deirimíd naċ ḃfuil peacaḋ déanta againn, bréagnuiġmíd é, agus ní ḟuil a ḃriaṫar ionnainn.


Má deirimíd go ḃfuil cumann againn leis, agus sinn ag siuḃal san dorċadas, is bréag do‐ġnímíd, agus ní ḟuilmíd ag déanaṁ na fírinne:


An té adeir, Atá aiṫne agam air, agus naċ gcoiṁeádann a aiṫeanta, is bréagaire é, agus ní ḟuil fírinne ar biṫ ann.


Má deir aoinneaċ, Atá gráḋ do Ḋia agam, agus fuaṫ dó ḃeiṫ aige d’á ḃráṫair, is bréagaire é; óir an té atá gan gráḋ do’n ḃráṫair do ċonnaic sé, ní féidir leis gráḋ do ṫaḃairt do Ḋia naċ ḃfaca sé.


as uċt na fírinne ċóṁnuiġeas ionnainn, agus ḃéas linn go síorraiḋe.


Is mór an gáirdeaċas do ḃí orm nuair ṫáinig na bráiṫre ċugam ag taḃairt fiaḋnaise leo ar an ḃfírinne atá ionnat, cionnas táir ag siuḃal san ḃfírinne.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan