Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Eoin 1:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 i dtaoḃ Briaṫair na beaṫaḋ (is eaḋ, do foillsiġeaḋ an ḃeaṫa, agus do ċonnacamar í, agus atáimíd ag taḃairt fiaḋnaise, agus atáimíd ag fógairt na beaṫaḋ ḋaoiḃ, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ do ḃí leis an Aṫair, agus do foillsiġeaḋ ḋúinne);

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 (Oír do foillsiġeaḋ an ḃeaṫa, agus do ċonncamairne, agus do nimid dfíaḋnuise, agus foillsiġemid díḃse an ḃeaṫa ṁarṫannaċ úd, noċ do ḃí ag a Naṫair, agus atá ar na foillsuġaḋ ḋúinne;)

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Eoin 1:2
37 Iomraidhean Croise  

Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ; an t‐Aon‐Ṁac atá i n‐uċt an Aṫar, do b’é d’ḟoillsiġ é.


Is ann do ḃí an ḃeaṫa, agus do b’é solas na ndaoine an ḃeaṫa.


agus do‐ḃeirim an ḃeaṫa ṡíorraiḋe ḋóiḃ; agus ní caillfear iad go deoiḋ, agus ní ḟuadóċaiḋ aoinneaċ as mo láiṁ iad.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


agus do‐ḃeir siḃ‐se, leis, fiaḋnaise, óir atá siḃ im’ ḟoċair ó ṫosaċ.


Ṫáinig mé amaċ ó’n Aṫair, agus ṫáinig mé ar an saoġal: atáim ag fágáil an tsaoġail arís, agus atáim ag dul ċum an Aṫar.


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


Agus anois, a Aṫair, taḃair‐se glóir ḋaṁ‐sa, i n‐éinḟeaċt leat féin, leis an nglóir do ḃí agam id’ ḟoċair sara raiḃ an doṁan ar bun.


Agus an té do ċonnaic é, ṫug sé fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ; agus atá a ḟiaḋnaise fíor: agus atá a ḟios aige gur fíor a n‐abrann sé, ċum go gcreidfeaḋ siḃ‐se, ċóṁ maiṫ.


Ba é sin an tríoṁaḋ h‐uair do noċtaḋ Íosa do na deisceablaiḃ, tar a éis dó aiséirġe ó na marḃaiḃ.


Agus ní ḋeaċaiḋ aon duine suas ar neaṁ, aċt an té ṫáinig anuas ó neaṁ, Mac an Duine atá ar neaṁ.


Atá aiṫne agam‐sa air; óir is uaiḋ‐sean mé, agus is é féin do ċuir uaiḋ mé.


Laḃraim‐se i dtaoḃ a ḃfaca mé i ḃfoċair m’Aṫar: agus do‐ġní siḃ‐se, leis, na neiṫe doċualaḃar ó ḃúr n‐Aṫair.


ag tosnú ó ḃaisteaḋ Eoin, go dtí an lá ’n‐ár tógaḋ suas uainn é, caiṫfiḋ duine aca ḃeiṫ ’n‐a ḟiaḋnaiḋe ar a aiséirġe.


aċt d’ḟiaḋnaiḋṫiḃ do ḃí toġṫa ag Dia roiṁ ré, dúinne, do ḃí ag iṫe agus ag ól ’n‐a ḟoċair tar a éis dó aiséirġe ó na marḃaiḃ.


Ba é an t‐Íosa so do ṫóg Dia suas, agus is fiaḋnaiḋṫe sinne uile air.


agus do ṁarḃaḃar Uġdar na beaṫaḋ; do ṫóg Dia ó na marḃaiḃ; go ḃfuilmíd ’n‐ár ḃfiaḋnaiṫiḃ air.


Agus atáimíd‐ne ’n‐ár ḃfiaḋnaiḋṫiḃ ar na neiṫiḋ sin; agus an Spiorad Naoṁ ṫug Dia ḋóiḃ‐sean uṁluiġeas dó.


Óir an niḋ naċ raiḃ ar ċumas do’n dliġe do ḋéanaṁ, de ḃriġ go raiḃ sé lag de ḃárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do ċuir sé uaiḋ a Aon‐Ṁac féin i gcosaṁlaċt colna peacaṁla; is é sin, mar íoḋḃairt ar son an ṗeacaiḋ, do ḋaṁnuiġ sé an peacaḋ san ċolainn,


aċt nuair ṫáinig an t‐am, do ċuir Dia uaiḋ a Ṁac, tugaḋ ó ṁnaoi, rugaḋ fá’n dliġe,


Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.


aċt atá foillsiġṫe anois tré ṫaisbeánaḋ ár Slánuiġṫeora Íosa Críost, do ċuir an bás ar ceal, agus ṫug an ḃeaṫa agus an do‐ṁarḃṫaċt ċum solais tríd an soiscéal,


i ndóċas na beaṫaḋ síorraiḋe, do ġeall Dia, naċ ḃféadann bréag do ḋéanaṁ, ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin;


Iarraim d’aṫċuinġe ar na seanóiriḃ ’n‐ḃur measc, mise atá im’ ṡeanóir, ċóṁ maiṫ, agus im’ ḟiaḋnaiḋe ar ar ḟulaing Críost, agus im’ rannṗáirtiḋe, leis, de’n ġlóir foillseoċar:


Is é do ḃí ann ó ṫús, do ċualamar, do ċonnaic ár súile féin, ar ar ḋearcamar, agus do láiṁsiġ ár láṁa,


Agus is é rud atá geallta aige féin dúinn, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.


Agus is eol daoiḃ gur foillsiġeaḋ é ċum peacaḋ do ċur ar ceal; agus ní ḟuil peacaḋ ar biṫ ann féin.


an té do‐ġní peacaḋ, is duine de ċlainn an diaḃail é; óir atá an diaḃal ag déanaṁ peacaiḋ ó ṫús. Ċuige seo is eaḋ do foillsiġeaḋ Mac Dé, ċum go gcuirfeaḋ sé deireaḋ le h‐oibreaċaiḃ an diaḃail.


Agus do ċonnacamar agus do‐ḃeirimíd fiaḋnaise gur ċuir an tAṫair a Ṁac uaiḋ mar Ṡlánuiġṫeoir an doṁain.


Is air so aiṫneoċas siḃ Spiorad Dé: gaċ spiorad adṁuiġeas Íosa Críost ṫáinig san gcolainn, is ó Ḋia atá sé:


Agus is í seo an ḟiaḋnaise, go dtug Dia an ḃeaṫa ṁarṫannaċ dúinn, agus gur ’n‐a Ṁac atá an ḃeaṫa so.


Do scríoḃas na neiṫe seo ċugaiḃ‐se ċreideas i n‐ainm Ṁic Dé ċum go mbéiḋ eolas agaiḃ go ḃfuil an ḃeaṫa ṁarṫannaċ agaiḃ.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan