Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Eoin 1:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus is í seo an teaċtaireaċt do ċualamar uaiḋ‐sean, agus atá againn d’á fógairt daoiḃ, gur solas Dia, agus naċ ḃfuil dorċadas ar biṫ ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus a sí so an teaċdaireaċd do ċúalamar úaḋsan, agus ḟoillsiġeamáoid ḋíḃse, eaḋon gur solas é Día, agus naċ ḃfuil dorċadus ar biṫ ann.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Eoin 1:5
19 Iomraidhean Croise  

Agus is í seo fiaḋnaise Eoin, nuair do ċuir na h‐iúdaiġ sagairt agus Leḃítiġ ó Iarúsalem ċuige g‐á ḟiafruiġe ḋe, Cia h‐é ṫusa?


Is ann do ḃí an ḃeaṫa, agus do b’é solas na ndaoine an ḃeaṫa.


Do b’é sin an fíor‐ṡolas ṡoillsiġeas gaċ uile ḋuine, ag teaċt ar an saoġal.


Annsin do laḃair Íosa leo arís, g‐á ráḋ, Is mise solas an doṁain, an té leanas mé ní siuḃalfaiḋ sé i ndorċadas, aċt béiḋ solas na beaṫaḋ aige.


An ḟaid atáim ar an saoġal, is mise solas an tsaoġail.


Óir is ó’n Tiġearna fuaras an méid do ṁúineas daoiḃ, gur ġlac an Tiġearna Íosa an t‐arán, an oiḋċe ’n‐ar braiṫeaḋ é;


an té aṁáin ag a ḃfuil an do‐ṁarḃṫaċt, ċóṁnuiġeas i solas do‐ṡroiċte; an té naċ ḃfaca súil duine ariaṁ, agus naċ ḃféadann aon duine a ḟeicsin: dó‐san go raiḃ an onóir agus an ċuṁaċt síorraiḋe. Amen.


Is ó’n áirde ṫuas atá gaċ deaġ‐ṫaḃartas agus gaċ tíoḋlacaḋ iomlán, ag teaċt anuas ó Aṫair na soillse, naċ dtagann claoċloḋ ar biṫ air, ná aṫrú ó ṡolas go dorċadas.


Óir is í seo an teaċtaireaċt do ċualaḃar ó ṫús, gur dual dúinn gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile:


Agus ní ḟuil gáḃaḋ ag an gcaṫair leis an ngréin, ná leis an ngealaiġ ċum í do ṡoillsiú: óir soillsiġeann glóir Dé í, agus is é an tUan is solas di.


Agus ní ḃéiḋ aon oiḋċe ann arís; agus ní ḃéiḋ gáḃaḋ le solas lóċrainn, ná le solas na gréine; óir do‐ḃéarfaiḋ an Tiġearna Dia solas dóiḃ: agus béiḋ siad ag riaġlú go saoġal na saoġal.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan