Biblia Todo Logo
Bìoball air-loidhne

- Sanasan -




Ṗilémoin 1:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Giḋeaḋ ċeana tré ġráḋ is usa liom impiḋe ċur ort, ar mbeíṫ ḋaṁ mar Ṗól ḟoirfe, agus a noir fós um ṗríosúnaċ ar son Iósa Críosd.

Faic an caibideil Dèan lethbhreac

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 is é is fearr liom impiḋe do ḋéanaṁ ort, ar son an ġráḋa, agus gur mise Pól atá im’ ṡean‐ḟear, agus im’ ṗríosúnaċ anois ar son Íosa Críost:

Faic an caibideil Dèan lethbhreac




Ṗilémoin 1:9
17 Iomraidhean Croise  

Anois fós a núair atáim sean agus líaṫ, a Ḋé, ná tréig mé; go ttaisbeana mé do neart don ġinealaċso, agus do ċuṁaċda do nuile ḋuine ṫiucfas.


Ná teilg seaċad mé a naimsir mo ṡeanaoise; a nuáir ḟailliġios mo neart na tréig mé.


Is coróin ġlóire an ceann líaṫ, ar na ḟáġail a sliġe a nionracuis.


Agus go nuige a naóis ḟoirfe is misi féin é; agus fós go nuige an ḃfolt líaṫ iomċora mé: is misi do rinne, agus is mé iomċorus; iomċora mé, agus sáorfa mé siḃ.


Ar a naḋḃarsin sirim daṫċuinge oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫaḃairt na ḃéo-ioḋbairt, náoṁṫa, geanaṁail do Ḋía, ḃur seirḃís réusúnta.


Uime sin is teaċdaireaḋa sinn as uċd Ċríosd, aṁuil do ċuirfeaḋ día impiḋe oruiḃsi ṫrídne: iarrmaóidni daṫċuinge oruiḃ as uċd Ċríosd, bíġiḋ réiḋ ré Día.


Agus ar mbeiṫ ḋúinne, ag cungnaṁ rision, íarrmuid fós daṫċuinġe oruiḃ gan ġrás Dé do ġaḃail ċuguiḃ do díoṁaóin.


Oír atá siḃ uile ḃur gcloinn ag Día tré ċreideaṁ a Niósa Críosd.


Ar a naḋḃarsa atáimse Pól, um ḃráiġe Díosa Críosd ar ḃur sonsa a Ċíneaḋaċa,


Uime sin, sirimse air mbeiṫ um ḃráiġe ar son an Tíġearna, daṫċuimġe oruiḃ síuḃal dáoiḃ mar is iomċuḃaiḋ do ġairm ċum ar goireaḋ siḃ,


Dá ḃfuilim um ṫeaċdaire a ngéiḃeann: ionnus go ndéunuinn danaċd laḃarṫa as, mar as éigean daṁ láḃairt.


Ar a naḋḃarsin beirim buiḋeaċas ris an tí do neartuiġ mé, Iósa Críosd ar Dtíġearna, do ḃríġ gur ṁeas sé mo ḃeiṫ díleas, dom ċur sa miniosdralaċd;


Eaḋon dáoine áosda do ḃeiṫ aireaċ, trómġa, measárġa, diongṁálta a gcréideaṁ, a ngráḋ, agus a ḃfoiġid.


Agus as móide ṡírim so oruiḃ, ionnus go maḋ lúaṫaide ġeáḃus siḃ mé aiseag ḋíḃ a rís.


A ċaired gráḋaċ, íarruim daṫċuinge oruiḃ mar ḋéoruiḋiḃ agus oilirṫiḃ, siḃ féin do ṡeaċna ar ainṁíanuiḃ na colla, noċ ḃíos ag cáṫuġaḋ a naġuiḋ a nanma.


Agus is aṁluiġ ḃías, a nuáir ṫiocfaid a naiṫre nó a ndearḃráiṫre do ċasaóid rinne, go naibéoram ríu, Biṫi muinntearḋa ríu air ar soinne: do ċionn nar ṡáḃálamar a ḃean féin dá gaċ nduine annsa ċogaḋ: óir ní siḃsi ṫug ḋóiḃ a nuairsi, as go mbíaḋ siḃ ciontaċ.


Lean sinn:

Sanasan


Sanasan