Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Psailm 102:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 A ṪIĠEARNA, cluinn murnaiġ, agus tigeaḋ mo ċoṁairc ċugadsa.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Psalma Ḋaiḃí 1836

1 Re m’urnaiġ éist a Ṫi’arna Dia, A’s mo ġlaoiḋ tigeaḋ ċúġad;

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

An tSaltair nó Sailm Ḋáiḃí 1965 (Ó Cuinn)

1 Éist lem urnaí, a Ṫiarna: tagaḋ mo ġlaoċ ċugat.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Psailm 102:1
28 Iomraidhean Croise  

¶ Annsin déirġeadar na sagairt, agus na Leḃitiġ agus do ḃeannuiġeadar an pobal: agus do héisdeaḋ a nguṫ, agus ṫáinic a nguiḋe dá áit ċoṁnuiġ náoṁṫasan, eaḋón go flaiṫeaṁnus.


Ar son sáruiġṫe na mboċd, ar son osnaḋaċ na neasḃaḋaċ, anois éireoċa mé, (a duḃairt an TIĠEARNA); cuirfé mé eision a neaṁbaoġal ón té do ċuirfeaḋ a ngaiste é.


Agus atá mo spiorad claóiḋte ionnam; atá mo ċroiḋe ionnam a stiġ mearuiġṫe.


Déan deiṫnios, cluin mé, a ṪIĠEARNA: atá mo spiorad ag meirtniuġ: ná foluiġ haġaiḋ uáim, deagla go mbéinn cosṁuil ris an ndroing noċ ṫéid síos annsa log.


Coiṁlíonfa sé mían na druinge air a ḃfuil a eagla: agus cluinfe sé a ngáir, agus sáorfa sé íad.


Ann maṁgar do ġoireas aír mo ṪIĠEARNA, agus déiġios air mo Ḋía: do ċúaluiḋ sé ó na ṫeampull mo ġuṫ, agus do ċuáiḋ méiġṁe ós a ċoinne, iona ċlúasaiḃ.


Cluin múrnuiġ, a ṪIĠEARNA, agus taḃair éisteaċd dom ċoṁairc; ná bí boġar rem ġul: óir is coigcríġe mé agadsa, am ċoiṁiġṫeaċ, mar maiṫreaċa uile.


Cuiṁniġim na neiṫesi, agus dóirtim orum amaċ manam: óir dó ċuáiḋ mé ris an ccoiṁṫionól, do ċuáiḋ mé léo go tiġ Dé, lé guṫ lúaṫġáire agus molta, le hiomad ag congṁail láoi féile.


Eíst ré guṫ mo éiġṁe, ó mo Ríġ, agus mo Ḋía: óir is ċugadsa ġuiḋfeas mé.


O ṫéorannuiḃ na talṁan eiġfiod ċugadsa, a núair ḃíos mo ċroiḋe fa ṫuirse: tréoruiġ mé ċum na cairge is áirde na mé.


Cuiriḋ ḃur ndóiġ ann a ccoṁnuiġe; siḃsi a ḋaoine, dóirtiġe amaċ ḃur ccroiḋe dá laṫair: isé Día is dídion ḋúinn. Selah.


Do ċuiṁniġ mé ar Ḋía, agus do ḃí mé buáiḋearṫa: do ġearán mé, a nuair do ḃí mo spiorad ar na iomḃáṫaḋ. Selah.


Agus tárla a gcionn aimsire go ḃfuáir ríġ na Hégipte bás: agus do ḃáder clann Israel ag osnaḋuiġ tré ṁéid a ndaóirse, agus do eiġṁeadar, agus ṫáinic a néiġṁe súas ċum Dé tré na ndáoirse.


Dfoluiġ tú ṫú féin lé néull, iondus naċ raċaidís ar nurnaiġṫe ṫríd.


Mar an ccéadna a nuáir ċoṁaircim agus ġáirim, congṁuiḋ sé murnaiġ amaċ.


Agus ar mbeiṫ a nanḃuain ṁóir ḋósan do rinne sé urnuiġe ní as díṫċiolluiġe: agus do ḃí a allas mar ḃráona mora fola ag tuitim ar talaṁ.


Noċ a laéṫiḃ a ḟeóla, do ḟoráil úrnuiġe agus guiḋe maille ré héiġṁe láidir agus ré déuruiḃ ar an tí agá raiḃ cúṁaċda a ṡáorṫa ó ḃás, agus do héisdeaḋ ris mar an gcéudna tré na ḋéaġḟaitċeas:


Agus do ċuireadar úaṫa na deé coiṁiṫeaċa ó ḃeiṫ na measc, agus daḋradar an TIĠEARNA: agus do ḃí doilġios ar a anum san tré ḃoċduine Israel.


A máraċ timċioll na húairesi cuirfe mé duine ċugad as tír Ḃeniamin, agus ungfuiḋ tú é ċum ḃeiṫ na ċaiptín ós cionn mo ṗobail Israel, go sáorfa sé mo ṗobal ó láiṁ na Ḃṗilístineaċ: óir dféaċ mé air mo ṗobal, do ċionn go ttáinic a ccoṁairc ċugam.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan