Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Psailm 99:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 O a ṪIĠEARNA ar Ndíane do ċúala tú íad: ad Ḋía ṁaiṫfeaċ do ḃí tú ḋóiḃsion, aċt ċeana ag déanaṁ dioġaltais air a naindliġṫiḃ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Psalma Ḋaiḃí 1836

8 Ċualaiġ tu iad a Ṫi’arna Dia, ’S tu nDia do ṁaiṫ a loċd; Aċt díoġaltas rinnis orra fós, Ar son a neasúṁlaċt.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

8 Ċuala tú iad, a Ṫiarna ár nDia: is maiteaċ a ḃí tú leo, a Ḋia, aċ gur ċuir tú pionós orṫu ar son a ndoḃeart féin.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Psailm 99:8
16 Iomraidhean Croise  

Giḋeaḋ, do ċionn go ttug tú leis an ngníoṁso cúis ṁór dá náṁuid an TIĠEARNA do scanniuġaḋ, an leanaṁ fós do rugaḋ ḋuit, do ġeaḃa sé bás go deiṁin.


Ṫairis sin, mar do ḃí sé trócaireaċ, do ṁaiṫ a ccionta, agus níor sgrios íad: agus dfill sé go minic a ḟearg tar a hais, agus níor ṁúscail sé a ḋiḃḟearg uile.


Ṫairis sin ní ḃeanfa mé mo ṫrócaire ṫrid amaċ ḋeision, agus ní ḋéanad bréug a naġaiḋ mfírinne.


Agus a duḃairt Aáron riú, Brisiġ na clúasḟáinniḋe óir, atá ar ċlúasuiḃ ḃur mban, agus ḃur mac, agus ḃur ninġean, agus tugaiḋ ċugamsa íad.


Ag coiṁéad trocaire do ṁíltiḃ, ag maiṫeaṁ éigceart sáruiġṫe agus ṗeacaiḋ, agus naċ sáorfuiḋ ar eanċor na ciontuiġ; ag leanṁuin ċiontaḋ na naiṫreaċd ar an gcloinn, agus ar ċloinn na cloinne, go nuige an treas agus an ceaṫraṁaḋ glún.


Féuċ, ag so aṁáin fuáir mé, go ndéarnuiḋ Día an duine fíréanta; aċt díarradar féin iomad smuáintiġṫe amaċ.


Ná bíoḋ eagla ort, a Iácob mo ṡeirḃíseaċ, a deir an TIĠEARNA: óir atáimsi maille riot; do ḋéana mé críoċnuġaḋ iomlán do nuile ċineaḋ ċum ar ṫeilg mé ṫú: aċt ní cuirfiḋ mé deireaḋ iomlán leaċdsa, aċt smaiċteoċa mé ṫú a measarḋaċt; giḋeaḋ ní ḟúigfiḋ mé ṫú go hiomlán gan smaċtuġaḋ.


A duḃairt mé, Go deiṁin biáiḋ meagla ort, géaḃa tú teagasg; iondus naċ géarriuiḋe amaċ a náit ċoṁnuiġe, giḋ gur smaċtuiġ mé íad: aċt deirġiodarsan go moċ, agus do ṫruáilleadar a ngníoṁa uile.


¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise agus ré Háaron, Do ċionn nar creideaḃair ḋaṁ, dom náoṁaḋ a laṫair ċlonme Israel, uime sin ní ṫiuḃarṫáoi an ċuideaċdasa don dúṫaiġ ṫug me ḋáoiḃ.


Béarṫar Aáron a gcionn a ḋáoine: óir ní raċaiḋ sé don tír noċ ṫug misi do ċloinn Israel, do ċionn gur ċaṫuiġeaḃair a naġaiḋ mo ḃréiṫre ag uisce Ṁeribah.


Do ḃríġ, ar naiṫniuġaḋ Dé ḋoiḃ, naċ rugadar buiḋeaċus ris; aċd gur líonadar do ḋioṁáoineas ann a smuáintiġiḃ, agus gur dallaḋ a gcroiḋe neaṁṫuigsionaċ.


Aċ do ḃí an TIĠEARNA feargaċ riomsa ar ḃur sonsa, agus níor ḃáill leis méisdeaċd: agus a duḃairt an TIĠEARNA riom, Go maḋ lór ḋuit sin; ná laḃair ní is mó rium fá naḋḃarsa.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan