Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Psailm 99:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Ata an TIĠEARNA a rioġaċd; bíoḋ crioṫnuġaḋ air na poibleaċa: suiġe sé idir na ċerubíniḃ; corruiġeaḋ an talaṁ.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Psalma Ḋaiḃí 1836

1 Ta Dia a Ríoġaċt, a’s críoṫnúġ Bíḋ air a nuile ṡlóiġ; Se ṡuiġeas idir na ċerubíniḋ, ’S an úir do ċriṫ gan ġó.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

1 Is é an Tiarna is Rí ann, dá méid í míḟoiġne na ndaoine: suíonn sé idir na cearúibím, is cuma ċoṁ corraċ ʼsa ḃíos an doṁan.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Psailm 99:1
30 Iomraidhean Croise  

Agus déiriġ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ guna raiḃ maille ris dá ṁuinntir ó Ḃaal‐Iúdah, do ṫaḃairt airce Dé a núas as sin, noċ ainmniġear tré ainm ṪIĠEARNA na slóġ, noċ ċoṁnuiġeas idir na ċerubiniḃ.


Bíoḋ eagla, áir an ndoṁan uile dá laṫair: biáiḋ an talaṁ fós seasṁaċ, ionnus naċ ccorruiġṫear é.


Agus do ḃí ag marcuiġeaċd ar Ċerub, agus deitil sé; deitil go ro lúaṫ ar scioṫánuiḃ na gaóiṫe.


Giḋeaḋ do ċuir misi mo ríġ air mo ċnoc náoṁṫa Sion.


O a aoḋaire Israel, taḃair éisdeaċd, ṫusa noċ ṫréoruiġios Ióseṗ aṁuil ṫréad; deálruiġiḋsi amaċ, noċ ṡuiġios ar na ċeruḃíniġ.


Roiṁe Eṗraim agus Ḃeniamin agus Ṁanasseh corruiḋ súas do neart, agus ttárṫuiġ sinn.


Ní haiṫne ḋóiḃ, agus ní háill léo a ṫuigsin; siuḃluid síad a ndorċadas: atáid uile ḃunáite na talṁan ar na ccorruġaḋ.


A ta an TIĠEARNA a ríoġaċt, atá sé ar na éuduġaḋ ré mórḋaċd; atá an TIĠEARNA ar na éuduġaḋ ré neart, do ċreasruiġ sé é fein: atá an sáoġal fós ar na ḋaingniuġaḋ, go naċ féidir a ċorruġaḋ.


Abraiḋe a measg na ngeinteaḋ, Atá an TIĠEARNA a rioġaċt: daingneoċar fós an doṁan go naċ ccorróċar é: do ḋéana sé breiṫeaṁnus air na poibleaċaiḃ a ḃfíréuntaċd.


Aḋraiḋ an TIĠEARNA a scéiṁ a náoṁṫaċda: bíoḋ eagla oruiḃ roiṁe, a ṫalaṁ uile.


A ta an TIĠEARNA a ríoġaċt; bíoḋ lúaṫġáire air an ttalaṁ; déanaḋ a niomad oiléun gáirdeaċus.


Do ṡoillsiġ a ṫinteaċ an doṁan: do ċonnairc an talaṁ sin, agus do ċrioṫnuiġ sé.


Agus ann sin ṫeigeoṁas misi riot, agus coṁráiḋfe mé riot ós cionn an tsuiḋe ṫrócaire, ó eidir an dá ċearubin noċ atá ar aírc na fiaḋnuisi, do na huile neiṫiḃ do ḃéura me ḋuit a naiṫne do ċloinn Israel.


Do ċumaisg an TIĠEARNA spiorad urċóideaċ ann a lár: agus ṫugadar ar a Négipt seaċránuġaḋ iona huile obair, aṁuil ṫuiteas fear meisce iona sceaṫruiġ.


Do ḋearc mé ar na sléiḃtiḃ, agus, féuċ, do ċrioṫnuiġeadar, agus do ċorruiġeadar na huile ċnoca go héadtrom.


Do ċorruiġ an talaṁ lé torann a ttuitṁe, do ċlos coṁairc a ngoṫa san muir Ruáiḋ.


Naċ ḃfuil eagla oruiḃ roṁamsa? a deir an TIĠEARNA: naċ ccrioṫnoċuiḋe am laṫairsi, noċ do áitreiḃ an gaineaṁ mar ṫéoruinn do nfairge maille ré hórduġaḋ síoṫḃúan, naċ féidir lé ḋul ṫairis: agus mátá go tiomáinfid a tonna íad féin, giḋeaḋ ní ḃéaruid buáiḋ; mátá go ttonnġáirfid, aċt ċeana ní raċuid ṫairis?


Lé torann gaḃṫa na Babiloine do ċorruiḋ an talaṁ, agus do ċlos an ċoṁairc a measc na ccineaḋaċ.


¶ Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, áit mó ċaṫaóire ríoġa, agus áit ḃonn mo ċos iona náitreoċa mé a lár ċloinne Israel go bráṫ, agus mainm náoṁṫa, ní ṡaileoċuiḋ tiġ Israel ní as mó, neaċtar ḋíoḃ, nó a riġṫe le na stríopaċus, nó le conablaċaiḃ a ríoġ iona náitiḃ árda.


Ar a naḋḃarsin a duḃairt se, Do ċúaiḋ duine uasal áiriġe a régión imċían do ġaḃáil rioġaċda ḋó féin, agus dfilleaḋ air a ais.


Aċd do ḃí fúaṫ ag luċd a ċaiṫreaċ ḋó, agus do ċuireadar teaċdaireaċd na ḋiáiġ, ag ráḋ, Ní hail linn é so do ríoġaḋ oruinn.


Taḃruiḋ liḃ ann so, na naiṁde úd agamsa, le nar ḃáill misi do rioġaġ ós a gceann, agus marḃaiḋ am fiaḋnuisi iad.


Uime sin, a ċaired, aṁuil tug siḃ úṁlaċd uáiḃ a goiṁnuiḋe, ní hé aṁáin dom láṫairse, aċd a nois go mórṁór ar mbeiṫ ḋaṁ ḃur ḃféugṁuis, sáoṫruiġe ḃur slánuġaḋ féin maille ré faitċéas agus ré crioṫnuġaḋ.


Ag ráḋ, Beirmíd buiḋeaċas riotsa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ, noċ atá, agus do ḃí, agus ḃías; óir do ġaḃ tú ċugad do ṁórċuṁaċda féin, agus do ġnoḋuiġ tú do ríoġaċd.


Agus do ċonnairc mé caṫaóir ṁór ġeal, agus neaċ áiriġe na ṡuiḋe innte, agár ṫeiṫ talaṁ agus neaṁ roiṁe; agus ní fríṫ a náit.


Agus do imṫiġ neaṁ ṫoruinn mar leaḃrán ḟilltear ar a ċéile; agus do haṫruiġeaḋ gaċ slíaḃ agus gaċ oiléun as a nionaduiḃ féin.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan