Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Chum Timóteuis 3:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Is inċreidṫe an focal, má loirgeann duine cúram easbuic, go loirgeann sé obair ṁaiṫ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 As ráḋ fírinneaċ so, Má atá fonn ar áoinneaċ oifig easbuig do ġlacaḋ, íarruiḋ sé obair ṁaiṫ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Chum Timóteuis 3:1
19 Iomraidhean Croise  

Mar an gcéadna, adeirim liḃ, béiḋ áṫas i measc aingeal Dé mar ġeall ar ṗeacaċ aṁáin do‐ġní aiṫriġe.


Óir atá scríoḃṫa i leaḃar na Salm, Go ndéantar fásaċ d’á áit cóṁnaiḋṫe, Agus ná déanaḋ aon duine cóṁnaiḋe ann: agus, GIacaḋ duine éigin eile a ḟeaḋmannas.


Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.


Óir is liḃ‐se, a Ċineaḋaċa, atáim ag laḃairt, san méid gur mise abstal na gCineaḋaċ, móruiġim m’oifig:


ċum na naoiṁ d’ḟoirḃiú, le h‐aġaiḋ gnó na miniostrálaċta, ċum corp Ċríost do ċóiṁ‐ġreamú le ċéile:


Pól agus Timóteus, seirḃísiġ Íosa Críost, ċum na naoṁ uile i nÍosa Críost atá i ḃFilipí, maille leis na h‐easbogaiḃ agus leis na deoċanaiḃ:


Agus iarraimíd oraiḃ, a ḃráiṫre, taḃraiḋ raḃaḋ do na fallsóirí, taḃraiḋ meisneaċ do na daoiniḃ atá lag‐ċroiḋeaċ, biḋiḋ mar ṫaca do na daoiniḃ atá i n‐ísle ḃriġe, biḋiḋ foiġdeaċ leis an uile ḋuine.


Is inċreidṫe an focal é, agus is fiú glacaḋ ar fad leis, go dtáinig Íosa Críost isteaċ san tsaoġal ċum peacaiġ do ṡlánú; agus is mise an té is measa ḋíoḃ.


Is inċreidṫe an focal é, agus is fiú glacaḋ ar fad leis.


Is fírinneaċ an ráḋ so: Má fuaramar bás i n‐éinḟeaċt leis, mairfimíd beo i n‐éinḟeaċt leis mar an gcéadna:


Óir ní foláir do’n easboc ḃeiṫ gan loċt, mar ba ċóir do ṁaor Dé; gan ḃeiṫ ceanndána, gan ḃeiṫ feargaċ, gan ḃeiṫ tugṫa do’n ól, gan ḃeiṫ buailteaċ, ná sanntaċ i n‐airgead neaṁ‐ġlan;


Is fíor an ráḋ é, agus ba ṁian liom go gcuirfeá ’n‐a luiġe ar na daoiniḃ é, go gcaiṫfiḋ an dream ċreideas i nDia deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ. Is iad so na neiṫe atá fóġanta, tairḃeaċ do na daoiniḃ:


ag féaċain ċuige ar eagla go gclisfeaḋ ar aoinneaċ fá ġrása Dé; ar eagla go ḃfásfaḋ aon ḟréaṁ seirḃe do ḃéaḋ mar aḋḃar buaiḋearṫa, agus go dtruailleoċaiḋe mórán d’á ḋeascaiḃ;


Óir do ḃí siḃ mar ċaoiriġ ag dul ar fán; aċt anois atá siḃ fillte ċum Aoḋaire agus ċum Easpuig ḃur n‐anmann.


Aċt ná fulaingeaḋ aon duine agaiḃ mar ḋúnṁarḃṫóir, ná mar ġadaiḋe, ná mar ḃiṫeaṁnaċ, ná mar spíodóir i ngnóṫaiḃ daoine eile:


beaṫuiġiḋ tréad Dé atá ’n‐ḃur measc, ag taḃairt aire ḋó, ní d’ḃur n‐aiṁḋeoin é, aċt go toilteanaċ, do réir tola Dé; ní h‐é ar son táir‐éadála, aċt le h‐ionnracas aigne;


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan