Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




1 Chum Timóteuis 1:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól, abstal Íosa Críost ar órdú Dé ár Slánuiġṫeoir, agus Íosa Críost, uġdar ár ndóċais;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Pol, absdal Iósa Críosd do réir órduiġ Dé ar Slánaiġṫeóir, agus an Tíġearna Iósa Críosd, ar muiniġin;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




1 Chum Timóteuis 1:1
38 Iomraidhean Croise  

Agus do‐rinne mo spioraid gáirdeaċas i nDia mo Ṡlánuiġṫeoir.


óir atá Slánuiġṫeoir beirṫe ḋaoiḃ indiu, is é sin Críost an Rí, i gcaṫair Ḋáiḃi.


Aċt aduḃairt an Tiġearna leis, Imṫiġ leat: óir is soiṫeaċ toġṫa agam‐sa é, ċum m’ainm do ḃreiṫ i láṫair na nGeinte agus na ríoġ, agus do ċlainn Israel:


Pól seirḃíseaċ Íosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ ’n‐a abstal, do cuireaḋ ar leiṫ le h‐aġaiḋ soiscéil Dé,


Pól, fuair gairm mar abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé,


Óir, má’s dem’ ṡaor‐ṫoil féin do‐ġním é, atá luaċ saoṫair agam; aċt, má’s i n‐aġaiḋ mo ṫola é, do cuireaḋ ’n‐a ċúram orm é.


Pól, abstal Íosa Críost tré ṫoil Dé, agus Timótéus ár mbráṫair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, mar aon leis na naoṁaiḃ go léir atá i nAċáia ar fad:


Pól, abstal (ní ó ḋaoiniḃ, agus ní tríd an duine, aċt tré Íosa Críost, agus tré Ḋia, an tAṫair, do ṫóg ó na marḃaiḃ é),


Óir do‐ḃeirim le fios daoiḃ, a ḃráiṫre, i dtaoḃ an tsoiscéil d’ḟógras, naċ dó réir an duine é.


d’ár ṫoiliġ Dia a ċur i ḃfios créad é saiḋḃreas glóire na rúindiaṁaire seo i measc na gCineaḋaċ, is é sin Críost ionnaiḃ, an dóċas ċum glóire.


Anois go dtugaiḋ ár dTiġearna Íosa Críost féin agus Dia ár nAṫair, do ġráḋuiġ sinn, agus ṫug sólás síorraiḋe agus deaġ‐ḋóċas dúinn tré ġrása, go dtugaiḋ sé sólás croiḋe ḋaoiḃ,


Do‐ḃeirim buiḋeaċas leis an té ṫug cumas dom, Íosa Críost ár dTiġearna, do ṁeas gur ḋuine iontaoḃṫa mé, ’gam’ ṫoġaḋ le h‐aġaiḋ a ṡeirḃíse:


Is maiṫ agus is taiṫneaṁaċ an niḋ seo i ḃfiaḋnaise Dé ár Slánuiġṫeoir,


Ċuige sin is eaḋ do h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe agus im abstal (is í an ḟírinne atá agam d’á ráḋ, ní bréag í), im’ ṫeagascṫóir ċum an creideaṁ agus an ḟírinne do ṁúineaḋ do na Cineaḋaċaiḃ.


Óir ċuige sin is eaḋ atáimíd ag saoṫrú agus ag spairn, toisc ár muiniġin ḃeiṫ againn as an Dia beo, slánuiġṫeoir na ndaoine uile, an méid aca ċreideas, go mór‐ṁór.


aċt d’ḟoillsiġ a ḃriaṫar san am oireaṁnaċ tríd an seanmóireaċt do cuireaḋ mar ċuspóir orm‐sa, do réir aiṫne Dé ár Slánuiġṫeoir;


gan ḃeiṫ ag ais‐ḟreagairt; gan ḃeiṫ ag mionġadaiḋeaċt, aċt an uile ḋílse do ṫaisbeáint; ċum onóir ins gaċ éinniḋ do ṫaḃairt do ḃriaṫar Ḋé, ár Slánuiġṫeoir.


ag fanaṁain le dóċas beannuiġṫe agus le taisbeánaḋ glóire an Dé ṁóir agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost;


Aċt nuair do noċtaḋ maiṫeas agus gráḋ Dé ár Slánuiġṫeoir do’n duine,


do ḋoirt sé go fial orainn, tré Íosa Críost ár Slánuiġṫeoir:


ċreideas tríd‐sean i nDia, do ṫóg ó na marḃaiḃ é, agus ṫug glóir dó; ċum go mbéaḋ ḃur muiniġin agus ḃur ndóċas as Dia.


Go mbeannuiġtear Dia, Aṫair ár dTiġearna Íosa Críost, d’aiṫġein, do réir a ṁór‐ṫrócaire, sinn ċum beo‐ḋóċais tré aiséirġe Íosa Críost ó na marḃaiḃ,


Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:


Agus do ċonnacamar agus do‐ḃeirimíd fiaḋnaise gur ċuir an tAṫair a Ṁac uaiḋ mar Ṡlánuiġṫeoir an doṁain.


lán de ġáirdeaċas, do’n Aon‐Dia aṁáin, ár Slánuiġṫeoir, tré Íosa Críost ár dTiġearna, dó‐san go raiḃ glóir, mórḋaċt, neart agus cuṁaċt, mar ḃí ariaṁ, mar tá anois, agus mar ḃéas go saoġal na saoġal, Amen.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan