Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Chum Timóteuis 1:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 D’impiḋeas ort fanaṁain i nEiféis, agus mé ag imṫeaċt fá ḋéin na Maiceadóine, ċum fógraḋ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ áiriṫe gan aṫrú teagaisc do ṁúineaḋ,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Aṁuil do ċuir mé dimpiḋe ort, cóṁnuiġe a Néṗesus, ar ndul go Macedonia ḋaṁ, ionnus go dtiúḃarṫa fógrá uáit do ḋruing áiriġe gan aṫarraċ teaguisg do ṫaḃairt úaṫa,

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Chum Timóteuis 1:3
24 Iomraidhean Croise  

Agus ṫáinig siad go h‐Eiféis, agus d’ḟág sé annsin iad: aċt do ċuaiḋ sé féin isteaċ san tsionagóig, agus do ḃí sé ag diospóireaċt leis na h‐Iúdaċaiḃ.


aċt d’ḟág sé slán aca, g‐á ráḋ, Fillfead cugaiḃ arís, má’s toil le Dia é, agus d’imṫiġ sé ar luing ó Eiféis.


Óir ba toil le muinntir na Maiceadóine agus na Gréige cóṁ‐roinn do ḋéanaṁ leis na boċtaiḃ atá i measc na naoṁ i nIarúsalem.


Anois, a ḃráiṫre, impiḋim oraiḃ ḃeiṫ ar ḃur gcosaint ar an dream do‐ġní siosmaí agus scannail i n‐aġaiḋ an teagaisc atá foġlamṫa agaiḃ; agus druidiḋ uaṫa.


Óir má ṫagann duine ag seanmóiriú Ċríost eile nár ṡeanmóruiġeamair‐ne, nó má ġlacann siḃ spiorad eile nár ġlacamar leis, naċ breaġ mar ḟulaingeann siḃ leisean?


ċum miosúir áirde iomláine Críost: ionnas naċ mbéidmíd feasta ’n‐ár leanḃaiḃ, d’ár luascaḋ siar, aniar, d’ár scuabaḋ ċum siuḃail ag gaċ gaoiṫ teagaisc, ag cleasaiḋeaċt luċt ceilge, ag a gclisteaċt ċum mealltóireaċta:


aċt atá súil san Tiġearna agam go dtiocfad féin ċugaiḃ go luaṫ.


Fógair agus múin na neiṫe seo.


Má ċuireann tú na neiṫe seo i gcuiṁin do na bráiṫriḃ, béiḋir id’ ṡeirḃíseaċ maiṫ d’Íosa Críost, oilte as briaṫraiḃ an ċreidiṁ agus as an deaġ‐ṫeagasc d’ár leanais go dtí anois.


Cuir na neiṫe seo ’n‐a luiġe orṫa ċum go mbéiḋ siad gan loċt.


Óir fréaṁ an uile ṡaġais uile is eaḋ gráḋ an airgid, agus g‐á ṡanntú do ḋaoiniḃ áiriṫe, do ċuadar ar fán ó’n gcreideaṁ, agus is iomḋa arraing le n‐ar ṫolladar iad féin.


Órduiġ do na daoiniḃ go ḃfuil saiḋḃreas aca san tsaoġal so gan ḃeiṫ árd‐aigeantaċ, gan a muiniġin do ċur as an saiḋḃreas so‐ġluaiseaċta, aċt as Dia do‐ḃeir gaċ niḋ go fial dúinn ċum ár sástaċta:


Má ṁúineann aoinneaċ a ṁalairt de ṫeagasc, agus muna gclaoiḋeann sé le briaṫraiḃ fóġanta, briaṫra ár dTiġearna Íosa Críost, agus leis an teagasc atá do réir cráḃaiḋ;


(Go dtugaiḋ an Tiġearna ḋó trócaire d’ḟáġáil ó’n Tiġearna san ló úd): agus is maiṫ atá a ḟios agat féin méid na seirḃís do rinne sé ḋom i nEiféis.


Óir atá a lán mealltóir imṫiġṫe amaċ san tsaoġal, naċ n‐adṁuiġeann Íosa Críost ṫáinig san gcolainn. Atá a leiṫéid seo ’n‐a ṁealltóir agus ’n‐a ainċríost.


Aċt atá beagán agam le ráḋ it’ aġaiḋ, de ḃriġ go ḃfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de ṫeagasc Ḃaláaim, an té do ṁúin do Ḃalac ceap tuisliḋ do ċur roiṁ ċlainn Israel, ċum neiṫe do ḃí íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe, agus ċum striapaċas do ċleaċtaḋ.


Aċt atá an méid seo agam it’ aġaiḋ, go ḃfulaingeann tú an ḃean Iesebel, adeir gur ban‐ḟáiḋ í féin; agus múineann agus mealann sí mo ṡeirḃísiġ ċum striapaċas do ċleaċtaḋ, agus ċum neiṫe atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan