Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Chum Timóteuis 5:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Aċt muna ndéanaiḋ duine soláṫar d’á ṁuinntir féin, d’á líon tiġe féin, go h‐áiriṫe, atá an creideaṁ tréigṫe aige,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus má atá aonduine náċ déun soláṫar dá ḋáoiniḃ féin, agus go mórṁór do luċd a ṫíġe, do ṡéun sé an creideaṁ, agus is measa é ná neaċ gan ċreideaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Chum Timóteuis 5:8
19 Iomraidhean Croise  

Agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leo‐san, innis do’n eaglais é: agus má ḋiúltuiġeann sé d’éisteaċt leis an eaglais, bíoḋ sé ’n‐a Ṗágánaċ agus ’n‐a ṗoibleacán agat.


D’á ḃriġ sin, má’s eol daoiḃ‐se, atá go h‐olc, cionnas deaġ‐ḃronntanais do ṫaḃairt d’ḃúr gclainn, naċ dóċaiġe go mór go dtiuḃraiḋ ḃúr nAṫair atá ar neaṁ deaġ‐ḃronntanais dóiḃ‐sean iarrfas air iad?


Muna mbéaḋ go dtáinig mé agus gur laḃair mé leo, ní ḃéaḋ peacaḋ orṫa: aċt anois atáid gan leiṫscéal i dtaoḃ a bpeacaiḋ.


Aċt is aṁlaiḋ ḃíos bráṫair ag dul ċum dliġe le bráṫair eile, agus sin i láṫair daoine gan creideaṁ.


Feaċaiḋ, seo í an treas uair atáim ullaṁ ċum teaċt ċugaiḃ; agus ní ḃéidead mar ualaċ oraiḃ, óir ní h‐é ḃur gcuid atáim do ṡanntú, aċt siḃ féin: óir ní h‐iad an ċlann gur dual dóiḃ soláṫairt fá ċóṁair na dtuismiġṫeoir, aċt gur dual na tuismiġṫeoiriḃ soláṫairt do’n ċlainn.


Agus cia an ċóṁaontú atá ag Críost le Bélial? nó cia an ċuid atá ag an duine ċreideas agus ag an duine naċ gcreideann le ċéile?


Mar sin de, do réir mar ḃíos an uain againn, déanaimís an ṁaiṫ do’n uile ḋuine, go mórṁór do luċt tiġe an ċreidiṁ.


má ṡeasaimíd go dian, riaġlóċaimíd i n‐éinḟeaċt leis: má ṡéanaimíd é, séanfaiḋ seisean sinne, leis:


cuma na cráiḃṫeaċta orṫa, aċt go ḃfuil diúlta aca d’á briġ; fan amaċ ó n‐a leiṫéidiḃ sin.


Cuireann siad i gcéill go ḃfuil eolas ar Ḋia aca; aċt is aṁlaiḋ ṡéanas siad le n‐a ngníoṁarṫaiḃ é, ar mbeiṫ ḋóiḃ gráineaṁail, easuṁal, agus iad gan éifeaċt le h‐aġaiḋ deaġ‐oibre ar biṫ.


Aċt d’éiriġ fáiḋe bréige i measc an ṗobail, agus béiḋ luċt teagaisc ḃréige ’n‐ḃur measc‐na, leis, daoine ḃéarfas isteaċ siosmaí millteaċa, ag séanaḋ an Ṁáiġistir féin do ċeannuiġ iad, ag tarraing scriosta obainn orṫa féin.


Óir atá daoine áiriṫe do ṡleaṁnuiġ isteaċ ós íseal, daoine do réaṁ‐órduiġeaḋ fad ó ċum na daoir‐ḃreiṫe seo, daoine neiṁ‐ḋiaḋa atá ag tionntoḋ grása ár nDé go colnaiḋeaċt, agus atá ag séanaḋ Íosa Críost, ár n‐aon Ṁáiġistir agus ár n‐aon Tiġearna aṁáin.


Is eol dom t’áit ċóṁnuiġṫe, mar a ḃfuil riġ‐ċaṫaoir Ṡátain: agus greamuiġeann tú dem’ ainm‐se, agus níor ṡéanais mo ċreideaṁ i laeṫiḃ Antipais féin, m’ḟiaḋnaiḋe dílis do marḃaḋ ’n‐ḃur measc, san áit ’n‐a ḃfuil Sátan ’n‐a ċóṁnaiḋe.


Is eol dom t’oibreaċa (féaċ, atá doras foscailte curṫa agam róṁat, agus ní ḟéadann aoinneaċ a ḋúnaḋ), de ḃriġ go ḃfuil beagán cuṁaċta agat, agus gur ċoiṁeádais mo ḃriaṫar, agus nár ṡéanais m’ainm.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan