Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Psailm 81:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Séidiġ an stoc annsa ngealuiḋ núaḋ, annsa núair ċinte, ló ar ḃféile.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Psalma Ḋaiḃí 1836

3 Séidiġ an stoc ’san ġéaluiḋ nuaḋ, A laeṫiḃ ġnáṫaċ féil;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

3 Séidigí stoc in am na gealaí nua: san am atá ainmniṫe dúinn le féile sollúnta.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Psailm 81:3
23 Iomraidhean Croise  

Féuċ, atáim ag deanaṁ tiġe dainm mo ṪIĠEARNA Dé, da ċoisreagaḋ ḋó, agus do losgaḋ túise déaġḃolaiḋ dá laṫair, agus don narán taisbéanta laeṫeaṁuil, agus do na hofráluiḃ loisge maidin agus tráṫnóna, annsna sabboidiḃ, agus annsna reéiḃ núaḋa, agus a ḃféastuiġiḃ sollamanta ar TTIĠEARNA Dé. Atá so dúalaċ air Israel go bráṫ.


Agus do ḋéantáoi ofráil le teiniḋ don TIĠEARNA, ofráil loiscṫe, nó ioḋbuirt a gcoiṁlionaḋ móide, nó a nofráil ṫoileaṁuil nó ann ḃur ḃféastuiḃ sollamanta, do ḋéanaṁ deaġḃólaiḋ don TTIĠEARNA, do nealḃḋa, nó don tréud:


Agus an tan dféaċ Iúdah na ndiáiġ, féaċ, do ḃí an caṫ rompa agus na ndiáiġ: agus do ġoireadar air an TTIĠEARNA, agus do ṡéideadar na sagairt na stuic.


Agus, féuċuiḋ, atá Día féin linne mar ċaiptin oruinn, agus a ṡagairt ag fuáimniġ re stocuiḃ dfógra briste oruiḃse. O a ċlann Israel, ná troidiġ a naġaiḋ an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ; óir ní éireoċuiḋ se liḃ.


Mar an gcéadna na Leḃítiġ do ḃí na luċd ceóil, slioċd Asaṗ, agus Heman, agus Iedutun uile, maille re na macaiḃ agus le na ndearḃráiṫriḃ, ar na néaduġaḋ a líneadaċ ġeal, agus cimbail aca agus saltraċa agus cláirseaċa, do ṡeasadar ág an ċeann ṡoir don naltóir, agus céud agus fiṫċe sagart maille ríu ag déanaṁ ḟuáime re stocuiḃ:)


Agus ag Héman agus Iedutun do ḃádar stuic agus cimbail don luċd do ḋéanaḋ fúaim, agus aḋḃaḋa ciuil Dé. Agus dob íad mic Iedutun na doirseóiriġ.


Benaiah mar an ccéadna agus Iahasiel na sagairt maille re stocaiḃ a ccoṁnuiḋe as coinne airce ċunnarṫa an TIĠEARNA.


Agus Sebaniah, agus Iehosaṗat, agus Netaneel, agus Amasai, agus Saċariah, agus Benaiah, agus Elieser, na sagairt, do ṡéideadar stuic roiṁe airc Dé: agus do bé Obed‐edom agus Iehiah buḋ coiṁéaduiġe ḋoruis don aírc.


Agus a duḃairt seision, Cred as a raċfá ċuige a niuġ? ní ré núaḋ, nó saóire atá ann. Agus a duḃairt sisi, Biaiḋ go maiṫ.


Seaċd lá ċoiṁéadfas tú féasta sollamanta dot ṪIĠEARNA Día san náit noċ ṫoiġfeas an TIĠEARNA: do ċionn go mbeinneoċuiḋ do ṪIĠEARNA Día ṫú ion huile ḃiseaċ, agus ion huile oibreaċa do láṁ, nime sin go deṁin do ḋéana tú gáirdeaċus.


¶ Agus a ttosaċ ḃur míos ofrálfuiḋe ofráil loiscṫe don TIĠEARNA; ḋá ḃulóig óga, agus éainreiṫe, seaċd nuáin don ċéidḃlíaḋuin gan ċáiḋe;


Uime sin ná daṁnuiġeaḋ éínneaċ siḃ ar son ḃíḋ, ná ḋíġe, ná a dtáoḃ láe saóire, ná fan ré nuáiḋ, ná a dtáoḃ na sabbóideaḋ:


Feuċ air na sléiḃtiḃ cosa an té do ḃeir nuáiḋeaċta maiṫe leis, ḟuagras síoḋċáin! a Iúdah, coimbéad do ḟéastaḋa sollamonta, coṁaill do ṁóide: óir ní ġéaḃuiḋ an droċḋuine ní sa mó ṫríod; do gearraḋ amaċ go hiomlan é.


Agus rug sé as go hégiontaċ a ṫiġ, mar do ḃíaṫ aṁuil gáirdín: do sgrios sé aíte a ċoṁṫionnail: ṫug an TIĠEARNA fa deara na féustuign sollamonta agus an tsaóire do ḋearmad a Sion, agus do ṫarcuisniġ sé a tteas a ḟeirge an sagart agus an ríġ.


Re trumpaḋuiḃ agus re guṫ an ċornet déanaiḋ fuaim lúaṫġáireaċ ós ċoinne an TIĠEARNA, an Ríġ.


Eaḋon do réir ṁiosúir áiriġ gaċ laói, ofrail do réir aiṫne Ṁaóise, ar na Sabboidiḃ, agus air na reéiḃ núaḋa, agus air na féustaiḃ sollamanta, trí huáire san mbliaḋain, eaḋon a ḃféasta a naráin gan loiḃín, agus a ḃféasta na seaċdṁuineaḋ, agus a ḃféasta na ttabernacuil.


Agus do laḃair Dáiḃi ré húaċdarán na Leḃíteaċ a ndearḃráiṫre dórduġaḋ do ḃeiṫ na luċd ceóil air aḋḃaġuiḃ ciúil, air ṡaltraċuiḃ, agus ċlairseaċuiḃ, agus ċimbaluiḃ, ag déanaṁ fuaime, re tógḃáil goṫa ós áird le luaṫġáir.


Marsin do hórduiġeaḋ an luċd ceóil, Héman, Asaṗ, agus Etan, do ṡeinm ar ċimbaluiḃ uṁa;


Tuilleaṁ fós do ḋealuiḋ Dáiḃi, agus caiptíniġ an tslóiġ do ṡeirḃís ṁac Asaṗ, agus Heman, agus Iedutun, noċ do ḋéanaḋ fáiġeadóireaċd le cláirseaċaiḃ, agus le saltraċaiḃ, agus le cimbaluiḃ: agus do bé uiḃir an luċd oibre do réir a serḃíse:


Molaiḋ an TIĠEARNA ris an ccláirsiġ: re psaltair re hionstrumeint ḋeiċ ttéud canuiḋ ḋó.


Molaidís ainm air bpíob: air an tábur mbig agus air an gcláirsiġ canaidis salm ḋósan.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan