Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Eoin 1:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Is é do ḃí ann ó ṫús, do ċualamar, do ċonnaic ár súile féin, ar ar ḋearcamar, agus do láiṁsiġ ár láṁa,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 An ní do ḃí ann ó ṫús, an ní do ċúalamar, an ní do ċonncamar ré ar súiliḃ féin, an ní air ar ḟéuċamar, agus do ġlacadar ar láṁa, a dtáoḃ Ḃréiṫre na beaṫa;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Eoin 1:1
23 Iomraidhean Croise  

de réir mar atá siad taḃarṫa ḋúinn aca‐san dc ċonnaic ó ṫosaċ le n‐a súiliḃ iad, agus do ḃí ’n‐a seirḃíseaċaiḃ do’n ḃriaṫar,


Féaċaiḋ mo láṁa agus mo ċosa, gur mise atá ann: cuiriḋ ḃúr láṁa orm, agus féaċaiḋ; óir ní ḟuil feoil agus cnáṁa ag spioraid, mar do‐ċí siḃ a ḃeiṫ agam‐sa.


Agus an té do ċonnaic é, ṫug sé fiaḋnaise ’n‐a ṫaoḃ; agus atá a ḟiaḋnaise fíor: agus atá a ḟios aige gur fíor a n‐abrann sé, ċum go gcreidfeaḋ siḃ‐se, ċóṁ maiṫ.


Aduḃairt sé annsin le Tomás, Cuir do ṁéar annso, agus féaċ mo láṁa; agus sín annso do láṁ, agus cuir isteaċ im’ ṫaoḃ í: agus ná bí díċreidṁeaċ, aċt bí creidṁeaċ.


Óir fá mar atá beaṫa ag an Aṫair ann féin, ar an gcuma ċéadna ṫug sé do’n Ṁac beaṫa do ḃeiṫ aige ann féin:


Aduḃairt Íosa leo, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Sara rugaḋ Abraċam, atáim‐se ann.


d’ar ṫaisbeán sé é féin beo i ndiaiḋ a ṗáise, le n‐a lán deiṁniú, d’á ṫaiḋḃsiú féin dóiḃ i gcaiṫeaṁ dá ḟiċid lá, agus ag laḃairt ar na neiṫiḃ do ḃain le ríoġaċt Dé:


óir ní féidir linne gan laḃairt i dtaoḃ a ḃfacamar agus a gcualamar.


cionnas éalóċaimíd‐ne má ḋéanaimíd failliġe i slánuġaḋ ċóṁ mór sin? do fógruiġeaḋ ar dtús tríd an Tiġearna, agus do dearḃuiġeaḋ ḋúinn tré na daoiniḃ do ċuala é;


Agus do ċonnacamar agus do‐ḃeirimíd fiaḋnaise gur ċuir an tAṫair a Ṁac uaiḋ mar Ṡlánuiġṫeoir an doṁain.


Agus is é an Spiorad do‐ḃeir fiaḋnaise, óir is é an Spiorad an ḟírinne.


g‐á ráḋ, An méid do‐ċí tú, scríoḃ i leaḃar é, agus cuir ċum na seaċt n‐eaglais é; ċum Eiféise, agus ċum Smiorna, agus ċum Pergamum, agus ċum Tuatíra, agus ċum Sárdis, agus ċum Filadelfia, agus ċum Laodicia.


Is mise an t‐Alfa agus an t‐Ómega, adeir an Tiġeara Dia, an té atá ann, agus do ḃí ann, agus atá ag teaċt, an tUile‐ċuṁaċtaċ.


Agus atá sé clúduiġṫe le h‐éadaċ do tomaḋ i ḃfuil: agus is é ainm tugtar air, Briaṫar Dé.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Smiorna; Is é adeir an tosaċ agus an deireaḋ, do ḃí marḃ, agus atá beo:


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan